Jump to content

Na Cluichí Gaelacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá sna cluichí Gaelacha ná réimse spórt dúchais na hÉireann. Is iad peil Ghaelach na bhfear, peil Ghaelach na mban, iománaíocht, camógaíocht, cluiche corr agus liathróid láimhe na cluichí Gaelacha.

Is iad an pheil Ghaelach agus an iománaíocht na cinn is mó tóir in Éirinn, agus is é an Cumann Luthchleas Gael (CLG) an cumann a reachtálann iad. Tá cluichí Gaelacha ann do mhná freisin, arna reachtáil ag Cumann Pheil na mBan agus An Cumann Camógaíochta. Bíonn rialacha éagsúla i gceist idir cluichí na bhfear agus cluichí na mban, agus ar an iomlán tá siad an-chosúil.

Imrítear na cluichí Gaelacha ar fud an domhain, agus tá siad ar na spóirt is mó tóir in Éirinn. Múintear na cluichí agus leagtar béim ar stair na gcumann mar chuid de churaclam bunscoile na hÉireann.

Tá stair an-fhada ag cluichí Gaelacha, go mór mhór ag iománaíocht, cluiche a bhí ar siúl ag na Ceiltigh. Sa naoú haois déag, áfach, thosaigh laghdú ag teacht ar na cluichí seo. Fear é Micheal Cusack a bhí tugtha don Ghaeilge, agus bhí an-imní air freisin faoin laghdú. Shocraigh sé aghaidh a thabhairt ar an gceist agus na cluichí a thabhairt chun fóirfe arís. Chas sé le roinnt daoine eile a bhí chomh díograiseach céanna leis féin. Is de bharr an fheachtais seo a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1884 i nDurlas, Contae Thiobraid Árann.

Murach bunú an chumainn agus iarrachtaí an uasail Cusack, is cinnte nach mbeadh na cluichí Gaelacha againn inniu. Thug an Cumann deis do dhaoine a bheith páirteach sna cluichí, chuidigh sé leis an mbród agus a bhféinmheas mar phobal Éireannach. Tá fréamhacha an chumainn fite fuaite sa bpobal ag leibhéil éagsúla, sa pharóiste, sa chontae, go réigiúnach agus go náisiúnta. Tá an eagraíocht ar cheann de na cinn is mó ar domhan. Tá 3,000 cumann nó níos mó acu, agus is mór an líon a thagann faoi thionchar an chumainn sa gcóras oideachais ach go háirithe. Fiú, tá cluichí Gaelacha le fáil ar fud an domhain. Imrítear craobh ceannais na gcluichí i bPáirc an Chrócaigh Bhaile Átha Cliath.

Na Cluichí Gaelacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Aidan O'Mahony (Ciarraí) agus Eoin Bradley (Doire) sa tSraith Náisiúnta in 2009

Féach Peil Ghaelach

Bíonn 15 imreoir in aghaidh na foirne sa pheil Ghaelach, agus imrítear an cluiche le liathróid ar pháirc dronuilleogach ar a bhfuil cuaillí i gcruth "H" ar an dá thaobh. Is é an príomhsprioc pointí a bhaint amach tríd an liathróidh a bhualadh isteach sa chúl, ar a dtugtar cúl (bronntar 3 phointe air sin) nó an liathróid a bhualadh thar an trasnán, ar a dtugtar pointe (bronntar scór amháin air sin). Bíonn an bua ag an bhfoireann a bhfuil an scór is airde aici ag deireadh an chluiche. Tá miondifríochtaí sna rialacha i gceist le peil Ghaelach na mban, ach tá leagan amach na bhfoireann agus an chluiche mar an gcéanna. Imrítear formáidí eile thar lear san Eoraip nó san Astráil ar pháriceanna sacair nó rugbaí, ina mbíonn 7 nó 11 imreoir in aghaidh na foirne.

Iománaíocht & Camógaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Iomáint agus Camógaíocht

David Collins (Gaillimh) and Eoin Kelly (Tiobraid Árann) sa tSraith Náisiúnta in 2014

Bíonn 15 imreoir in aghaidh na foirne san iománaíocht (camógaíocht a thugtar ar an gcluiche do mhná), agus imrítear an cluiche le bata (ar a dtugtar camán) agus le liathróid beag (ar a dtugtar sliotar). Imrítear an cluiche ar pháirc dronuilleogach ar a bhfuil cuaillí i gcruth "H" ar an dá thaobh. Is é an príomhsprioc pointí a bhaint amach tríd an liathróidh a bhualadh isteach sa chúl, ar a dtugtar cúl (bronntar 3 phointe air sin) nó an liathróid a bhualadh thar an trasnán, ar a dtugtar pointe (bronntar scór amháin air sin). Bíonn an bua ag an bhfoireann a bhfuil an scór is airde aici ag deireadh an chluiche. Tá an chamógaíocht an-chosúil leis an iománaíocht, ach tá miondifríochtaí sna rialacha. Imrítear formáidí eile thar lear san Eoraip nó san Astráil ar pháriceanna sacair nó rugbaí, ina mbíonn 7 nó 11 imreoir in aghaidh na foirne. Tá an iománaíocht á himirt le níos mó na 3000 bliain, agus tugtar le chéile scileanna a bhíonn in úsáid i spóirt eile, ar nós lacrosse, haca nó daorchluiche.

Liathróid láimhe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cluiche liathróide láime ag cúirt in Éirinn sna 1930aí

Féach Liathróid láimhe

Spóirt aonair is ea an liathróid láimhe, ina n-úsáideann imreoirí a lámha chun liathróid a bhualadh in aghaidh balla. Tá formáidí éagsúla ann, ag brath ar an mballa nó a cúirt a úsáidtear, agus ar an liathróid a úsáidtear. Imrítear liathróid láime i 30 tír ar fud an domhain.

Féach Cluiche corr

Imrítear cluiche corr le bata agus le liathróid. Tá sé an-chosúil le daorchluiche.



Na Cluichí Gaelacha

Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr |