Tréidliacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tréidlianna i mbun oibre

Eolaíocht a phléann le galair ainmhithe, a gcóireáil is a seachaint. Baineann sí go príomha le hainmhithe ceansaithe is ainmhithe i zúnna. Bíonn cumainn tréidliachta i gcuid mhaith tíortha, agus fo-ghrúpaí chun díriú ar ainmhithe ar leith, mar shampla capaill nó ainmhithe beaga baile. Bunaíodh Cumann Domhanda Tréidliachta i 1863 le déileáil le ceisteanna idirnáisiúnta, agus ó 1958 tá an Cumann Domhanda Tréidliachta d'Ainmhithe Beaga ann.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Tréidliacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 675.