Jump to content

Ryan Tubridy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRyan Tubridy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Bealtaine 1973
51 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheDún Laoghaire
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir amhrán, láithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirVirgin Radio RA (2024–)
Raidió Teilifís Éireann (–2023) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinryantubridy.ie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1561835 Musicbrainz: 5870003e-ce01-45cc-8e1c-53709407685b Cuir in eagar ar Wikidata

Is láithreoir teilifíse agus raidió Éireannach é Ryan Tubridy, a rugadh ar 28 Bealtaine sa bhliain 1973. Is as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath dó. D'fhág Tubridy RTÉ sa bhliain 2023 i bhfianaise na conspóide a tarraingíodh faoi íocaíochtaí áirithe a tugadh dó ach nár fógraíodh go poiblí. Tá ceangal conartha air anois obair a dhéanamh le Virgin Radio UK i Londain.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis dó blianta a chaitheamh ag cur cláir éagsúla i láthair (mar shampla The Rose of Tralee), fuair sé a sheó cainte féin Tubridy Tonight ar RTÉ 1 sa bhliain 2004.

2018

The Late Late Show, 2009-2023[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fógraíodh i mBealtaine 2009 go mbeadh sé mar láithreoir The Late Late Show, tar éis do Phat Kenny a fhógairt go mbeadh sé ag éirí as an bpost sin ag deireadh shéasúr 2008-2009.

Chuir an Tiobraideach an seó i láthair don chéad uair ar 5 Meán Fómhair 2009. D'éirigh sé as in 2023.[1]

RTÉ Raidió 1[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí clár raidió ag Tubridy idir an 9 am agus an 10 am chuile mhaidin den tseachtain ar RTÉ Raidió a hAon, go dtí 2023.  

Scannal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig sé chun solas sa bhliain 2023 gur athraigh RTÉ na figiúirí i dtaca le pá Ryan Tubridy chun an chuma a chur ar an scéal go raibh an craoltóir ag fáil níos lú ná €500,000 sa bhliain. Íoc RTÉ €150,000 breise le Tubridy mar chuid de mhargadh faoi obair bholscaireachta a dhéanamh do Renault. Dúirt RTÉ gur €491,667 a fuair Tubridy in 2017, gur €495,000 a fuair sé in 2018 agus gur €495,000 a íocadh leis in 2019. Ach ba í fírinne an scéil gur íocadh €511,667 leis in 2017, go bhfuair Tubridy €545,000 in 2018 agus go bhfuair sé €545,000 in 2019.[2]

Bhain €225,000 den airgead sin le trí íocaíocht bhliantúil €75,000 a fuair Tubridy as obair a bhí sé le déanamh mar aoi ag ócáidí poiblí do Renault. Mar chuid den mhargadh idir RTÉ, Renault agus an láithreoir, chinn RTÉ go seasfaidís an costas a bhain leis na táillí. Sa chéad bhliain den mhargadh, thug RTÉ nóta sochair arbh fhiú €75,000 é do Renault a d’íoc Tubridy. Sa dá bhliain eile, nuair a d’éirigh Renault as an socrú, d’íoc RTÉ Tubridy as cuntas babhtála tráchtála a bhí acu.[2]

Dúirt RTÉ gur mhaith leis go n-íocfaí an t-airgead sin ar ais le RTÉ.[2] Ní raibh Tubridy sásta é sin a dhéanamh.

D'fhág Tubridy RTÉ in 2023 i bhfianaise na conspóide.

Virgin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tosú in Eanáir 2024, craolfar clár le Tubridy ar Virgin Radio UK i Londain idir 10 a chlog ar maidin agus 1 a chlog san iarnóin ó Luan go hAoine. Craolfar an clár go comhuaineach ar stáisiún raidió Q102 i mBaile Átha Cliath.[3]

Ina cheann sin, cuireann Tubridy clár eile i láthair ar an deireadh seachtaine agus craolfar an clár sin ar roinnt stáisiún raidió leis an gcomhlacht Wireless Ireland, mar atá, Q102, 96FM i gCorcaigh, Live 95 i Luimneach agus LMFM i gCo Lú-Co na Mí.[3]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceangal na nglúnta ag Ryan Tubridy féin le Gaeltacht Chonamara. Bhí sin-seantuismitheoirí an chraoltóra ina múinteoirí i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Bhí a mac siúd, an Dr. Seán Tubridy, ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus páirteach i gCogadh na Saoirse agus é ina Theachta Dála ag Fianna Fáil i gConamara ina dhiaidh sin, agus bainteach leis an eagraíocht Muintir na Gaeltachta a bhunú le Máirtín Ó Cadhain.[4] D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh a athair.[5]

Poblachtach neamh-leithscéalach ba ea seanathair Ryan Tubridy, Todd Andrews, ón taobh eile.[6] Bhí sé ina dhochtúir leighis i mBéal an Daingin agus ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar.  D’athraigh muintir Tubridy soir ar an Órán Mór níos deireanaí agus ba ansin a rugadh athair Ryan.[7]

Bhí teach saoire ag a sheanathair, ar thaobh a mháthar, Todd Andrews i mBaile na hAbhann, atá fós ann.[5]

Ryan Tubridy, 2018

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt an Tiobraideach sa bhliain 2021, “Is breá liom TG4. Ba mhaith liom an Ghaeilge a thabhairt ar ais i mo shaol ar bhealach éigin, agus déarfainn gur rud é a dtabharfainn faoi nuair a bheidh an rud seo curtha dínn againn... Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís agus a bhuíochas sin ar fad do TG4."[4]

Tá beirt iníonacha ag Tubridy agus an léiritheoir RTÉ, Ann Marie Power. Bhí Tubridy ag dul amach le Aoibhinn Ní Shúilleabháin, craoltóir, eolaí agus Gaeilgeoir, idir 2009-2014.[8]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-03-16). "Ryan Tubridy le n-éirí as mar láithreoir an Late Late" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 2.2 "Fáilte curtha ag Ryan Tubridy roimh thuarascáil faoi íocaíochtaí conspóideacha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-08-16). Dáta rochtana: 2023-11-16.
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2023-11-16). "Tubridy le clár laethúil a chur i láthair ar Virgin Radio UK" (as ga). 
  4. 4.0 4.1 Tuairisc.ie (2021). "‘Tá mé tosaithe ag titim beagáinín i ngrá leis an nGaeilge arís’ – Ryan Tubridy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  5. 5.0 5.1 "Ryan Tubridy ag éirí as The Late Late Show" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-16.
  6. Seosamh Ó Cuaig (19 Samhain 2015). "I gConamara le Ryan Tubridy, ag plé Casement, an Aud agus an Cheathrú Rua, agus a mhuintir féin…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  7. Máirtín Ó Catháin (28 Lúnasa 2015). "‘Táthar ann nach spéis leo Conamara – is boichte ná mise iad dá bharr!’ – Ryan Tubridy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  8. "Ryan Tubridy and Aoibhinn Ni Shuilleabhain announce their love split" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-05-28.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]