Tuama Dingeach Bhaile Éamainn Duibh
Cuma
Tuama Dingeach Bhaile Éamainn Duibh | ||||
---|---|---|---|---|
Sonraí | ||||
Cineál | Suíomh seandálaíochta agus tuama dingeach ![]() | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath, Éire agus Gleann Cuilinn, Éire ![]() | |||
| ||||
Tuama dingeach áiléir agus Séadchomhartha Náisiúnta i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin, Éire is ea Tuama Dingeach Bhaile Éamainn Duibh.[1][2][3][4]
Suíomh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Tuama Dingeach Bhaile Éamainn Duibh le feiceáil ar fhána oirdheisceart shliabh Binn Dá Charraig in aice le Gleann Cuilinn.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tuama dingeach ón gCré-umhaois luath é seo, ó timpeall 1700 R.Ch., agus bhí sé suite i réiteach beag i bhforaois sular gearradh na crainn timpeall air in 2020.
Tochlaíodh an tuama sna 1830í agus ansin arís sna 1940dí; le linn na tochailte seo thángthas ar chnámh créamtha, casúr cloiche snasta, breochloí agus potaireacht. Tá cruth U ar an tuama agus tá ballaí dúbailte ann; tá an seomra dronuilleogach roinnte ina thrí chuid.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Past (10 June 2013). “Ballyedmonduff Wedge Tomb, Co. Dublin”.
- ↑ “megalithomania: Ballyedmonduff (Dublin) :: Wedge Tomb :: Visit notes”.
- ↑ “Ballyedmonduff”.
- ↑ “Ireland In Ruins: The Giant's Grave Co Dublin” (29 June 2012).