Jump to content

Dán díreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dán díreach a thugtar ar fhilíocht Ghaeilge i meadarachtaí siollacha mar a bhí sí á scríobh ag filí oilte gairmiúla in Éirinn agus in Albain idir na blianta 1200 agus 1600.

Is iomaí ábhar a bhíodh á gcíoradh sa dán díreach ach ba iad an dán adhmholta agus an marbhna is mó a bhíodh á gcumadh. Tá aortha agus dánta pearsanta ar marthain ach ní mór an méid acu a tháinig slán. Tá sé maíte go mb’fhéidir gur iarsma den phágántacht a bhí sa dán adhmholta agus é de chumhacht aige rath a chur ar an bhflaith. Tá sé maíte freisin gurbh oifigeach i gcúirt an taoisigh é an file agus go dtugtaí ómós dó dá réir. Bhí súil ag an bhfile i gcónaí go bhfaigheadh sé cúiteamh fial as a shaothar.[1]

Bhí scoileanna dá gcuid féin ag an aos dána agus bhí ar an dalta máistreacht a fháil ar chastacht na healaíne agus eolas a fháil ar stair agus ar litríocht na hÉireann. B'éigean don dalta freastal ar an scoil ar feadh sé nó seacht de bhlianta sula n-éireodh leis an chéim ab airde a bhaint amach - an tOllamh.[1]

Canúint chaighdeánta liteartha a bhí á húsáid ag na filí, canúint a mhair gan athrú anuas go dtí lár an 17ú haois, d’ainneoin na n-athruithe a bhí ag teacht ar chaint na ndaoine.[1]

Tá na meadarachtaí casta go leor agus tá fuaimniú ársa traidisiúnta acu a bhí an-difriúil le caint na ndaoine fiú sa tréimhse mheánaoiseach. Déantar consain shéimhithe a fhuaimniú idir gutaí agus ag deireadh focail mar a fhuaimnítear iad ag tús focail. Focail dháshiollacha is ea aghaidh, croidhe agus nighe; focail thríshiollacha is ea fiodhbhaidhe agus fleadhughadh. Coinnítear bunfhuaim an chonsain agus coinnítear fuaim an ghutha roimhe dá bharr, i dtreo go bhfuil rím iomlán idir na bpéirí seo: aghaidh & anaidh | croidhe & goile |cumha & dula | fiodhbhuidhe & ionmhuine | fleadhughadh & seanUladh | éinionadh & réidhioghadh.[2]

Rud eile atá ag teastáil chun dán díreach ceart a chumadh is é an dúnadh é. Caithfear an dán a chríochnú leis an líne thosaigh nó, ar a laghad, leis an gcéad fhocal.[2]

Caithfidh consain a bheith ar aon rang chun rím a dhéanamh le chéile. Tá sé rang consan ann:

1. Rang “b”: déanann b, g & d rím le chéile (mar shampla: gad & lag | foda & coda| géag & séad | leanab & sealad).

2. Rang “c”: déanann c, p & t rím le chéile (mar shampla: cnoc & sop | maca & slata).

3. Rang “ch”: déanann ch, ph & th rím le chéile (mar shampla: sgeach & cleath | Life & ithe | eich & beith).

4. Rang “bh”: déanann bh, gh, dh, l, mh, n & r rím le chéile (mar shampla: neamh & feadh | taraidh & adhaigh | ionadh & iodhan | teagh & treabh | eibhe & meile).

5. Rang “ll”: déanann ll, m(m), ng, nn & rr rím le chéile (mar shampla: mall & barr & crann & am | long & fonn & corr | druim & tuill | cluineam & fuigheall). Nuair a thagann consain den rang seo idir gutaí (i lár focail) nó guta fada a bheith rompu, is féidir leo rím a dhéanamh le rang “bh” (mar shampla: cruinne & buille | cruinne & uile | ciall & iarr | ciall & rian | féin & céim).

6. Rang “s”: déanann s rím leis féin amháin.[2]

Tá seacht siolla i ngach líne sa chuid is mó de na meadarachtaí. Ní mór siolla a bhá más gá é a dhéanamh ar son na huimhreach cuí siollaí.

