Scannal íocaíochta RTÉ

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal íocaíochta RTÉ
Cineálscannal polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2020í Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Croineolaíocht
Toy Show The Musical (en) Aistrigh
The Late Late Show Cuir in eagar ar Wikidata


Tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra d'fheidhmeannaigh shinsearacha Raidió Teilifís Éireann sna 2010idí agus 2020idí. Ina theannta sin, bhí RTÉ sáinnithe i gconspóid mhór ó d’admhaigh iad i mí an Mheithimh 2023 go raibh an pá a íocadh le Ryan Tubridy, láithreoir mór le rá, idir 2017-2022 €345,000 níos airde ná mar a thuairiscigh RTÉ go poiblí,[1] agus chun an chuma a chur ar an scéal go raibh Tubridy ag fáil pá níos lú ná €500,000 sa bhliain. Ag an am céanna, bhí ciorruithe á moladh go haer ag Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir ar RTÉ ag an am[2] (ceapadh í in 2016 agus tugadh bata agus bóthar di in 2023).

Chroith na scannail muinín an phobail sa chraoltóir náisiúnta agus bhain na conspóidí siar as an Rialtas ag an am.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuarastail phearsantachta RTÉ[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Nollag 2018, d'fhoilsigh RTÉ liosta na dtuarastal a íocadh lena 10 bpearsantacht b'airde pá in 2016: Ryan Tubridy: €495,000 (agus uasteorainn €500,000 i bhfeidhm, mar dhea); Ray D'Arcy: €450,000; Joe Duffy: €389,988; Sean O'Rourke: €308,964; Marian Finucane: €300,617; Miriam O'Callaghan: €299,000; Claire Byrne: €216,000; Bryan Dobson: €198,146; George Hamilton: €186,195; Mary Wilson: €185,679

Ryan Tubridy, 2010
Dee Forbes, 2015

Conspóid Tubridy[cuir in eagar | athraigh foinse]

In 2023, d'admhaigh RTÉ gur íoc RTÉ €345,000 faoi cheilt le Ryan Tubridy, airgead sa bhreis ar a thuarastal nár tuairiscíodh don phobal ná don Oireachtas. Tháinig an scannal chun solais tar éis fiosrú ón iniúchóir Deloitte.[3]

In 2020, scríobh Breda O'Keeffe, Stiúrthóir Airgeadais RTÉ ag an am, chuig Tubridy agus a ghníomhaire: "Rinneamar dul chun cinn maith faoin gcuma a bheadh ar an socrú tráchtála…agus is féidir linn litir thánaisteach a chur ar fáil duit chun an táille a fhrithghealladh do thréimhse an chonartha."[4]

Íocaíochtaí iomarcaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn 2023, dhiúltaigh RTÉ conradh fostaíochta Forbes a sholáthar do Choiste na gCuntas Poiblí i nDáil Éireann, agus eolas a sholáthar maidir leis na pacáistí airgeadais scoir a tugadh di agus d'iar-Stiúrthóir Tráchtála an chraoltóra, Geraldine O'Leary agus iar-Phríomh-Oifigeach Airgeadais, Breda O'Keefe.[5]

Ach sa bhliain 2024, tháinig sé chun solais gur tugadh íocaíochtaí iomarcaíochta ollmhóra do dhaoine áirithe nuair a d'fhág siad RTÉ sna 2020idí. Mar shampla tugadh íocaíocht €450,000 d'iarStiúrthóir Airgeadais RTÉ Breda O'Keefe nuair a d'fhág sí an eagraíocht faoi scéim iomarcaíochta in 2020.

Níor cheadaigh Bord RTÉ an íocaíocht mar ba chóir de réir rialacha RTÉ. An rud a tharla ná rinne Breda O'Keeffe cás gnó ar son an iomarcaíocht a cheadú di agus gur idir í féin agus Príomh-Stiúrthóir RTÉ ag an am Dee Forbes a pléadh an scéal.[6]

Seó na mBréagán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an ceoldráma bunaithe ar Sheó na mBréagán ina ábhar plé freisin, agus ceisteanna ag eascairt faoin gcaoi ar ceadaíodh an tionscadal, a chaill dhá mhilliún agus dhá chéad míle euro.[7]

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shocraigh an Rialtas in 2022 go gcoimeádfar an ceadúnas teilifíse ach go ndéanfar "athchóiriú" air.[8] Ach níor tharla faic. Tháinig brú nua in 2024 ar an Rialtas córas úr maoinithe do na meáin sheirbhíse phoiblí a thabhairt isteach.[9]

I mí Feabhra 2024, dúirt Mary Lou McDonaldí go raibh daoine ag vótáil lena gcosa gan an ceadúnas teilifíse a íoc agus d'iarr arís go gcuirfí deireadh leis go hiomlán.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Imní faoin lorg a fhágfaidh ciorruithe RTÉ ar chraoltóireacht na Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-09-15). Dáta rochtana: 2024-02-21.
  2. Sinéad Crowley (2019-11-06). "RTÉ to cut jobs and pay to address financial crisis" (as en). 
  3. Nuacht RTÉ (2023-06-26). "Ceannasaí RTÉ tar éis éirí as faoin scannal íocaíochtaí" (as ga-IE). 
  4. "'Tá drochsmál curtha ar m'ainm' – ionsaí fíochmhar déanta ag Ryan Tubridy ar RTÉ" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-07-11). Dáta rochtana: 2024-02-20.
  5. Nuacht RTÉ (2023-09-22). "Níl conradh fostaíochta Dee Forbes á sholáthar ag RTÉ" (as ga-IE). 
  6. Nuacht RTE (2024-02-14). "€450,000 a íocadh le Breda O'Keeffe nuair a d'fhág sí RTÉ" (as ga). 
  7. 7.0 7.1 Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "‎Nuacht Mhall: (Baile Átha Cliath) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-15.
  8. Nuacht RTÉ (2022-07-12). "An táille ar cheadúnas teilifíse le fanacht mar atá - an Rialtas" (as ga-IE). 
  9. Nuacht RTÉ (2024-02-19). "Íocaíochtaí scoir: 'comhairle dlí úr le fáil ag RTÉ gan mhoill'" (as ga-IE).