Galar crúibe is béil
Cineál | Picornaviridae infectious disease (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha agus tréidliacht |
Cliniciúil | |
Comharthaí | fiabhras, nimhiú, artrailge, miailge, cancar agus saliva secretion (en) |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | contact transmission (en) |
Cúis | Foot-and-mouth disease virus |
Aicmiú | |
ICD-11 | 1F05.3 |
ICD-10 | B08.8 |
ICD-9 | 078.4 |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0112304 |
DiseasesDB | 31707 |
MeSH | D005536 |
UMLS CUI | C0016514 |
Is é is cúis leis an ngalar crúibe is béil (nó galar crúb agus béil) ná víreas a ionsaíonn ainmhithe crúbscoilte, mar shampla caoirigh, eallaí agus muca, chomh maith le hainmhithe eile mar ghráinneoga agus eilifintí.[1] Tá an galar níos tógálaí ná aon ghalar ainmhí eile.[2]
Is é an galar crúb is béil an chontúirt is mó atá ag bagairt ar fheirmeoireacht bheostoic. I gcás na Breataine Móire, na hAstráile, na Nua-Shéalainne agus Mheiriceá Thuaidh, is beag an greim atá faighte ag an ngalar cé go mbíonn ráigeanna de ann ó am go ham.
Ní chuireann an galar isteach ar mhadraí, cait, ná capaill. Ní bíonn mórán tionchair ag an ngalar ar an duine daonna. Ní minic a thagann sé ar dhuine agus ní bhíonn i gceist ach tinneas mar ulpóg éadrom.[3]
Tréithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é is cúis leis an ngalar víreas a ionsaíonn ainmhithe crúbscoilte mar bha. Cloig is othrais sa bhéal is ar na crúba is mó a tharlaíonn sna hainmhithe ionfhabhtaithe. Tagann spuaiceanna nimhneacha ar na beola, na pollairí, an teanga, na drandal, agus na fíocháin thart ar na crúba. I ndiaidh cúpla lá, briseann na spuaiceanna agus tagann cneácha ina n-áit. Tagann fiabhras agus seile lena bhéal agus is deacair leis an ainmhí tinn siúl. Cailleann sé meáchan agus laghdaíonn an tairgeadh bainne in ainmhí baineann.
De ghnáth, ní mharaíonn sé na hainmhithe go díreach.[2] Ní minic a mharaíonn an galar ainmhí ach bíonn sé lag agus míshláintiúil go dtí lá a bháis.
Ionfhabhtú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Spréann an galar crúibe is béil go han-fhurasta. Tarlaíonn ionfhabhtú trí dhornán beag de na víris a ionanálú nó a ithe. Tógann ainmhí é má bhíonn sé gar d’ainmhithe a bhfuil an galar orthu nó má bhaineann sé do réadanna atá fabhtaithe ag fuíollábhar nó seile nó sreabhán a thagann ó na ainmhithe sin.
Is féidir leis an víreas maireachtáil taobh amuigh den chorp ar feadh tamaill: ag brath ar an aimsir, agus mar sin de, bíonn sé in ann taisteal ar an ngaoth nó ar chosa nó ar chraiceann nó éadaí. Maróidh solas na gréine, teas nó tuire an víreas crúibe is béil.
Ní mharaíonn paistéarachán an víreas, agus fiú ag teocht 95°C maireann sé leathuair. Is féidir na víris a scaipeadh sa ghaoth thar níos mó ná 100 km.
Is féidir leis maireachtáil taobh amuigh d'óstach cothaithe, i bhforáiste, gruaig ainmhí, nó ar leoraí, mí in aimsir fhuar agus seachtain in aimsir the, ag fanacht ar dheis nua ionfhabhtaithe.
Bainistiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1899 d'ullmhaigh Friedrich Löffler an chéad vacsaín i gcoinne galar crúibe is béil. I mbunáite na dtíortha ina dtarlaíonn an galar go minic déantar vacsaíniú go rialta mar bheart coisctheach. Ach tá toirmeasc iomlán ar vacsaíniú in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus sa Danmhairg. Má tharlaíonn ráig, ní bhíonn de rogha ag tréidlianna ach na hainmhithe a mharú agus na corpáin a loscadh.
