Sraithchomórtas Peile Náisiúnta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sraith Peile Náisiúnta)
WD Bosca Sonraí Comórtas SpóirtSraithchomórtas Peile Náisiúnta
Cineálcomórtas spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
FoirgneamhCumann Lúthchleas Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtithe32 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit agus dáta
StáitÉire agus An Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dátaí1925 Cuir in eagar ar Wikidata - 

Comórtas peile Éireannach is ea Sraithchomórtas Peile Náisiúnta (Béarla: National Football League no Allianz National Football League), a eagraíonn Cumann Lúthchleas Gael go bliantúil san Earrach (Feabhra - Aibreán). Níl an tsraith chomh tábhachtach is atá Craobh Peile na hÉireann,[1] rud atá fíor maidir leis an gcomórtas iomána freisin. Ar an taobh eile, tá stair fhada bhródúil ag na sraitheanna náisiúnta. Craoltar cluichí beo ar TG4 agus Setanta Sports.

Is é Allianz an t-urraitheoir faoi láthair.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an chéad chomórtas ar siúl i rith an gheimhridh 1925-1926, mar a bhí an nós suas go dtí an bhliain 2002 nuair a bogadh é go dtí an tEarrach. Bhuaigh Laois an chéad chomórtas. Bhí suim ag na foirne go léir sa chomórtas ón tús, ach bhaintí úsáid as den chuid is mó chun cleachtas a fháil sular thosaigh Craobh na hÉireann sa tsamhradh.

Buaiteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foireann Buaiteoirí Dara háit Blianta
KerryCrest.png Ciarraí 20 6 1928, 1929, 1931, 1932, 1959, 1961, 1963, 1969, 1971, 1972, 1973, 1974, 1977, 1982, 1984, 1997, 2004, 2006, 2009, 2017
Dublinnewcrest.png Baile Átha Cliath 13 10 1953, 1955, 1958, 1964, 1976, 1978, 1987, 1991, 1993, 2013, 2014, 2015, 2016, 2018
Mayocrest.jpg Maigh Eo 11 7 1934, 1935, 1936, 1937, 1938, 1939, 1941, 1949, 1954, 1970, 2001
Corkcrest.png Corcaigh 8 6 1952, 1956, 1980, 1989, 1999, 2010, 2011, 2012
Meath GAA Crest.jpg An Mhí 7 9 1933, 1946, 1951, 1975, 1988, 1990, 1994
Derry gaa.png An Doire 6 5 1947, 1992, 1995, 1996, 2000, 2008
Galwaynewcrest.jpg Gaillimh 4 6 1940, 1957, 1965, 1981
Downnewcrest.jpg An Dún 4 4 1960, 1962, 1968, 1983
Nua-Eabhrac 3 7 1950, 1964, 1967
TyroneCrest.gif Tír Eoghain 2 2 2002, 2003
Laois.png Laois 2 1 1926, 1986
Cavannewcrest.jpg An Cabhán 1 5 1948
Armaghcrest.png Ard Mhacha 1 3 2005
Donegalcrest.jpg Dhún na nGall 1 3 2007
Roscommonnewcrest.jpg Ros Comáin 1 2 1979
Offalynewcrest.jpg Uíbh Fhailí 1 2 1998
Monaghancrest.jpg Muineachán 1 1 1985
Longfordnewcrest.jpg An Longfort 1 0 1966

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2009-01-06.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]