Fearghal Óg Mac an Bhaird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFearghal Óg Mac an Bhaird
Beathaisnéis
Breith1550 (Féilire Ghréagóra)
Bás1620
69/70 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File iomráiteach ba ea Fearghal Óg Mac an Bhaird (c.1550–1620) lena linn. Tá sé ráite faoi go raibh sé “ar dhuine de mhórfhilí gairmiúla sin Chúige Uladh a chonaic an dá shaol”: cúrsaí 1585–1620 agus teacht Shéamais I san áireamh, agus saol seanbhunaithe an aosa léinn.[1]

Ba é Fearghal Mac an Bhaird (d’éag in 1550) a athair agus is cosúil gur timpeall 1577 a chuaigh sé i mbun a cheirde. I measc na bpátrún a bhí aige faighimid Brian na Múrtha Ó Ruairc, Toirdhealbhach Luineach Ó Néill, Aodh Mhág Aonghusa. Cormac Ó hEadhra, agus Cúchonnacht Mag Uidhir. Ar nós a lán filí eile d’fháiltigh sé roimh Shéamus I agus é ina rí Stíobhartach ar Éirinn. In 1601 bhí sé ag iarraidh a bheith ina ollamh ag Aodh Rua Ó Domhnaill, rud a theastaigh go géar uaidh, agus bhí olc air i ndiaidh bhás Aodha Rua nár thug Ruairí Ó Domhnaill dó í.[1]

Bhí sé pósta ar Mháire, deirfiúr le Tadhg mac Dáire Mac Bruaideadha, ollamh larla Thuamhumhan.[1]

Bhí sé in Albain in 1603 agus fuair pátrúnacht ann. Tá sé le tuiscint as dán dá chuid gur namhaid a thug air Éire a fhágáil.[1]

Is cosúil gur cuireadh as seilbh é uair éigin i ndiaidh 1616. Chuaigh sé go dtí Lováin ar lorg pátrúnachta. Bhí sé bocht go leor ar feadh tamaill, agus i Lováin a fuair sé bás.[1]

Sliocht as “Truagh do bheatha, a bhean a-réir!”[2][cuir in eagar | athraigh foinse]

Truagh do bheatha, a bhean a-réir!
an ngoilleann ort féin mar taoi?
ní chuala féin thuaidh ná theas
leath th'ainnise ar fhear ná ar mhnaoi.
Ar chréatúir dár chruthaigh Dia
ní chuala riamh leath bhar n-olc;
don duine is boichte fán ghréin
ní thiubhrainn féin mo dhéirc thort.
Gach martra dá bhfuilngeann tú,
gach crádh croidhe, a chúl na sreath,
dá bhfuilngeadh sibh ar son Dé,
do rachthá gan péin ar neamh.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 ”Fearghal Mac an Bhaird” in Ainm.ie: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1329
  2. Fearghal Óg Mac an Bhaird, “Truagh do bheatha, a bhean a-réir!” in CELT: The Corpus of Electronic Texts: https://celt.ucc.ie/published/G402327/index.html