CLG Chontae Bhaile Átha Cliath
Béarla | Dublin GAA | ||||||||||
Cúige | Cúige Laighean | ||||||||||
Leasainm | Na Baile Átha Cliathaigh Na Duibhlinnigh Na Dubs Na Jacks/Jackies Na Boys in Blue Na Metropolitans | ||||||||||
Dathanna | Gorm is dubhghorm | ||||||||||
Staid | Páirc Parnell | ||||||||||
Spórt ceannasach | Peil Ghaelach | ||||||||||
Sraith Pheile Náisiúnta | Roinn 1 | ||||||||||
Sraith Iomána Náisiúnta | Roinn 1A | ||||||||||
Craobh Pheile | Corn Mhic Uidhir | ||||||||||
Craobh Iomána | Corn Liam Mac Carthaigh | ||||||||||
Peil na mBan | Corn Uí Mháirtín | ||||||||||
Camógaíocht | Corn Uí Dhubhthaigh | ||||||||||
|
Is é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Bhaile Átha Cliath an eagraíocht ina imrítear na cluichí Gaelacha atá sa Cumann Lúthchleas Gael i gContae Bhaile Átha Cliath. Is iad peil Ghaelach, iomáint, Peil Ghaelach na mBan agus camógaíocht na cluichí a imrítear sa chontae, ach is é an peil an ceann is coitianta.
Peil Ghaelach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá na Dubs i measc na foirne is láidre sa spórt seo, agus tá 24 bua acu sa Craobh Peile Sinsearach na hÉireann. Bhí an bua deireanach acu sa bhliain 2013.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an céad bua sa chomórtas ag na Dubs sa bhliain 1891, nuair a fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Corcaigh (2-1 - 1-1). Lean an rath ar aghaidh an bhliain ina dhiaidh, le bua i gcoinne Ciarraí. Ach, b'é an tréimhse is rathúla a bhí acu ná na 1970í, agus meastar go bhfuil an fhoireann ón ré seo i measc na cinn is fearr riamh. Bronnadh an Corn Sam Mhic Uidhir ar Kevin Heffernan agus "Heffo's Army" i 1974, 1976, 1977 agus arís i 1983.
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Craobh Peil Sinsearach na hÉireann: 27
- 1891, 1892, 1894, 1897, 1898, 1899, 1901, 1902, 1906, 1907, 1908, 1921, 1922, 1923, 1942, 1958, 1963, 1974, 1976, 1977, 1983, 1995, 2011, 2013, 2015, 2016, 2017
- Craobh Peil Faoi-21 na hÉireann: 5
- 2003, 2010, 2012, 2014, 2017
- Craobh Peil Mionúrach na hÉireann: 11
- 1930, 1945, 1954, 1955, 1956, 1958, 1959, 1979, 1982, 1984, 2012
- Craobh Peil Sóisearach na hÉireann: 6
- 1914, 1916, 1939, 1948, 1960, 2008
- Sraithchomórtas Peile Náisiúnta: 13
- 1953, 1955, 1958, 1976, 1978, 1987, 1991, 1993, 1993 (ath-chluiche), 2013, 2014, 2015, 2016, 2018
- Craobh Peil Sinsearach Laighean: 55
- 1891, 1892, 1894, 1896, 1897, 1898, 1899, 1901, 1902, 1904, 1906, 1907, 1908, 1920, 1921, 1922, 1923, 1924, 1932, 1933, 1934, 1941, 1942, 1955, 1958, 1959, 1962, 1963, 1965, 1974, 1975, 1976, 1977, 1978, 1979, 1983, 1984, 1985, 1989, 1992, 1993, 1994, 1995, 2002, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017
- Craobh Peil Faoi-21 Laighean: 14
- 1974, 1975, 1980, 1984, 2002, 2003, 2005, 2009, 2010, 2012, 2014, 2015, 2016, 2017
- Craobh Peil Mionúrach Laighean: 33
- 1930, 1933, 1934, 1945, 1946, 1948, 1949, 1954, 1955, 1956, 1958, 1959, 1961, 1968, 1970, 1971, 1976, 1978, 1979, 1981, 1982, 1984, 1986, 1988, 1994, 1999, 2001, 2003, 2009, 2011, 2012, 2014, 2017
- Craobh Peil Sóisearach Laighean: 20
- 1908, 1914, 1916, 1922, 1926, 1930, 1939, 1948, 1950, 1951, 1954, 1955, 1959, 1960, 1971, 1983, 1985, 1987, 1994, 2008
- Gradaim All-Star: 109
- 1974 (6), 1975 (3), 1976 (7), 1977 (9), 1978 (3), 1979 (3), 1983 (4), 1984 (3), 1985 (4), 1987 (1), 1988 (3), 1989 (1), 1991 (3), 1992 (3), 1993 (3), 1994 (3), 1995 (7), 1996 (1), 1999 (1), 2001 (1), 2002 (3), 2006 (2), 2007 (4), 2008 (1), 2010 (1), 2011 (6), 2012 (1), 2013 (6), 2014 (3), 2015 (7), 2016 (6)
- Corn Uí Bhroin: 9
- 1956, 1958, 1960, 1966, 1999, 2007, 2008, 2015, 2017
- Corn Gerry Reilly: 6
- 1993, 1998, 2006, 2008, 2012, 2013
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Imreoirí cáiliúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Kevin Heffernan
- Brian Mullins
- Paddy Gogarty
- Jimmy Keaveney
- Kevin Moran
- John O'Leary
- Dessie Farrell
- Barney Rock
- Alan Ó Brógáin
- Stiofán Cluxton
- Ciarán Ó Faoláin
Tuilleadh eolais ag Craobh Sinsear Peile Bhaile Átha Cliath.