Tá cuid de na meadarachtaí is coitianta le fáil mar a leanas.

  • Úsáidtear rinn agus airdrinn – i.e. déanann focal deiridh línte 1 agus 2 rím le siolla neamhaiceanta i bhfocal deiridh línte 2 agus 4.
  • Ní mór dhá rím inmheánacha a bheith idir línte 3 agus 4.
  • Caithfidh dhá fhocal i ngach líne uaim a dhéanamh le chéile.
  • Caithfidh focal deireanach líne 4 uaim a dhéanamh leis an bhfocal aiceanta roimhe.[2]

Sampla:

Tugtha d’Albain na sreabh seang
a cóir féin d’inis Éirinn,
críoch aimhréidh na n-eas mbanna,
suil bheas aimhréidh eatarra.

(Ba cheart d’Albain na sruthán seang a cóir féin a thabhairt d’inis na hÉireann, críoch aimhréidh na n-easanna lonracha, sula mbeidh aighneas eaturtha.)

Rannaigheacht Mhór agus Rannaigheacht Bheag

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Rannaigheacht baintear feidhm as aicill (b2): rím idir an focal deiridh i líne amháin agus focal i dtús nó i lár an chéad líne eile.

  • Caithfidh focail deiridh línte 2 agus 4 rím a dhéanamh le chéile.
  • Caithfidh focail deiridh línte 1 agus 3 a bheith comhfhoghrach leo siúd (i.e. baineann an consan deiridh leis an rang céanna ach tá a mhalairt de ghuta ann).
  • Caithfidh dhá rím inmheánacha ar a laghad a bheith i ngach leathrann.
  • Caithfidh focal deiridh líne 3 rím a dhéanamh le focal i lár líne 4 (aicill).
  • Caithfidh dhá fhocal i ngach líne uaim a dhéanamh le chéile.
  • Caithfidh focal deiridh líne 4 uaim a dhéanamh leis an bhfocal aiceanta roimhe.[2]

Sampla:

Éistidh riomsa, a Mhuire mhór,
do ghuidhe is liomsa badh lúdh,
do dhruim réd bhráthair na bíodh
a Mháthair Ríogh duinn na ndúl.

(Éist liomsa, a Mhuire Mhór, do ghuí is liomsa ba lú, do dhroim led' bhráthair ná bíodh, a Mháthair Rí dúinn na ndúl.)

  • Caithfidh dhá rím inmheánacha a bheith idir línte 3 agus 4.
  • Caithfidh focail deiridh 2 agus 4 rím a dhéanamh le chéile.
  • Caithfidh focal deiridh líne 3 rím a dhéanamh leis an bhfocal aiceanta roimh an bhfocal deiridh i líne 4.
  • Caithfidh focal deiridh líne 1 uaim a dhéanamh leis an bhfocal aiceanta ina dhiaidh i líne 2.
  • Caithfidh dhá fhocal i ngach líne uaim a dhéanamh le chéile.
  • Caith an focal deiridh i líne 4 uaim a dhéanamh leis an bhfocal aiceanta roimhe.[2]

Sampla:

Ní fhuil a nÉirinn ná a nAlbain
Aonghas mar thusa, a thaobh seang:
Aonghais fháid bhraonghlais an Bhrogha,
láid, a Aonghais, comha ad cheann.

(Níl Aonghus mar thusa in Éirinn ná in Albain, a thaobh seang: cuireann na hAonghuis atá ina gcónaí ar fhód braonghlas an Bhrú, a Aonghuis, bronntanais chugat.)

  1. 1.0 1.1 1.2 Williams, J.E. Caerwyn & Ní Mhuiríosa, Máirín. Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta, 1979: lgh 152-162.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 Knott, Eleanor. An Introduction to Irish Syllabic Poetry of the period 1200-1600, with selections, notes and glossary. Cork University Press, 1934, 1957.

Meyer, Kuno. A Primer of Irish Metrics with a glossary, and an appendix containing an alphabetical list of the poets of Ireland. Dublin. School of Irish Learning. Hodges, Figgis, & Co., Ltd, 1909 [1]