Camógaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'esportCamógaíocht
Cineálspórt foirne

Spórt ceilteach is ea camógaíocht a imrítear in Éirinn don chuid is mó. Saghas iománaíochta do mhná atá inti.

An cluiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

Camán agus sliotar.

Uirlisí agus cultacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear camógaíocht le camán cosúil leis an iomáint, ach amháin gurb iad na mná a imríonn an chamógaíocht. Imrítear an cluiche le liathróidsliotar a mheánn idir 90 agus 110 gram.

Tá sé riachtanach do gach imreoir san fhoireann an geansaí céanna a chaitheamh murab ionann agus an iománaíocht, áit a gcaitheann an cúl báire geansaí difriúil. Ar ndóigh is sciorta a chaitheann na mná sa chluiche camógaíochta.

Caitheann na himreoirí clogaid ar a gcloigne. D'uireasa an chlogad is féidir leis an gcluiche a bheith contúirteach agus d'fhéadfadh imreoir droch-ghortú a fháil sa chloigeann.

Níl aon riail docht daingean ann áfach, sa chaoi is go mbeadh ar chuile imreoir clogad a chaitheamh. Pléadh rún faoin ábhar seo ag comhdháil Chumann Camógaíochta na nGael in Éirinn cúpla bliain ó shin, ach níor ghlac an tromlach leis nuair a cuireadh ar vóta é.

Rialacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt mhaith cosúlachta arís idir an chamógaíochta agus an iomáint. De bharr nádúr an chluiche a imrítear le camán caitear a bheith dian ar na rialacha. Faigheann imreoir cárta dearg má dhéanann sí drochfheall. Má bhronntar cárta dearg ar imreoir cuirtear an duine sin den pháirc agus déileálann an coiste smachta leis an gceist. Cárta buí a fhaigheann duine a dhéanann feall nach bhfuil baileach chomh tromchúiseach. Ciallaíonn dhá chárta bhuí, bata agus bóthar, ón bpáirc.

Cumann Camógaíochta na nGael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cumann spóirt is ea Cumann Camógaíochta na nGael a chuireann an chamógaíocht chun cinn in Éirinn. Bunaíodh an Cumann i 1904, agus Máire Ní Chinnéide an chéad Uachtarán a toghadh air.

Imríodh an chéad chluiche poiblí camógaíochta faoin gCumann idir Craobh an Chéitinnigh agus Cúchulainn i gContae na Mí. Imríodh an chéad chluiche idir chontaetha sa bhliain 1912. Ba sa bhliain 1930 a himríodh Craobh Chamógaíochta na hÉireann den chéad uair; Baile Átha Cliath a bhuaigh an cluiche sin agus faoin mbliain sin bhí an cluiche camógaíochta á imirt ar fud na dtríocha dó contae in Éirinn. Faoin mbliain 1934 bhí Craobh na hÉireann sa chamógaíocht dá imirt i bPáirc an Chrócaigh. Neartaíodh an Cumann ar fud na tíre agus faoin mbliain 1974 ghlac an Cumann Camógaíochta páirt i bhFéile na nGael. Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna i 1977 agus ba í Sighle Nic an Ultaigh an chéad Uachtarán ar an gcomhairle. Tá Ard stiúrthóir fostaithe ag an gCumann ó 1980 i leith agus tá oifig acu i bPáirc An Chrócaigh. Faoi láthair tugann Foras na Gaeilge urraíocht do Chraobhchomórtas na hÉireann. Tá baint ag an gCumann le Cumann Lúthchleas Gael .

Go hidirnáisiúnta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear camógaíocht chomh fada ó bhaile leis an Astráil. Tá club bunaithe i Sydney agus sí Ruth Ní Challanáin, iarimreoir na Gaillimhe atá ina bhun agus ina bharr. Imrítear an cluiche san Eoraip agus i Meiriceá freisin.

Bíonn an-ghearán ag lucht na camógaíochta faoi na meáin chumarsáide. Is beag poiblíocht a fhaigheann cluichí na mban i gcomparáid le cluichí na bhfear. Is iad na meáin Ghaeilge is fearr a thugann poiblíocht do chluichí na mban. Tá Raidió na Gaeltachta go maith agus déanann TG4 iarracht anois agus arís. Chomh maith leis sin is minic faillí dá dhéanamh ag tuismitheoirí mar gur fíorbheagán acu a thagann chun breathnú ar a gclann iníon ag greadadh na fuinseoige. Níor fhreastal ach 23,000 duine ar chraobh na hÉireann sa chamógaíocht anuraidh.

