Maureen O'Hara
Maureen O'Hara (c. 1945) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | (en) Maureen FitzSimons 17 Lúnasa 1920 Raghnallach (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
| Bás | 24 Deireadh Fómhair 2015 95 bliana d'aois Boise, Idaho |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha |
| Áit adhlactha | Reilig Náisiúnta Arlington |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Caitliceachas |
| Airde | 1.72 m |
| Gníomhaíocht | |
| Réimse oibre | Aisteoireacht agus amhránaíocht |
| Gairm | scríbhneoir, aisteoir scannáin, aisteoir teilifíse, aisteoir stáitse, dírbheathaisnéisí, amhránaí, aisteoir |
| Tréimhse oibre | 1938 – 2000 |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Poblachtach |
| Seánra | Scéalta buachaillí bó |
| Teangacha | Béarla |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Teaghlach | |
| Céile | George H. Brown (1939–1940) Will Price (1941–1952) Charles F. Blair, Jr. (1968–1978) |
| Páiste | Bronwyn FitzSimons ( |
| Siblín | Charles B. Fitzsimons agus James O'Hara |
Gradam a fuarthas | |
Ba bhan-aisteoir Éireannach í Maureen O'Hara (a rugadh ar an 17 Lúnasa 1920 agus a d'éag 24 Deireadh Fómhair 2015), réalta 'ar an seandéanamh' as Raghnallach, BÁC ag comhghuaillíocht le Charles Laughton, Alfred Hitchcock, Tyrone Power, Henry Fonda, John Ford agus John Wayne i rith ré órga Hollywood. .
Bean a dhein a hiomaire féin a threabhadh, bean nár chaill a féiniúlacht Éireannach agus bean a bhí chomh compordach measúil céanna le Tadhg an mhargaidh is a bhí sí leis an bpiarda mór.[1] Bhí cáil ar O’Hara as a pearsantacht láidir. Níor ghlac sí go héasca le róil a léirigh mná mar dhaoine laga nó neamhfhorbartha. Mheas sí gur cheart do mhná a bheith le feiceáil ar an scáileán mar dhaoine cróga agus neamhspleácha agus ba mhinic a roghnaigh sí róil a léirigh na tréithe sin.[2]






Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Maureen Fitzsimons i Raghnallach, BÁC ar 17 Lúnasa 1920. Bhaist an t-impreasóir Charles Laughton "O’Hara" uirthi nuair a dhein sé conradh scannánaíochta i Sasana a thairiscint di.[1]
Bhí spéis aici san aisteoireacht ó aois óg agus ghlac sí páirt i léirithe amharclainne i rith a hóige. D’fhreastail sí ar Amharclann na Mainistreach in 1937 (in aois 17 bliain di), áit ar fhoghlaim sí bunús na haisteoireachta gairmiúla.
Rugadh a iníon Bronwyn Bridget FitzSimons (née Price) sa bhliain 1944. Is í an t-aon leanbh amháin a bhí ag O'Hara lena céad fhear céile, William Houston Price..
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhog Maureen go Londain in 1937 (in aois 17 bliain di)[2] agus ansin go Hollywood, áit ar thuill sí clú agus cáil mar thoradh ar a cuid oibre i scannáin le linn ré órga Hollywood sna 1940idí agus 1950idí. Bhí sí ar dhuine de na réaltaí ba mhó le linn na tréimhse sin.
An chomhghuaillíocht bhisiúil le John Wayne, agus leis an nGael-Mheiriceánach, John Ford, a sholáthair saothair mhór-ráchairte cosúil le How Green Was My Valley (1941) agus, gan amhras, an saothar ab ansa léi féin The Quiet Man (1952). Bhí ról Mary Kate Danaher ag Maureen, ceann de na róil ba cháiliúla dá cuid, agus meastar gur chuir sí go mór le rath an scannáin sin.
In a dhiaidh sin, bhí na piardaí ag iarraidh í a shá isteach i scannáin gan dealramh le leas a bhaint as a háilleacht agus a gruaig rua, go mór mór le teacht na scannán daite. Í féin ag rá go seanbhlastúil go rabhthas ag iarraidh a chinntiú nach bhfaigheadh a cumas an ceann is fearr ar a háilleacht.[1]
Chlis dá phósadh uirthi, ach an tríú pósadh deireanach a thug sonas di agus a d’fhág í ina céad uachtarán ar chomhlacht eitleán i Meiriceá.
Ba bhean choráistiúil í nach ngéillfeadh ar a prionsabail. Ní raibh sí sásta luí ar an “casting couch” rud a d’fhág go raibh an chloch sa mhuinchille ag piardaí áirithe di.
Níor lig sí do na meáin satailt uirthi ach an oiread. Nuair a d’fhoilsigh an iris chúlchainte Confidential scéal gáirsiúil gan dealramh fúithi chuir sí an dlí orthu agus fuair sí an ceann is fearr orthu.[1]
Bronnadh go leor onóracha uirthi thar na blianta, lena n-áirítear Gradam Saoil ón Academy of Motion Picture Arts and Sciences sa bhliain 2014 – aitheantas ar a cuid oibre thar na blianta.[2]
Teann as a dúchas
[cuir in eagar | athraigh foinse]In ainneoin a ratha sa scannánaíocht, níor chaill sí a ceangal le hÉirinn riamh. Bean í a bhí teann as a dúchas. “To be born in Ireland is the greatest gift God can give,” a dúirt sí féin tráth. Chaith sí cuid mhór dá saol ina dhiaidh sin idir Meiriceá agus Éire.
Thug sí dúshlán an chórais dlí agus cirt nuair a bhí sí iarraidh saoránacht Mheiriceánach a bhaint amach. Na húdaráis ag maíomh gur Sasanach an Baile Átha Cliathach ach ise ag seasamh an fhóid. Sa deireadh ghéill breitheamh dá féiniúlacht Éireannach.
Bhí roinnt Gaeilge ag O’Hara ach mar sin féin, agus an Quiet Man á dhéanamh, beartaíodh bean óg, Nóra Ní Chonghaile (seanmháthair an chraoltóra Máire Treasa Ní Dhubhghaill) a thabhairt suas go Conga ón Spidéal gach lá ar feadh sé seachtaine chun an méid a bhí le rá i nGaeilge ag O’Hara sa scannán a mhúineadh di.[3]
Labhair sí óna croí riamh faoi Éirinn agus ní raibh aon stad ar dílseacht di – d’Iarsmalann Mhuireitleáin Fhainge agus Ruagairí na Seamróige go háirithe. Níorbh leasc léi an Ghaeilge a bhí aici a úsáid ach an oiread agus “Is cneasta an fear tú” a rá le Perry Como ar a sheó cáiliúil.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugann an clár Maureen O’Hara – Banríon Hollywood (TG4) léargas ar a saol agus ar a saothar céad bliain i ndiaidh a breithe.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Breandán M Mac Gearailt (26 Nollaig 2020). "Clár snoite néata faoin réalta Maureen O’Hara, banríon Hollywood" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-08.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Cathal Ó Murchú (2025-08-22). "Léamhthuiscint: Saol agus Gairm Maureen O’Hara – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-22.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (14 Lúnasa 2025). "‘Shíníodh sé a ainm ‘John Ford, Hollywood & An Spidéal’ – ceiliúradh le déanamh ar dhuine de laochra na scannánaíochta ar an bhfód dúchais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-15.