CLG Na Fianna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search


Na Fianna
100px
Béarla: Na Fianna
Bunaithe: 1955
Contae: Baile Atha Cliath
Roinn: Tuaisceart
Peil: Sinsearach A
Iomáint: Sinsearach A
Dathanna: Cróchbhuí is gorm
Páirc: Bóthar Mobhí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Cumann Lúthchleas Gael Na Fianna (English- CLG Na Fianna) suite i nGlas Naíon i gContae Bhaile Átha Cliath a bunaíodh sa bhliain 1955.[1] Imrítear iomáint, camógaíocht peil ghaelach, cluiche corr agus liathróid láimhe sa chlub agus cuimsítear a lán éagsúlacht a bhaineann leis an Chumann Lúthchleas Gael. Chomh maith leis sin, cuirtear cleachtaithe traidisiúnta ar fáil cosúil le damhsa agus ceoil gaelach don phobal a bhaineann leis.  Sa lá atá inniu, tá 3,000 baill ag an chlub agus níos mó ná 100 foireann thar na haois grúpaí agus spóirt éagsúla.[2] Togh John Horan, baill den chlub, mar Uachtarán de chuid an Chumann Lúthchleas Gael sa bhliain 2018. [3]

Cúlra, Stair agus Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Bunadh agus an Clubtheach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh CLG Na Fianna ar an 25ú dé mhí Aibreán 1955, nuair tháinig 201 bhaill ó Chiceam C.J.(Bearla: C.J. Kickams GAA Club) go CLG Na Fianna. Tháinig na daoine a bhunaigh an chlub ó Chiceam CJ mar ní raibh aon fhoirne faoi aois ag an chlub acu. Tharla an chéad chruinniú cinn bliana ar an 27ú dé mhí Dheireadh Fómhair. Ag an tús, bhí díospóireacht mhór ann faoi ainm an chlub mar go raibh siad idir an dá ainm ‘Na Fianna’ agus ‘Naomh Mobhí’. Roghnaíodh ‘Na Fianna’ sa deireadh thiar thall, mar gur ainm gaelach atá ann agus ní raibh aon aistriúchán Bhéarla ar fáil do Na Fianna. Sa Bhliain 1963, tháinig an chlub agus Oifig na nOibreacha Poiblí comhaontaithe le chéile agus bhronn siad an talamh ar Bhóthar Mobhí do CLG Na Fianna. Ba leis an Roinn Cosanta an talamh ar Bhóthar Mobhí agus bhí súim mór ag mná rialta de chuid an Dhoiminiceach sa talamh chomh maith le CLG Na Fianna.  Tharla vóta maidir leis an cheist seo sa chomhairle contae agus ar an dea-uair, bhí an bua ag CLG Na Fianna, agus bhí an pháirc bronnta ar an chlub. Sa Bhliain 1967, tháinig an chéad clubtheach ó Fhorais Spóirt Guinness i gCromghlinn agus lonnaíodh ar Bhóthar Mobhí  é, ach ar an drochuair, dódh an chlubtheach go talamh an lá roimh an oscailt oifigiúil . Cúig bliana tar éis an tine, thóg baill an chlub clubtheach nua agus ba é an clubtheach is nua- aimseartha sa tír ag an am le beár do bhaill an chlub agus áiseanna do gach spóirt sa Chumann Lúthchleas Gael le cúirt liathróid láimhe san áireamh. Thar na mblianta, rinneadh níos mó forbairt ar an Chlubtheach.[1] Rinneadh forbairt mhór sa bhliain 2005 nuair a chonacthas ar méadú ar bhallraíocht sa chlub agus mar thoradh ar an mhéadú seo, tógadh athchóiriú mór ar an chlubtheach le seomra cruinnithe, giomnáisiam agus áiseanna uile-aimsire  san áireamh (lena n-áirítear limistéar oiliúna, balla iomána agus cúirt liathróid láimhe amuigh).[4] Osclaíodh an Clubtheach go hoifigiúil sa bhliain 2007 agus ba fiú 2.7 milliún euro é agus sa lá atá inniu ann, tá páirc uile aimsire, balla iománaíochta agus cúirt liathróid láimhe ar fáil ar láthair an chlub. [1]


