Bagún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(1) sailldhroim (2) bolg muiceola
Bagún stríocach cócaráilte 

Táirge feola is ea bagún, ullmhaithe de ghnáth ó mhuiceoil agus leasaithe.[1][2] Tá sé leasaithe ar dtús ag baint úsáide as cainníochtaí móra salainn, a phacáil le sáile nó a thirimphacáil, agus is é an toradh a fhaightear ná bagún úr nó bagún úrleasaithe (Béarla: green bacon) .[3] 

D'fhéadfadh bagún úr a bheith triomaithe ansin ar feadh seachtainí nó míonna san aer fuar, nó d'fhéadfadh sé a bheith bruite nó deataithe. De ghnáth cócaráiltear agus triomaítear bagún úr agus triomaithe sula n-itear é, go minic tré fhriochadh. Bíonn bagún bruite réidh chun a ithe, mar tá roinnt bagúin deataithe, ach d'fhéadfadh é a bheith cócaráilte níos mó, sula n-itear iad.

Ullmhaítear bagún ó ghearrthacha éagsúla feola. Is féidir é a dhéanamh ó thaobhghearrthacha agus ó dhroimghearrthacha muiceola, nó ó bholg muiceola. Bíonn níos lú saille i dtaobhghearradh ná sa bholg.

In Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, tugtar "bagún luain" nó "slisín bagúin" ar luan muiceola le roinnt boilg ceangailte leis, agus "bagún stríocach" ar bholg muiceola.[4] D'fhéadfadh bagún a bheith ullmhú as ceann amháin de dhá dhroimghearradh ar leith: sailldhroim (Béarla: fatback), arb é fíorshaill beagnach, nó luan muiceola, a bhfuil an-thrua.

Féach freisin    [cuir in eagar | athraigh foinse]

Stráicí neamhchócaráilte de bhagún stríocach bolgach
Bagún deataithe folúsphacáilte 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "What is bacon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Eanáir 2014. Dáta rochtana: 21 Feabhra 2017.
  2. "What is Bacon?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Eanáir 2014. Dáta rochtana: 21 Feabhra 2017.
  3. "Bacon Cuts".
  4. "A Guide to Bacon Styles, and How to Make Proper British Rashers".