Iomáint
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go traidisiúnta, fágadh an iománaíocht in áit na leathphingine sa phríomhchathair agus an pheil agus na cluichí iasachta araon ag fáil an ceann is fearr uirthi. Cuireadh infheistiú mór isteach sa chontae le blianta beaga anuas, agus tá athbheochan iomána le feiceáil.
Tá sé teideal buaite acu i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann, an ceann deireanach sa bhliain 1938. Thit an fhoireann síos go dtí Sraith 2 den Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta sa bhliain 2005. Bhuaigh an fhoireann mionúir Craobh Laighean sa bhliain chéanna, an chéad bua a bhí acu ó 1983.
Bhí dul chun cinn déanta acu sa bhliain 2006, agus cuireadh ar ais iad sa Sraith 1, tar éis bua in éadan Ciarraí sa chluiche ceannais Sraith 2 (0-17 - 1-06). Ní raibh tús maith acu sa bhliain nua, ach choimeád siad a áit sa Sraith mór.
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Craobh Iomána Mionúrach na hÉireann: 4
- 1945, 1946, 1954, 1965
- Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta: 3
- 1929, 1939, 2011
- Craobh Iomána Sinsearach Laighean: 24
- 1889, 1892, 1894, 1896, 1902, 1906, 1908, 1917, 1919, 1920, 1921, 1924, 1927, 1928, 1930, 1934, 1938, 1941, 1942, 1944, 1948, 1952, 1961, 2013
- Craobh Iomána Faoi-21 Laighean: 6
- 1967, 1972, 2007, 2010, 2011, 2016
- Craobh Iomána Mionúrach Laighean: 15
- 1928, 1938, 1945, 1946, 1947, 1952, 1953, 1954, 1965, 1983, 2005, 2007, 2011, 2012, 2016
- Craobh Iomána Sóisearach Laighean: 8
- 1908, 1925, 1932, 1937, 1947, 1950, 1952, 1955
- Corn Uí Bhreatnaigh: 5
- 1960, 1964, 1966, 2003, 2011
- Corn Uí MhacEochaidh: 5
- 1981
- Gradaim All-Star: 8
- 1971, 1990, 2009 (1), 2011 (2), 2013 (3)
Foireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Clubanna CLG Átha Cliath
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iar-Uachtaráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí triúr fear a bhí bainteach le CLG Bh.Á.C mar Uachtaráin ar an CLG go dtí seo.
- Dónal Mac Cárthaigh 1921 - 1924
- Seán Ó Riain 1928 - 1932
- Dr. Seosamh Stiobhard 1958 - 1961
An lucht leanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glaotar Na Dubs ar lucht leanta Átha Cliath agus is minic aithne orthu mar an lucht leanta is fearr nó an lucht leanta is measa sa tír. Tá an contrárthacht seo ann toisc go ndeirtear gur lucht sacair iad lucht leanta na Dubs cé go mbíonn an-atmaisféar agus an-dath le feiscint aon áit go dtéann siad. Seans chomh maith gur eascraigh sé seo ó na seachtóidí nuair a bhí Heffo's Army i mbarr a réime. I gcraobh peile na hÉireann i 1974 thosaigh lucht leanta na Dubs ag canadh amhráin a fuaireadar ó phríomhroinn shacar Shasana ar nós You'll Never Walk Alone. Tá amhráin fós an-choitianta i measc na sluaite a leanann foirne B.Á.C ach is dírithe ar Bh.Á.C a bhíonn amhráin an lae inniu mar shampla Molly Malone agus Dublin in the Rare Old Times nó dírithe ar an bhfoireann féin cosúil le Come on you boys in blue. Is ar Chnoc a 16 i bPáirc an Chrócaigh a bhailíonn cuid mhaith de lucht leanúna Bh.Á.C agus is minic go mbíonn sé lán le dubs agus gan ach cúpla tacadóirí ón bhfoireann eile ann. Is mar gheall air seo a tosaíodh an liú Hill 16 is Dublin only.
Glaotar na Jacks ar fhoirne na bhfear i mB.Á.C uaireanta agus na Jackies a ghlaotar ar fhoirne na mban. Tháinig an dá fhocal seo ó ghiorrúcháin den leasainm ata ag tuathánaigh ar Bh.Á.C na Jackeens.
Tá an t-iar-Thaoiseach Bertie Ahern agus an t-aisteoir Colm Meaney i measc lucht leanta cáiliúil na foirne.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cnoc 16, suíomh oifigiúil
- Áth Cliath ar Hoganstand.com
- Nuacht agus díospóireacht
- Díospóireacht Curtha i gcartlann 2007-01-04 ar an Wayback Machine
- Duaiseanna Curtha i gcartlann 2010-04-09 ar an Wayback Machine
- Na clubanna CLG sa chontae Curtha i gcartlann 2006-06-13 ar an Wayback Machine
- Torthaí 2006 Curtha i gcartlann 2007-09-27 ar an Wayback Machine
- Blue Fever Curtha i gcartlann 2007-03-12 ar an Wayback Machine