Clubtheach Na Fianna

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tacaíonn Cumann Lúthchleas Gael le cur chun cinn na Gaeilge, an damhsa Ghaelaigh, an cheoil, na hamhránaíochta agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne. Chun an ról sin a chomhlíonadh tá struchtúir éagsúla i bhfeidhm ag Cumann Lúthchleas Gael.[5] Ba chuid lárnach de shaol CLG Na Fianna í an Ghaeilge ó bunaíodh an Club. Deineadh gach cuid de ghnó oifigiúil an Chlub as Gaeilge sna blianta tosaigh.  Tá CLG Na Fianna ina phríomhghné de chultúr na hÉireann agus tá traidisiún an chlub le fada ag céilí Na Fianna. Fuair an chlub bonn cré-umha ó Sheosamh Mac Donnchadha  sa bhliain 2017 mar thoradh de chuid oibre na hathbheochana agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus an bhliain dár gceann , fuair siad bonn airgid dona cuid iarrachtaí i gcur chun cinn Gaeilge. [2]

Bíonn oíche cheoil traidisiúnta ag tarlú gach Déardaoin agus bíonn a lán gníomhaíochtaí Gaeilge ag tarlú gach seachtaine freisin cosúil le ranganna comhrá Gaeilge, ranganna damhsa Gaelach agus go leor rudaí eile a bhaineann leis an Ghaeilge. [1]

Tá dhá Ghaelscoil, Scoil Chaitríona agus Scoil Mobhí, suite ar thalamh an Chlub agus freastalaíonn go leor do chuid baill Na Fianna ar na scoileanna. [1]

Spóirt: Stair agus Rath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá foireann shinsearach peil ghaelach an chlub iontach cumhachtach i measc peil shinsearach Bhaile Átha Cliath agus tá an craobhchomórtas buaite ag an chlub ar chúig ócáid, i 1969 ar an gcéad dul síos agus arís deich mbliana ina dhiaidh sin i 1979. Bhuaigh Na Fianna trí chraobhchomórtas i ndiaidh a chéile i 1999, 2000 agus 2001.[1]Tar éis bua na bliana 1999, bhuaigh foireann Na Fianna Craobh Shinsir Peile Laighean in aghaidh CLG Na Sairséalaigh, 1-11 go 0-08.[6] D’imir siad in aghaidh Crois Uí Mhaoilíona—Fánaithe na Daoile i gCluiche ceannais Laighean agus bhuail siad iad, ag dul ar aghaidh go dtí Craobh Shinsear Peile Chlub na hÉireann. Bhí dúshlán ollmhór rompu mar go raibh siad ag imirt in aghaidh Raonaithe na Croise , foireann ina bhfuil 29 craobh chontae Ard Mhacha, trí Chraobh Sinsir Peile Ulaidh na gClub agus dhá Chraobh Shinsear Peile Chlub na hÉireann buaite acu roimhe cluiche ceannais na hÉireann [7]. Shroich CLG Na Fianna Craobh Sinsir Peile Chlub na hÉireann den chéad uair ach bhí foireann mhaith acu le sárimreoirí cosúil le Dessie Farrell agus Mick Galvin, daoine atá mar bhaill de fhoireann bhainistíochta foireann sinsir peil Gaelach Baile Átha cliath ag an am i láthair [8] agus imreoirí idirchontae cosúil le Senan Connell, Kieran McGeeney ón Ard Mhacha agus Jason Sherlock. D’imir siad i gcluiche ar Lá Fhéile Phádraig i bPáirc an Chrócaigh agus d’fhreastail 31,965 daoine ar an chluiche seo.  Chaill Na Fianna ar scór 1-14 go 0-12 ach ba chluiche iomaíochta é, áfach. Ar an lá, bhí Raonaithe na Croise an foireann is fearr ach ba lá stairiúil i gclub Na Fianna é ar aon nós.[9]

