Muc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMuc
Sus scrofa domesticus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo demuiceoil, pig nail (en) Aistrigh, pork liver (en) Aistrigh, knuckle (en) Aistrigh, pig's bladder (en) Aistrigh, Crackling (en) Aistrigh, pig's intestine (en) Aistrigh agus pork tail (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineSuidae
GéineasSus
SpeiceasSus scrofa
FospeiceasSus scrofa domesticus Cuir in eagar ar Wikidata
Erxleben, 1777

Is mamach crúbach í an mhuc, le ré-uimhir méara coise, dúchasach do choillearnach na hEorpa, na hAfraice is deisceart na hÁise.[1] Tugtar torc ar an bhfireannach, cráin ar an mbaineannach, agus banbh ar an muc óg.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, bíonn craiceann bándearg ag muca ach bíonn dathanna difriúla orthu freisin, dubh agus donn go háirithe.[2]

  • An cholainn láidir le cosa gearra is fionnadh garbh, an t-eireaball gearr caol, an aghaidh fada chun tosaigh ar na cluasa, na súile beag, an soc matánach leata, cosúil le diosca (a úsáidtear go minic chun tochailt).[1]
  • Tugtar smut ar an tsrón atá ag muc agus úsáideann an mhuc an smut seo chun bheith ag tochailt sa chré chun bia a fháil.
  • Tugtar crúibíní ar chosa na muice. Tá ceithre mhéar coise ar an gcrúibín, dhá cheann a sheasann ar an talamh (mar ghnáthchrúb) agus dhá cheann eile taobh thiar den rúitín.
  • Bíonn eireaball gearr catach ag an muc agus úsáideann sí é chun cuileoga a scaipeadh
  • Is féidir go ndéanfaidh na géaráin íochtaracha is/nó uachtaracha starrfhiacla, dírithe suas.[1]

Itheann an mhuc plandaí is ainmhithe mar bhia de ghnáth ach uiliteoir is ea í.

Is ainmhí fíor-chliste é. Foghlaimíonn na muca níos tapúla ná capaill nó madraí agus tá sé éasca iad a mhúineadh. Coinníonn siad a leapacha glan agus téann siad go dtí an leithreas i gcúinne dorcha atá i bhfad ón leaba.


Le linn an tsamhraidh má bhíonn na muca amuigh faoin aer, is cosúil go mbíonn siad ag únfairt sa lathach chun iad féin a fhuarú. Ach is féidir le muca a bheith dóite ag an ngrian agus is cosaint ón ngrian í an lathach.

Anatamaíocht[3]

Anatamaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth, itheann muca min atá déanta as arbhar. Ach tá codarsnacht idir muca agus na hainmhithe feirme eile. Ní hamháin ábhar ó phlandaí a itheann muca, itheann siad feoil freisin. Tá daoine mar an gcéanna agus mar sin, is cosúil córas díleáite na muice agus córas díleáite an duine.[3]

Ní hamháin táirgí feola a fhaighimid ó mhuca, tá naisc shuimiúla leis an leigheas. Tá inslin muc cosúil le hinslin dhaonna agus is féidir é a úsáid mar chógas do dhaoine le diaibéiteas. Ina theannta sin, tá craiceann muc cosúil le craiceann daoine agus úsáidtear é uaireanta nuair a dhóitear duine go dona.

Uaireanta déanann galar damáiste do chomhlaí croí an duine agus is féidir comhlaí croí muc (a dhéantar go leor oibre orthu roimh ré) a chur isteach ina n-áiteanna. Rinneadh an chéad obráid den saghas seo i 1971 agus d’éirigh leis na mílte obráidí (trasphlandú orgán) ó shin.[3]

Is minic a bhíonn na bainbh ag screadach agus ag brú a chéile ag iarraidh na siní is fearr a fháil.

Atáirgeadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth bíonn cráin (nó cráin mhuice; Béarla: sow) ag iompar ar feadh trí mhí, trí seachtaine agus trí lá. Bíonn thart ar dhá bhanbh déag ag an gcráin ach uaireanta beirtear ar níos mó ná sin. Tugtar ál banbh ar an ngrúpa banbh seo.[4]

Chomh luath agus a bheirtear orthu, tosaíonn na bainbh ag ól bainne ó shiní ar bholg a máthar. Bíonn níos mó bainne le fáil ó chuid de na siní ná a chéile. Is minic a bhíonn na bainbh ag screadach agus ag brú a chéile ag iarraidh na siní is fearr a fháil. Bíonn an t-ál in ann bia tirim a ithe faoin am a bhíonn siad trí seachtaine d’aois.[4]

Caitheann an feirmeoir trí rud a dhéanamh chun aire a thabhairt don ál sa chéad cúpla seachtain.

  • Caithfear sciot a dhéanamh d’eireaball an bhainbh (é a bhearradh), cosúil le heireabaill na n-uan. Baintear leath den eireaball mar mura ndéantar é, bheidís ag baint greime as eireaball a chéile.
  • Caithfear fiacla an bhainbh a ghearradh chun siní na cránach a chosaint.
  • Tugann an feirmeoir de ghnáth instealladh iarainn do na bainbh, mar níl iarann ar bith i mbainne na cránach.[4]
Bagún, ispíní, putóg dhubh agus putóg bhán srl

Táirgí muc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í feoil muc, nó muiceoil, an fheoil is coitianta ar domhan. Is ó mhuca a thagann beagnach leath den fheoil a thairgtear ar domhan.

Príomhalt: muiceoil

Faightear bia eile ó mhuca chomh maith, mar shampla, ispíní, putóg dhubh agus putóg bhán. Tá ribí de ghruaig fhada ag muca ar a dtugtar guairí. Úsáidtear na guairí seo chun scuaba ealaíontóra a dhéanamh. Faightear leathar ó chraiceann muc freisin.

Seanfhocal[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Is iad ná muca ciúine a itheas an mhin.
  • Is cuma nó muc duine gan seift
  • Is iomaí slí muc a mharú seachas a thachtadh le h-im

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  2. agriaware.ie. "Muca". Dáta rochtana: Bealtaine 2023.
  3. 3.0 3.1 3.2 agriaware.ie. "Anatamaíocht". Dáta rochtana: 2023.
  4. 4.0 4.1 4.2 agriaware.ie. "Atáirgeadh". Dáta rochtana: Bealtaine 2023.