CLG Chontae Bhaile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Áth Cliath
Béarla Dublin GAA
Cúige Cúige Laighean
Leasainm Na Baile Átha Cliathaigh
Na Duibhlinnigh
Na Dubs
Na Jacks/Jackies
Na Boys in Blue
Na Metropolitans
Dathanna Gorm is dubhghorm
Staid Páirc Parnell
Spórt ceannasach Peil Ghaelach
Sraith Pheile Náisiúnta Roinn 1
Sraith Iomána Náisiúnta Roinn 1A
Craobh Pheile Corn Mhic Uidhir
Craobh Iomána Corn Liam Mac Carthaigh
Peil na mBan Corn Uí Mháirtín
Camógaíocht Corn Uí Dhubhthaigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is é Cumann Lúthchleas Gael Chontae Bhaile Átha Cliath an eagraíocht ina imrítear na cluichí Gaelacha atá sa Cumann Lúthchleas Gael i gContae Bhaile Átha Cliath. Is iad peil Ghaelach, iomáint, Peil Ghaelach na mBan agus camógaíocht na cluichí a imrítear sa chontae, ach is é an peil an ceann is coitianta.

Peil Ghaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá na Dubs i measc na foirne is láidre sa spórt seo, agus tá 24 bua acu sa Craobh Peile Sinsearach na hÉireann. Bhí an bua deireanach acu sa bhliain 2013.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an céad bua sa chomórtas ag na Dubs sa bhliain 1891, nuair a fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne Corcaigh (2-1 - 1-1). Lean an rath ar aghaidh an bhliain ina dhiaidh, le bua i gcoinne Ciarraí. Ach, b'é an tréimhse is rathúla a bhí acu ná na 1970í, agus meastar go bhfuil an fhoireann ón ré seo i measc na cinn is fearr riamh. Bronnadh an Corn Sam Mhic Uidhir ar Kevin Heffernan agus "Heffo's Army" i 1974, 1976, 1977 agus arís i 1983.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Craobh Peil Sinsearach na hÉireann: 27
    • 1891, 1892, 1894, 1897, 1898, 1899, 1901, 1902, 1906, 1907, 1908, 1921, 1922, 1923, 1942, 1958, 1963, 1974, 1976, 1977, 1983, 1995, 2011, 2013, 2015, 2016, 2017
  • Craobh Peil Sinsearach Laighean: 55
    • 1891, 1892, 1894, 1896, 1897, 1898, 1899, 1901, 1902, 1904, 1906, 1907, 1908, 1920, 1921, 1922, 1923, 1924, 1932, 1933, 1934, 1941, 1942, 1955, 1958, 1959, 1962, 1963, 1965, 1974, 1975, 1976, 1977, 1978, 1979, 1983, 1984, 1985, 1989, 1992, 1993, 1994, 1995, 2002, 2005, 2006, 2007, 2008, 2009, 2011, 2012, 2013, 2014, 2015, 2016, 2017
  • Craobh Peil Mionúrach Laighean: 33
    • 1930, 1933, 1934, 1945, 1946, 1948, 1949, 1954, 1955, 1956, 1958, 1959, 1961, 1968, 1970, 1971, 1976, 1978, 1979, 1981, 1982, 1984, 1986, 1988, 1994, 1999, 2001, 2003, 2009, 2011, 2012, 2014, 2017
  • Gradaim All-Star: 109
    • 1974 (6), 1975 (3), 1976 (7), 1977 (9), 1978 (3), 1979 (3), 1983 (4), 1984 (3), 1985 (4), 1987 (1), 1988 (3), 1989 (1), 1991 (3), 1992 (3), 1993 (3), 1994 (3), 1995 (7), 1996 (1), 1999 (1), 2001 (1), 2002 (3), 2006 (2), 2007 (4), 2008 (1), 2010 (1), 2011 (6), 2012 (1), 2013 (6), 2014 (3), 2015 (7), 2016 (6)