Grianghraf de phríomhgeata Na Fianna

Bunaíodh rannóg peil na mban sa bhliain 1989 agus ó shin amach, bhí foireann peil shinsearach na mban an-iomaíochta ag bua craobh shinsearach contae Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 2009 in aghaidh Naomh Mearnóg ar scór de 1-11 go 1-10.[10] Bhuaigh siad an dara craobh contae i 2011 aghaidh Baile Buadáin Naomh Éanna agus bhuail siad iad ar scór de 4-12 go 2-08.[11] Chuaigh siad ar aghaidh chuig Craobh Sinsir Peile Laighean agus d’imir siad in aghaidh Na Sairséalaigh ó Laois a bhí  gcluiche crua, bhuail siad iad ar scór de 3-03 go 10 ar an 23ú Deireadh Fómhair. [12] Tar éis an bhua i gcluiche ceannais Laighean in éadan Domhnach Mór ó Chorcaigh ar scór de 2-09 go 0-10. [13] Chuaigh an foireann ar aghaidh go Craobh Sinsir Peile Chlub na hÉireann agus d’imir siad in aghaidh Ceathrú na gCon, foireann d’imir i gcúig chluiche ceannais na hÉireann agus a bhuaigh triú acu. D’imir siad in aghaidh Cora Staunton, an imreoir is fearr sa tír seo. Chaill Na Fianna ina éadan ar scór de 2-12 go 2-4 le Staunton ag scóráil 1-9 sa chluiche seo. [14]

Iománaíocht agus Camógaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl an rath ar iománaíocht agus camógaíocht i comparáide lena ranna peil gaelach áfach, ach le deich bliana anuas, bhí níos mó imreoirí agus fhoirne maithe sna ranna seo.

Dhá bhliain tar éis bunadh an chlub , bhuaigh siad Craobh Idirmheánach Iománaíochta Bhaile Átha Cliath. D’éirigh leis an foireann shinsearach agus d’fhan siad ar an leibhéal seo go dtí’n lá atá inniu ann. Ó thús an chlub, shroich an foireann iománaíocht trí chluiche leathcheannais i 1986, 1987 agus arís i 1988, an foireann a bhuaigh an comórtas ar fad i ndeireadh báire a sháraigh iad gach ama.[1] Bhuaigh siad craobh na sóisear i mBaile Átha Cliath ceathrair ama, leis an bhua is deireanaí sa bhliain 2012 ach níor bhuaigh an foireann sinsear an Craobh Sinsear Iomána Átha Cliath. Bhuaigh siad an tsraith iománaíochta Bhaile Átha Cliath sa dara roinn i 1978 agus shroich siad an craobh ceannais i 2018.[1] Sa lá atá inniu, is é an foireann sinsear iománaíochta atá ag imirt i gCraobh Sinsear Iomána Átha Cliath agus sa Chead roinn i sraith iománaíochta Bhaile Átha Cliath. Thar deich bliana anuas, bhí sárimreoirí idirchontae ag imirt leis an foireann iománaíochta cosúil le Joey Bloand, Tomas Brady agus imreoirí idirchontae reatha Donal Burke agus Shane Barrett atá fós ag imirt leis an fhoireann.[15] Tá an fhoireann an-óg sa lá atá inniu ann ach shroich siad cluiche ceathrú ceannais trí bhliain as chéile ón bhliain 2017 ar aghaidh.[16]

Foireann Iomaníochta Faoi 21 Na Fianna

Bunaíodh ranna camógaíocht Na Fianna sa bhliain 1969 agus Ba é an chéad chlub sa tír ar thug cearta iomlán ballraíochta do mhná an chlub. Bhuaigh siad craobhchomórtas na gclubanna i roinn a dó i 1982 agus imríonn siad sa chead roinn ag leibhéal sinsear sa lá atá inniu ann. Shroich siad an chluiche ceannais den chéad uair sa bhliain 2017 agus arís i 2018, ach ar an drochuair, bhí siad buailte i dhá chluiche ceannais.[17] Is foireann iontach é le hochtar imreoirí ag imirt le foireann sinsearach Bhaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann le Roisín Baker, captaen na foirne san áireamh.[18]

Liathróid Láimhe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh atógáil ar chlubtheach Na Fianna i tús na 70í agus mar pháirt don atógáil seo, tógadh cúirt a bhí 60x30 ar an mhéid do liathróid láimhe. D’imir Sean Clerkin páirt mhór ina chuimsiú, duine ó Mhuineachán le tradisiún mhaith aige ar chúrsaí liathróide láimhe. Bhí Sean mar chathaoirleach ar bhord liathróid láimhe Baile Átha Cliath sna seascaidí agus ba phearsa lárnach i hathbheochan liathróid láimhe é ag an am seo. Bhí ról lárnach ag Sheáin agus é ag bunadh liathróid láimhe na mBan in Éirinn agus i bhunadh liathróid láimhe i club Na Fianna. [19]

