Nioclás Inglis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Nioclás Inglis
Nicky English.jpg
Eolas pearsanta
Spórt Iomáint
Ainm Béarla Nicholas J. English
Dáta breithe 1962
Dáta báis
Áit bhreithe Cuilleann, Contae Thiobraid Árann
Airde
Leasainm Nicky
Eolas club
Club Laitean/Cuilleann
Ionad Tosaí
Club(anna)
Club Bliain Cluichí (pointí)
Laitean/Cuilleann 1980idí - 1990idí
Idirchontae
Contae Tiobraid Árann
Ionad Tosaí
Torthaí
Contae Bliain Cluichí (pointí)
Tiobraid Árann 1982 - 1996 20 (117)
Duaiseanna
Craobh Cúige na Mumhan 4
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2
Sárimreoirí 6

Iar-imreoir agus iar-bhainisteoir iomána Éireannach é Nioclás Inglis (Béarla: Nicholas English), a rugadh i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1962.

Aithnítear Inglis mar dhuine de na himreoirí is fearr ón chontae, agus roghnaíodh é ina thosaí ar Fhoireann Iomána an Chéid Thiobraid Árann.

I ngairmréim idir-chontae a mhair ar feadh ceithre bliana déag, tá dhá bhonn uile-Éireann, ceithre bhonn i gCraobh na Mumhan, bonn amháin sa tSraith Náisiúnta agus dhá bhonn i gCorn an Iarnróid buaite aige. Tá fiche cúl agus 117 cúilín gnóthaithe aige as 35 cluiche, agus is eisean an tríú scórálaí is fearr riamh i stair iomána an chontae.

Is iomaí duaiseanna a bronnadh ar Inglis chomh maith, taobh istigh agus amuigh den pháirc imeartha. Sa bhliain 1989, vótáladh é mar Texaco Iománaí na Bliana. Tugadh onór mór eile dó sa bhliain 2000 nuair a roghnaíodh é ar fhoireann an Chéid Thiobraid Árann. Tá sé ghradam Sárimreoirí na Bliana aige.

Nuair a d'éirigh Inglis as an imirt, bhí roinnt rath aige mar bhainisteoir ar a chontae dúchais. Sa bhliain 2001, bhuaigh na Tiobradaigh Craobh na Mumhan, Craobh na hÉireann agus an tSraith Náisiúnta.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sráidbhaile beag é Cuilleann atá suite ar an teorainn idir Contae Thiobraid Árann agus Contae Luimnigh. Rugadh Nioclás Inglis ann sa bhliain 1962, agus fuair sé a chuid oideachais sa cheantar áitiúil. Cé go raibh traidisiún iomána ag a chlub Laiteann-Cuilleann, ba chlub peile é don chuid is mó agus bhí ar Inglis a scileanna a fhorbairt ina aonar. Fuair sé spreagadh óna athair, áfach, fear a bhí tógtha go mór leis an iomáint áitíúil agus idir-chontae, agus bhí tionchar láidir ag a athair ar shuim an bhuachaill sa spórt.

Níos déanaí, d'fhreastal Inglis ar Scoil Bhráithre Críostaí na Mainistreach i mbaile Thiobrad Árann, agus tháinig borradh maith ina chuid scileanna agus é anseo. Ba le foireann na scoile a fuair sé a chéad blas don rath mar iománaí, le buanna i gCorn an Chrócaigh agus i gCorn Rís. Bhuaigh siad Sciath Mhic Ghearailt chomh maith in éadan Choláise Charraig an Tobair.

Chuaigh Inglis go dtí Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus bhain sé céim amach. D'imir sé le foireann iomána an choláiste agus é ag staidéar ann, agus bhuaigh sé cúig bhonn as a chéile i gCraobh Mhic Ghiobúin leo.

Tá Inglis fostaithe faoi láthair i mBanc Aontas na hÉireann agus ina bhall den Choiste Forbartha Iomána.

Gairmréim imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Club[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Inglis a ghairmréim ar fad ag imirt leis an gclub Laitean/Cuilleann. Bhuaigh sé bonn peile idirmheánach sa bhliain 1989, bonn sóisir iomána sa bhliain 1992 agus bonn iomána idirmheánach sa bhliain 1996.

Idir-chontae[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Inglis tús leis a ghairmréim fada agus rathúil sa bhliain 1979 nuair a roghnaíodh é ar fhoireann na mionúraí. Níor fhan sé leo, áfach, mar thit sé as an scuaid, agus bhí air a áit a bhuaigh ar ais. Rinne sé seo sa bhliain 1980, an bhliain ina ghlac sé a chéad bonn uile-Éireann. Nuair a bhí 1981 ann, d'imir sé san fhoireann faoi-21 a bhuaigh Craobh na hÉireann, an tríú bua as a chéile don chontae ag an leibhéil seo.

