Siobhán McKenna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Siobhán McKenna
Siobhan McKenna 1959.jpg
Saol
Eolas breitheBéal Feirste, 24 Bealtaine 1922
NáisiúntachtÉire
BásBaile Átha Cliath, 16 Samhain 1986
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse scamhóg)
Muintir
Céile/CéilíDenis O'Dea (en) Aistrigh  (1956 -  1978)
Gairm
Gairmaisteoir stáitse agus aisteoir scannáin
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Lipéad ceoilTradition Records
IMDbnm0571430
Discogs ID678286

Ban-aisteoir Éireannach ar an stáitse agus sna scannáin ab ea Siobhán McKenna (24 Bealtaine 192216 Samhain 1986).[1]

Tugadh an t-ainm Siobhán Giollamhuire Nic Cionnaith di nuair a saolaíodh í i mBéal Feirste i dtuaisceart na hÉireann. Tógadh i gContae Mhuineacháin í agus Gaeilge líofa á labhairt aici.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sí go fóill ina déagóir i 1940 nuair a ghlac sí páirt ar an stáitse den chéad uair i dTaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Ghaelach na hÉireann. Cuimhnítear chomh maith uirthi mar gheall ar an obair a rinne sí i mBéarla in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Ach is sa bpríomhpháirt i St. Joan, dráma cáiliúil le George Bernard Shaw, agus mar Pegeen Mike i The Playboy of the Western World le John Millington Synge a bhain sí an clú is mó amach.

Walter Slezak agus Siobhan McKenna, 1960 "Woman in White" ar an teilifís

Nuair a bhí sí ag obair in Amharclann na Mainistreach, bhuail sí le Denis O’Dea agus pósadh iad i 1956. Bhí mac acu.

Ghlac sí páirt ar an stáitse i Londain den chéad uair i 1947 agus i Nua-Eabhrac i 1955 sa dráma The Chalk Chalk Garden le hEnid Bagnold agus ainmníodh í do Ghradam Tony. Nuair a bhí St Joan á léiriú aici i Nua-Eabhrac i 1956 dúirt an léirmheastóir amharclainne Elliot Norton gurbh é seo an léiriúchán is fearr den pháirt dá bhfaca sé riamh. Mar gheall ar an tóir a bhí uirthi, cuireadh a grianghraf ar chlúdach na hirise Life.

Cé go ndearna sí an chuid is mó dá cuid oibre ar an stáitse, ghlac sí páirteanna chomh maith ar an teilifís agus sna scannáin. Ina measc seo, bhí King of Kings (1961), Of Human Bondage (1964) agus Dr Zhivago (1965). Rinneadh scannán freisin de Playboy of the Western World.

Bronnadh Bonn Óir Chumann Éireannach Bhostúin uirthi toisc go raibh sí tar éis “idéil an Chumainn Éireannaigh a chomhlíonadh go bunúsach, go háirithe eolas faoi éachtaí cultúrtha mhuintir na hÉireann a scaipeadh go forleathan”.

Tháinig Siobhán McKenna ar ais go dtí Amharclann na Mainistreach sna seascaidí chun an phríomhpháirt a thógaint i The Loves of Cass Maguire le Brian Friel agus sna hochtóidí chun Bessie Burgess a léiriú i The Plough and the Stars le Seán O'Casey.

Is é Bailegangaire le Tom Murphy an dráma deireanach gur ghlac sí páirt ann (1985). Cailleadh í bliain ina dhiaidh sin tar éis d’ailse scamhóige teacht uirthi.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "McKenna, Siobhán | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2022-05-22.