Mar thoradh ar an obair dhian ó Shean, bhí go leor rath i liathróide láimhe i  club Na Fianna thar na mblianta. Sa Lá atá inniu, tá imreoirí i gach roinn faoi aois agus daoine fásta i liathróide lámha le John Molloy agus Frank Daly an chathaoirleach agus rúnaí an chontae atá mar bhaill do CLG Na Fianna. Bhuaigh CLG Na Fianna ochtú faoin gcéad de craobhchomórtas sinsearach le gairid agus bhuaigh siad a lán craobhchomórtais ag leibhéal faoi aois freisin, le líon na mbonn sa chaibinéid cinnte thar a bheith céad.  Bhí rath orthu ar gach leibhéal ó sinsear go faoi aois agus tá bonn Laighean agus craobh na hÉireann buaite ag baill de chuid Na Fianna ar mhéideanna 40x20 agus 60x30 ag gach leibhéal.[19] Tá imreoirí do chuid na Fianna ag déanamh ionadaíocht do Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gCraobh Oscailte na n-Ollscoileanna agus i gcraobh náisiúnta na stáit aontaithe, ina raibh an bua acu i gcraobh ceannais náisiúnta na n-ollscoileanna sa bliain 2018.[20]

Ag an am i láthair, tá baill do chuid Na Fianna, Meadhbh Ní Dhálaigh ina shealbhóir dona craoibhe oscailte 60x30 agus 40x20 i gcuideachta Fiona Tully as Ros Comáin le trí bliana anuas agus tá súil acu ceathrair as a chéile a bheith acu gan mhoill. Tá an oiread éileamh ar liathróid láimhe is a bhí riamh agus is spóirt rathúil i Na Fianna é.[20]  

Naíonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón rath sna nóchadú agus tús an 21ú aois  , níor bhain aon foireann sinsear sa chlub craobh contae ach le deich bhliain anuas, tá níos mó ráth ar na foirne faoi aois mar gheall ar an traenáil a bhíonn a dhéanamh ag an chlub trí naíonra an chlub ina mbíonn páistí ó ceithre bliana go seacht bliana ag freastal agus ag foghlaim bhunscoileanna peil ghaelach agus iománaíochta. Bhuaigh Na Fianna ceithre chraobh míonúir peile an chontae, sé chraobh mionúir iomána an chontae (ceithre ceann as a chéile ó 2012 go 2017), dhá comórtas iomána faoi 21 agus cúig comórtas peile faoi 21 ó tús an 21ú aois.[1]

Jonny Cooper

Bunaíodh naíonra an chlub i 1990 agus ba é an chéad cineál naíonra a bunaíodh sa tír agus is é an dea-sampla traenáil d’óganaigh ar fud na tíre. Bíonn níos mó na 400 pháiste ag freastal ar an naíonra gach Satharn idir na haoiseanna 4-7 agus bíonn níos mó na 800 paistí ag freastal ar Champa Samhraidh agus ar Champa na Casca gach bhliain. Chomh mhaith le sin, bíonn baint acu le cóitseáil i ndeich scoil áitiúil.[2] Bhí an naíonra mar bhuntáiste mór maidir leis an forbairt de scileanna a bhí a fhoghlaim d’imreoirí óga an chlub a chuidigh imreoirí den chéad scoith a thairgeadh le blianta beaga anuas.  Rinne an naíonra seo go leor sárimreoirí a thairgeadh ina mbíonn ag imirt peil, iománaíocht nó camógaíocht le na fhoireanna sinsear.  Tháinig imreoirí maithe cosúil le Johnny Cooper, Joey Boland, Tomas Brady, Donal, Burke, Shane Barrett, Conor McHugh, Leah Caffrey, Lucy Collins, Eoin Murchan agus go leor saríomreoiri tríd an naíonra agus d’imir siad dár chontae. [2]

Comórtas Méid Bliain
Craobh Shinsearach Peile Baile Átha Cliath 5 1969, 1979, 1999, 2000, 2001
Craobh Shinsearach Peile Laighean 1 1999
Craobh Idirmhéanach Peile Baile Átha Cliath 1 2017
Craobh Shóisear Peile Baile Átha Cliath 2 1975, 2005
Craobh Bhaile Átha Cliath Faoi 21 5 1977, 2011, 2012, 2013, 2017
Craobh Míonúir Peile Baile Átha Cliath 7 1960, 1965, 1974, 2008, 2009, 2014, 2017
Peil na mban Craobh Shinsearach Baile Átha Cliath 3 2009, 2011, 2014
Peil na mban Craobh Shinsearach Laighean 1 2011
Sraith Iománaíochta Bhaile Átha Cliath sa dara roinn 1 1978
Craobh Idirmhéanach Iomanaíochta Baile Átha Cliath 1 1957
Craobh Shóisear Iomanaíochta Baile Átha Cliath 4 1981, 1985, 1991, 2012
Craobh Míonúir Iomanaíochta Baile Átha Cliath 7 1964, 1981, 2012, 2014, 2015, 2016, 2017


