Tadhg Dall Ó hUiginn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Is barúntacht suite i gContae Shligigh í Luíne, áit a rugadh Tadhg Dall Ó hUiginn

File clasaiceach Gaelach ba ea Tadhg Dall Ó hUiginn (c. 1550- c. 31 Márta 1591) ar dhuine d’fhilí móra na nGael.[1] Ba cheann de na filí is iomráití é, ó ré-dhéanach na bhfilí Gaelach. "Chum sé filíocht a thugann pléisíúr agus taitneamh fós ceithre chéad bliain tar éis a ceaptha lena grástúlacht agus a hornáideacht, le líofacht agus foirfeacht na teanga inti".[2]

Tugann a shaol léargas dúinn ar na filí, ar na huaisle, ar thuaisceart Chonnacht agus ar stair na nGael sa 16ú hAois.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Tadhg Dall ina bhall de theaghlach d'fhilí gairmiúla ó thuaisceart Chonnacht. Tá ainm a mháthar anaithnid. Ba é Mathghamhain Ó hUiginn, file a d’éag 1585, athair Thaidhg Dhaill; mac eile leis ba ea Maol Muire (d’éag c.1590) a bhí ina ardeaspag ar Thuaim. I Luighne, Co. Shligigh, a bhí cónaí ar Mhathghamhain.[2]

Bhí muintir Uiginn in ann, dar leo féin, a nginealach a rianú siar go dtí Niall Naoighiallach.[2]

Is dóigh gurbh i Luíne a rugadh an tUiginneach, barúntacht Luighne i gContae Shligigh.[3] Tá cruthú ar an dáta 1550 i gcaipéis in Oifig na nAnnála Poiblí faoi Mhaitiú Ó hÚiginn ó 'Dougharane' a fuair bás ar an 9 Eanáir 1558 agus a raibh a shealúchas mar ábhar fiosrúcháin i Sligeach ar an 27 Iúil 1590.[4][5]

Is in áit ar theorainn Chontae Shligigh agus Mhaigh Eo, san áit a dtugtar Caisleán an Dumha[6] inniu air (suite i gCoistealaigh), a d'fhás sé suas. Bhí sé i gCúil re Coill[7] nuair a d'éag sé ar 31 Márta 1591 is cosúil.[2]

Radharc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur glaodh 'Dall' ar an tUiginneach, níl aon fhianaise go raibh sé dall.[2] Tuigtear, áfach,go raibh sé 'gearr-radharcach' nó 'ar leathshúil', b’fhéidir. Thug file amháin ‘Tadhg tuadhall’ air : tuairimíonn Knott go gciallódh sin é a bheith dall sa tsúil chlé.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na dánta leis is minice a luaitear: ‘Nodlaig do-chuamair don Chraoibh’;[8][9] ‘Fearann cloidhimh críoch Bhanbha’; ‘D’fhior chogaidh comhailtear síothcháin’; ‘Tógaibh eadrad is Éire’.[2]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Darach Ó Scolaí. "Sraith - Scéalta Staire - Tadhg Dall Ó hUiginn (Leabhar Breac)" (ga). An Siopa Gaeilge. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 "Ó hUIGINN, Tadhg Dall (1550–1591)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-31.
  3. "Luíne/Leyny" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-31.
  4. Deirtear sa cháipéis : ;Tadeus vulgariter dictus Teg Dall Ó Higyn est proximus et legitimus heres predicti mathei qui nunc est etatis quadragintorum annorum et maritatus'.
  5. Níl an logainm Dougharane níl ainm cosúil leis ar aon bhaile fearainn i Sligeach anois ach bhí an t-ainm 'Ducharne' (?Gaeilge: Dúcharn) ar bhaile fearainn i bparóiste Achadh Chonaire sna Hearth Money Rolls agus is dócha gurb ionann iad.
  6. "Caisleán an Dumha/Doocastle" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-03-31.
  7. "Cúil re Coill/Coolrecuill" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  8. bardic.celt.dias.ie. ""Nodlaig do-chuamair don Chraoibh"". Dáta rochtana: 2021.
  9. MARGO GRIFFIN-WILSON (2012). "Review of Tadhg Dall Ó hUiginn: His Historical and Literary Context. Irish Texts Society Subsidiary Series 21". Béaloideas 80: 234–239. ISSN 0332-270X. 
  10. Tadhg Dall Ó Huiginn; Internet Archive (1922). "A bhfuil aguinn dár chum Tadhg Dall Ó Huiginn (1550-1591) : idir mholadh agus marbhnadh aoir agus ábhacht iomarbháigh agus iomchasaoid". Lúndain : Simpkin, Marshall, Hamilton, Kent & co., ltd. d'fhoillsigh ar son Chumainn na sgríbheann Gaedhilge. 
  11. "The bardic poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (1550–1591)". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-01.
  12. "Tadhg Dall Ó hUiginn: His Historical and Literary Context Subsidiary Series 21 | Litríocht" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-04-01.