Dhá bhliain ina dhiaidh seo, sa bhliain 1982, bhris Inglis isteach san fhoireann sinsir. Bhí an fhoireann in ísle brí ag an am, áfach, agus b'éigean dó fanacht ar feadh cúpla bhliain sular tháinig feabhas ar an scéal.

Sa bhliain 1984, ghlac Inglis páirt ina chéad cluiche ceannais na Mumhan, ach le dhá chúl ó fhoireann Chorcaí sa dhá nóiméad deireanacha goideadh an corn díobh. In ainneoin an chaillteanais seo, chuaigh taispeántais Inglis go mór i gcion ar daoine agus bronnadh a dhara ghradam Sáirimreoir air mar aitheantas. An bhliain dar gcionn, chuir sé ceann eile leis. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, sa bhliain 1987, bhuaigh Inglus a chéad corn Mumhan tar éis ath-imirt corraitheach in aghaidh Corcaigh. Clódh na Tiobradaigh arís sa chluiche leathcheannais arís na bliana seo, ámh, le Gaillimh ag fáil an ceann is fearr orthu an babhta seo. Bhí rath pearsanta d'Inglis arís, áfach, agus thóg sé a cheathrú ghradam Sárimreoir abhaile leis.

Sa bhliain 1988, bhain Inglis a chéad chorn amach sa tSraith Náisiúnta, an chéad ceann agus an ceann deireanach. Lean an rath ar aghaidh sa chraobh, agus ghlac Tiobraid Árann Craobh na Mumhan chomh maith. Rinneadh captaen na foirne de don chluiche ceannais, cinneadh a bhí ábhairín conspóideach mar chaill an gnáth-chaptaen a áit as an scuaid. Níor éirigh leis na Tiobradaigh an lámh in uachtar a fháil ar Ghaillimh aris sa chluiche deiridh, ach tugadh Sárimreoir eile d'Inglis.

Tháinig Inglis agus Tiobraid Árann ar ais sa bhliain 1989, agus bhuaigh Inglis a thríú Chraobh Mumhan as a chéile. Fuair siad an lámh in uachtar i gcoinne an tsean-namhad Ghaillimh ar an mbóthar go dtí an chluiche ceannais, agus bhí áit sa chluiche ceannais bainte amach acu arís. Bhuail siad le hAontrom sa chluiche ceannais, agus ní dhearna na Tiobradaigh botún ar bith an babhta seo, agus bhí bua cuimsitheach acu le scór deiridh 4-24 in aghaidh 3-9. Chuir Inglis sár-thaispeántas isteach arís, ina ghnóthaigh sé 2-12 dó féin, an dara scór is mó i stair an choirn. Chríochnaigh sé an bhliain le Sárimreoir eile agus aitheantas mar Texaco Iománaí na Bliana.

Sa bhliain 1990, chaill Tiobraid Árann a gcorón i gCúige Mumhan, agus bhain siad díoltas amach sa bhliain 1991 nuair a bhuaigh Inglis a cheathrú corn Mumhan agus a dara corn uile-Éireann tar éis bua in aghaidh Chill Chainnigh. Bhailigh sé bonn Mumhan eile sa bhliain 1993, nuair a tháinig sé ar an bpáirc mar fhear ionaid i gcoinne an Chláir. Ní raibh an t-ádh orthu sa chluiche deiridh, ceann eile a chailleadar i gcoinne na Gaillimhe. Lean Inglis ag imirt leis an bhfoireann go gtí gur d'éirigh sé as sa bhliain 1996.

Gairmréim bhainisteoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1999, tháinig Inglis isteach mar bhainisteoir ar fhoireann sinsir Thiobraid Árann. Rinne sé atógáil iomláin ar an scuaid, foireann a bhí gan rath ar feadh tamaill, agus bhain siad an tSraith amach sa bhliain seo, don chéad uair ó nuair a bhí 1994 ann. Ina dhiaidh seo, thóg sé a chontae dúchais go dtí cluiche deiridh na Mumhan, agus bhaineader an corn don chéad uair ón bhliain 1993, nuair a bhí Inglis féin ar an bpáirc imeartha. Chloígh siad Gaillimh sa chluiche mór, agus ghlac na Tiobradaigh a 25ú corn uile-Éireann. Sa bhliain 2002, chaill siad in aghaidh Phort Láirge i gcluiche ceannais na Mumhan, agus in aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann. D'éirigh Inglis as a phost.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]