Cúrsaí Reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fadhb na Meitreo[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2018, d’fhógair an tÚdarás Náisiúnta Iompair plean le stáisiúin meitreo a thógadh faoi bhóthar mobhí agus go mbeadh an tógail ag tarlú thar tréimhse de sé bhliain. Chaillfeadh CLG Na Fianna a príomh pháirc agus a páirceanna uile-aimsire i rith an thréimhse seo. Bhí muintir Ghlas Naíon agus baill an chlub ag cur in aghaidh an phlean seo agus ag an deireadh, níor dheachaigh na pleananna ar aghaidh. [21]

Curiarracht dhomhanda[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhris Na Fianna an Curraíocht Dhomhanda ar 7ú lá de mhí Bealtaine 2012 do na daoine is mó a ghlac páirt i seisiúin oiliúna CLG. Ghlac 1,100 duine páirt san imeacht, ag casadh an taifead roimhe sin ó CLG Naomh Iósaef i gcontae Aontrama, i mBealtaine 2010.

Comhpháirtíocht le hOllscoil Cathair Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig CLG Na Fianna agus Ollscoil Cathair Bhaile Átha Cliath ar chomhaontú seacht mbliana sa bhliain 2019 le áiseanna, intéirneachtaí, cur chun cinn na Gaeilge, gníomhaíochtaí cultúrtha, tionscnaimh dheonacha agus traenalá san áireamh. Is é an chéad cineál comhaontú sa tír seo. Gheobhaidh Na Fianna rochtain ar áiseanna le páirceanna agus áiseanna traenála i gCampas Glas Naíon agus i gCampas Naomh Phádraig san áireamh. Chomh mhaith leis sin, cruthóidh an comhaontú caidrimh láidir idir Na Fianna agus Fiontar agus Scoil na Gaeilge san Ollscoil. Is scoil iontach é a bhaineann le cláracha agus scoláireachtaí i nGaeilge, an teagasc Gaeilge agus le teicneolaíocht na Gaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn.[22]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 "Suíomh idirlíon Na Fianna" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 http://clgnafianna.com/wp-content/uploads/2019/05/Na_Fianna_Social_Value_Report_Final_1May2019.pdf
  3. "Uachtarán" (en). www.gaa.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  4. "Na Fianna build for another 50 years with Thornton Sports - HoganStand". www.hoganstand.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  5. "Gaeilge" (en). www.gaa.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  6. "Na Fianna soldier on to next destiny date" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  7. "Crossmaglen Rangers GAC". www.crossrangers.com. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  8. "Dublin GAA Senior Football Team | Dublin GAA". www.dublingaa.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  9. "Crossmaglen stars are simply the best" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  10. "Dublin Ladies Gaelic | news". dublinladiesgaelic.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  11. "Tesco Dublin Senior Championship Final 2011" (en-US). Ladies Gaelic Football (2011-07-28). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  12. "Tesco Dublin Senior Championship Final 2011 | Ladies Gaelic Football". archive.ph (2014-03-04). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  13. "TESCO Club All Ireland Finals" (en-US). Ladies Gaelic Football (2011-11-11). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  14. "Carnacon (Mayo) 2-12 Na Fianna (Dublin) 2-04" (in en) (2011-11-27). 
  15. "Dublin GAA - Official Website". www.dublingaa.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  16. "2017 – CLG Na Fianna" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-02-13.
  17. "Roll of Honour 1932-2018". www.dublincamogie.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  18. "The Dublin Camogie County Board, Cumann Camógaíochta na nGael Átha Cliath". www.dublincamogie.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  19. 19.0 19.1 "C.L.G. Na Fianna - Handball". www.clgnafianna.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  20. 20.0 20.1 "DCU | GAA Handball". www.gaahandball.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.
  21. http://clgnafianna.com/wp-content/uploads/2018/04/Members-Informaton.pdf
  22. "DCU and Na Fianna join forces to launch unique community partnership | DCU". www.dcu.ie. Dáta rochtana: 2020-02-13.