Sa Bheilg, san Iodáil, san Ísiltír agus sa Ghearmáin déantar vacsaíniú gach bliain ar eallach os cionn ceithre mhí d’aois. Má tharlaíonn ráig den ghalar ar fheirm, ní mharaítear ach an stoc nach bhfuil vacsaínithe, agus coimeádtar an stoc vacsaínithe agus déantar athvacsaíniú ar gach cineál ainmhí ar dhóigh an galar a theacht orthu i bhfoisceacht achar áirithe den fheirm.[4]
Sa Fhrainc agus i Lucsamburg vacsaínítear an t-eallach go léir os cionn ceithre mhí d’aois ach má bhíonn ráig den ghalar ann, maraítear an stoc go léir ar dóigh an galar a theacht orthu, idir eallach agus chaoraigh agus mhuca, bíodh siad vacsaínithe nó ná bíodh. Féadfar vacsaíniú a dhéanamh más gá ar stoc i limistéar talún thart ar an bhfeirm.
Déantar an vacsaíniú limistéir sin sa Ghréig freisin nuair a bhriseann ráig amach, ach maraítear an stoc go léir a d’fhéadfadh bheith i gcontúirt agus cuirtear dian-mhodhanna rialaithe a bhfeidhm sa chomharsanacht.[4]
Is ionann cás d’Éirinn, don Ríocht Aontaithe agus don Danmhairg mar nach ndéanann siad aon vacsaíniú, cibé acu go bliantúil nó nuair a tharlaíonn ráig. Maraítear ar an toirt na hainmhithe go léir atá i gcontúirt nuair a tharlaíonn ráig den ghalar ar fheirm. Díothaítear na conablaigh trína ndó nó trína gcur in aol beo agus cuirtear dianbhearta sláinte ainmhithe, lena n-áirítear rialú ar ghluaiseacht, i bhfeidhm sa cheantar áirithe agus coimeádtar súil ar an limistéar mórthimpeall. Le fírinne, cuireann Éire rialuithe agus rialacháin sláinte i bhfeidhm aon uair a tharlaíonn ráig sa Bhreatain.[4]
Cosc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is fearr cosc ná leigheas. Ní dhéanann dífhabhtán dochar ar bith don víreas, ach má éiríonn a thimpeallacht níos aigéadaí nó níos alcailí, maraítear é. Baintear feidhm as tuaslagáin d'aigéad citreach caol, nó sóid níocháin (carbónáit sóidiam) chun bróga, cótaí is feithiclí a iompraíonn ainmhithe a dhífhabhtú.[2]
Eachtraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]I 2001 bhí sé ina ghéarchéim in Éirinn nuair a bhuail ráig shuntasach den ghalar an Bhreatain. Bhí ar na húdaráis na mílte bó agus caorach a chuir den tsaol agus srianta taistil a chur i bhfeidhm.[2] Tharla ráig eile sa Bhreatain in 2007.
Sa bhliain 2025, tharla ráig den ghalar sa Ghearmáin, go háirithe i gceantair cóngarach don phríomh-chathair Beirlín, agus an chéad uair a haimsíodh an galar crúibe is béil sa Ghearmáin ó na 1980idí.. Chuir Rialtas na Breataine cosc ar bha, chaoirigh agus ar mhuca a iompórtáil ón nGearmáin.[5] Bhí an eagraíocht feirmeoireachta in Éirinn, an ICMSA, ag moladh go gcuirfí beartais chuí i bhfeidhm ag na teorainneacha leis an ngalar a choinneáil amach.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Canadian Food Inspection Agency - Animal Products - Foot-and-Mouth Disease Hazard Specific Plan". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-23. Dáta rochtana: 2009-10-24.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim.
- ↑ Martinez-Salas E, Saiz M, Sobrino F (2008). "Animal Viruses: Molecular Biology": 1–38. Caister Academic Press. ISBN 978-1-904455-22-6.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 "Report No. 11 - Ireland's Foot and Mouth Derogations" (Gaelige). archive.oireachtas.ie (19841206). Dáta rochtana: 2025-01-10.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-14). "Cosc curtha ag an mBreatain ar eallach ón nGearmáin" (as ga-IE).
- ↑ "Crúb agus Béil sa Ghearmáin" (as ga) (2025-01-10).