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimhir Imreoir Ionad Club
1 Stiofán Cluxton Cúl báire An Cumann Parnell
2 Pilib Mac Mathúna Ciceam Bhaile Munna
3 Cian Ó Súilleabháin Cill Mochuda na Crócaigh
4 Micheál Mac Síomóin Cuala
5 Seán Cúipéir Na Fianna
6 Seán Ó Caoilte Ciceam Bhaile Munna
7 Eric Lowndes Naomh Peregrine
8 Brían Ó Fiannachta Rath Éanna
9 Séamus Mac Cártaigh Ciceam Bhaile Munna
10 Ciarán Mac Giolla Chainnigh Caisleán Cnucha
11 Conn Ó Ceallacháin Cuala
12 Seán Mac Gafraidh Cluain Tarbh
13 Pól Ó Mainnín Cill Mochuda Na Crócaigh
14 Pádraig Mac Aindriú Cumann Naomh Bríd
15 Déin Mac Concharraige Ciceam Bhaile Munna
16 Evan Comerford Ciceam Bhaile Munna
17 Bernard Brogan Naomh Oilibhéar Pluincéad, Eoghan Ruadh
18 Daithí Ó Broin Naomh Ólaf
19 Shane Carthy Naomh Uinsionn
20 Dáire Ó Dálaigh Raibíní Fhine Gall
21 Donnacha Bastic Teach Mealóg Sráid Singe
22 Brian Howard Ráth Éanna
23 Micheál Darragh Mac Amhalghaidh Baile Buadáin Naomh Éanna
24 Caoimhín Mac Meanman Naomh Jude
25 Eoghan Ó Gadhra Teach Mealóg Sráid Singe
26 Niall Scully Teach Mealóg Sráid Singe

Imreoirí cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh eolais ag Craobh Sinsear Peile Bhaile Átha Cliath.

Iomáint[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go traidisiúnta, fágadh an iománaíocht in áit na leathphingine sa phríomhchathair agus an pheil agus na cluichí iasachta araon ag fáil an ceann is fearr uirthi. Cuireadh infheistiú mór isteach sa chontae le blianta beaga anuas, agus tá athbheochan iomána le feiceáil.

Tá sé teideal buaite acu i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann, an ceann deireanach sa bhliain 1938. Thit an fhoireann síos go dtí Sraith 2 den Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta sa bhliain 2005. Bhuaigh an fhoireann mionúir Craobh Laighean sa bhliain chéanna, an chéad bua a bhí acu ó 1983.

Bhí dul chun cinn déanta acu sa bhliain 2006, agus cuireadh ar ais iad sa Sraith 1, tar éis bua in éadan Ciarraí sa chluiche ceannais Sraith 2 (0-17 - 1-06). Ní raibh tús maith acu sa bhliain nua, ach choimeád siad a áit sa Sraith mór.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Craobh Iomána Sinsearach Laighean: 24
    • 1889, 1892, 1894, 1896, 1902, 1906, 1908, 1917, 1919, 1920, 1921, 1924, 1927, 1928, 1930, 1934, 1938, 1941, 1942, 1944, 1948, 1952, 1961, 2013

Foireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clubanna CLG Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

   

Iar-Uachtaráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí triúr fear a bhí bainteach le CLG Bh.Á.C mar Uachtaráin ar an CLG go dtí seo.

  • Dónal Mac Cárthaigh 1921 - 1924
  • Seán Ó Riain 1928 - 1932
  • Dr. Seosamh Stiobhard 1958 - 1961

An lucht leanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glaotar Na Dubs ar lucht leanta Átha Cliath agus is minic aithne orthu mar an lucht leanta is fearr nó an lucht leanta is measa sa tír. Tá an contrárthacht seo ann toisc go ndeirtear gur lucht sacair iad lucht leanta na Dubs cé go mbíonn an-atmaisféar agus an-dath le feiscint aon áit go dtéann siad. Seans chomh maith gur eascraigh sé seo ó na seachtóidí nuair a bhí Heffo's Army i mbarr a réime. I gcraobh peile na hÉireann i 1974 thosaigh lucht leanta na Dubs ag canadh amhráin a fuaireadar ó phríomhroinn shacar Shasana ar nós You'll Never Walk Alone. Tá amhráin fós an-choitianta i measc na sluaite a leanann foirne B.Á.C ach is dírithe ar Bh.Á.C a bhíonn amhráin an lae inniu mar shampla Molly Malone agus Dublin in the Rare Old Times nó dírithe ar an bhfoireann féin cosúil le Come on you boys in blue. Is ar Chnoc a 16 i bPáirc an Chrócaigh a bhailíonn cuid mhaith de lucht leanúna Bh.Á.C agus is minic go mbíonn sé lán le dubs agus gan ach cúpla tacadóirí ón bhfoireann eile ann. Is mar gheall ar seo a tosaíodh an liú Hill 16 is Dublin only.

Glaotar na Jacks ar fhoirne na bhfear i mB.Á.C uaireanta agus na Jackies a ghlaotar ar fhoirne na mban. Tháinig an dá fhocal seo ó ghiorrúcháin den leasainm ata ag tuathánaigh ar Bh.Á.C na Jackeens.

Tá an t-iar-Thaoiseach Bertie Ahern agus an t-aisteoir Colm Meaney i measc lucht leanta cáiliúil na foirne.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]