Seile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tál na bhfaireog seileach i bhfeithidí is veirteabraigh tíre. Sna veirteabraigh is tuaslagán soiléir salann is próitéiní í, go minic greamaitheach. Bíonn múicin inti, rud a ghreamaíonn bia le chéile is a bhealaíonn an scornach chun slogadh siar a éascú. Uaireanta, i ndaoine go háirithe, bíonn an éinsím alfa-amaláis inti, a chabhraíonn le díleá stáirsí. Bíonn frith-théachtáin i láthair i seile feithidí fuilsúiteacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Seile". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 591.