Féile na nGael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Féile náisiúnta don óige é Féile na nGael a dhéanann freastal ar an gcamógaíocht chomh maith leis an iománaíocht agus an liathróid láimhe. Cailíní faoi 14 a ghlacann páirt sa chamógaíocht san Fhéile. Bhunaigh triúr fear, Séamus Ó Riain, Éamonn De Stafford agus Tommy Barrett an Fhéile chomh fada siar le 1971. Thosaigh an Fhéile i dTiobraid Árann ach reáchtáiltear i gcontaetha eile anois chomh maith é. Beidh sé ar bun i gCorcaigh i mí Meithimh na bliana seo. Anuraidh d'fhreastail 25,000 idir chailíní agus bhuachaillí as na 32 contae ar an bhFéile. Bhí club cailíní as Londain agus Warwickshire Shasana páirteach chomh maith. Bíonn réamhbhabhtaí sa Chontae baile agus téann an fhoireann a bhuann ar aghaidh go dtí an Fhéile. Fanann na hiomaitheoirí ar fad le clanna áitiúla atá páirteach sa chlub camógaíochta sa cheantar sin. Tugann Coca Cola urraíocht bhliantúil don Fhéile ó bunaíodh í.

Cuireann an Fhéile an-tábhacht le páirtíocht fheiliúnach, cur i láthair, spóirtiúlacht agus dea-thréithe an chluiche. Baineann an Fhéile leis an bpobal ar fad ar fud an náisiúin agus déantar iarracht clubanna, scoileanna, grúpaí sóisialta, grúpaí cultúrtha, na gardaí, bannaí ceoil áitiúla, an chléir agus na clanna a bheith lárnach san Fhéile. Cabhraíonn sé le traenáil agus ceannasaíocht mhaith a thabhairt don óige chun mórtas a spreagadh iontu ó thaobh a gceantar agus a gcontaetha féin.

Blianta tábhachtacha sa chamógaíocht in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1904: Cuireadh tús oifigiúil leis an gcamógaíocht mar chluiche sainiúil i gcontae na Mí mí Iúil 1904.
  • 1905: Toghadh Máire Ní Chinnéide mar chéad Uachtarán ar Chumann Chamógaíochta na nGael.
  • 1913: Bunaíodh Club na gColáiste i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.
  • 1915: Cuireadh tús leis an gcomórtas camógaíochta idir ollscoile nuair a himríodh ar son corn Ashbourne.
  • 1930: Cuireadh tús le cumann camógaíochta i Meiriceá.
  • 1932: Imríodh cluiche craoibhe uile Éireann agus bhuaigh Baile Átha Cliath.
  • 1956: Cuireadh tús le comórtas idir chúige Ghael Linn .
  • 1964: Bhí ceiliúradh seasca bliain a mbunaithe ag lucht leanúna an chluiche.
  • 1966: Cuireadh tús le clár traenála do thraenálaithe.
  • 1968: Cuireadh tús le comórtas uile Éireann dona sóisir agus bhuaigh contae an Dúin.
  • 1974: Ghlac an cumann páirt i bhFéile na nGael.
  • 1977: Bunaíodh Comhairle na mBunscoileanna agus ba í Sighle Nic an Ultaigh a bhí mar Uachtarán.
  • 1979: Bhí ceiliúradh 75 bliain ag an gcumann.
  • 1980: Osclaíodh oifig i bPáirc an Chrócaigh]].
  • 1986: Cuireadh clár traenála ar fáil.
  • 1999: Imríodh an cluiche le 15 imreoir ar gach taobh ar pháirc iomlán.
  • 2000: Tosaíodh ar Chraobh na Mionúr B agus bhuaigh Laois.
  • 2004: Bhí ceiliúradh 100 bliain a mbunaithe ag lucht na Camógaíochta
Páirc an Chrócaigh, an áit a n-imrítear Craobh na hÉireann gach bliain

Buaiteoirí Craobh na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Condae Buaiteoirí Blianta
Baile Átha Cliath
26
1932, 1933, 1937, 1938, 1942, 1943, 1944, 1948, 1949, 1950, 1951, 1952, 1953, 1954, 1955, 1957, 1958, 1959, 1960, 1961, 1962, 1963, 1964, 1965, 1966, 1984
Corcaigh
24
1939, 1940, 1941, 1970, 1971,1972, 1973, 1978, 1980, 1982, 1983, 1992, 1993, 1995, 1997,1998, 2002, 2005, 2006, 2008, 2009, 2014
Cill Chainnigh
12
1974, 1976, 1977, 1981, 1985, 1986, 1987, 1988, 1989, 1990, 1991, 1994
Loch Garman
7
1968, 1969, 1975, 2007, 2010, 2011, 2012
Aontrom
6
1945, 1946, 1947, 1956, 1967, 1979
Tiobraid Árainn
5
1999, 2000, 2001, 2003, 2004
Gaillimh
2
1996, 2013

Buaiteoirí Léig na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Contae Buaiteoirí Blianta
Corcaigh
16
1984, 1986, 1991, 1992, 1995, 1996, 1997, 1998, 1999, 2000, 2001, 2003, 2006, 2007, 2012, 2013
Cill Chainnigh
11
1978, 1980, 1982, 1985, 1987, 1988, 1989, 1990, 1993, 2008, 2014
Loch Garman
4
1978, 2009, 2010, 2011
Baile Átha Cliath
3
1979, 1981, 1983
Gaillimh
3
1984, 2002, 2005
Tiobraid Árainn
2
1977, 2004

Féach ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]



Na Cluichí Gaelacha

Peil Ghaelach | Peil Ghaelach na mBan | Iománaíocht | Camógaíocht | Liathróid láimhe | Cluiche corr |