Gay Byrne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGay Byrne

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Lúnasa 1934
Rialto, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás4 Samhain 2019
85 bliana d'aois
Binn Éadair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisAilse phróstataigh
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil na mBráithre, Sráid Synge Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheDumhach Thrá
Gníomhaíocht
Réimse oibreLáithreoir
Gairmláithreoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1958 –
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
CéileKathleen Watkins (1964–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Ba láithreoir teilifíse é Gabriel Mary Byrne (a rugadh ar 5 Lúnasa 1934 i mBaile Átha Cliath, agus a fuair bás ar an 4 Samhain 2019). Fathach i gcúrsaí craoltóireachta ab ea Gay ByrneGaybo, mar a thugtar air go minic.[1]

Bhí sé mar láithreoir ar The Late Late Show ó 1962 go-dtí 1999. 60 bliain a chaith Byrne i mbun craoltóireachta, agus aithnítear go raibh baint mhór ag an Late Late Show lena linn le hathruithe sóisialta agus eile in Éirinn. Ba é a bhí mar láithreoir ar an seó cainte, atá ar an dara seó dá leithéid is faide ar an aer ar domhan, ó bunaíodh é i 1962 go dtí gur éirigh sé as i 1999.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mary “Gay” Byrne sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath ar 5 Lúnasa 1934.  Ba é an mac ab óige ag Edward agus Annie Byrne, agus  triúr deartháireacha agus aon deirfiúr amháin aige. I ndiaidh freastal ar bhunscoil in Rialto, chuir na Bráithre Críostaí meánoideachas air i Sráid Synge. Bhí sé i gceist aige dul ar an ollscoil, ach nuair a d’éag a athair, ní raibh an dara rogha aige ach dul ag obair.

Cé go raibh suim mhór aige sa chraoltóireacht ó nuair a bhí sé óg, thosaigh Gay ag obair ar dtús i dtionscal an árachais. Mar sin féin, nuair a bhí an deis aige dul le Raidió Éireann sa bhliain 1958, rug sé ar an bhfaill. Roghnaíodh é chun an Late Late Show a chur i láthair nuair a seoladh é in 1962, agus bhí an rath chomh mór sin gur fhan sé sa ról sin ar feadh 37 bliain (seachas sé mhí in 1964, nuair a bhí Frank Hall i mbun an tseó).

Ar feadh an ama seo, bhí sé ina láithreoir agus léiritheoir chomh maith ar sheóanna eile, ar theilifís agus raidió araon. Bhí clár raidió maidine aige, The Gay Byrne Show, le fada. Lean sé air ag craoladh ar theilifís agus raidió ina dhiaidh sin le cláir amhail The Meaning of Life agus clár ceoil ar Lyric FM.

Tar éis dó dul ar scor, chaith sé ocht mbliain mar chathaoirleach ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Roimh a bhás, bhí Gay mar chathaoirleach ar an Road Safety Authority in Éirinn.

Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Late Late[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craoladh an Late Late Show don chéad uair riamh ar 6 Iúil 1962, le Gay Byrne mar fhear an tí.[2] Clár conspóideach a bhí ann sna luath-laethanta agus Gay Byrne mar láithreoir.  D’éirigh le "GayBo" an tsuáilce agus an duáilce a chniotáil le chéile.

Thuil Gay clú freisin mar láithrigh sé an Rose of Tralee suas go dtí 1994 agus The Gay Byrne Hour (The Gay Byrne show) ar an raidió.

Conspóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Gay Kathleen Watkins, cláirseoir cáiliúil, in 1964. Bhí beirt iníonacha acu, Crona and Suzy. D’éag Gay ar 4 Samhain 2019 agus 85 in aois dó.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Gay Byrne 1934- 2019 – ‘An craoltóir ab fhearr a bhí againn riamh’" (ga-IE). Tuairisc.ie (2019-11-04). Dáta rochtana: 2023-12-04.
  2. "To whom it concerns: Remembering Gay Byrne" (as en) (2019-11-18). 
  3. Donal O'Keeffe (2016-04-07). "Our story is still in the making and Ireland needs to start trusting women" (en-GB). The Avondhu Newspaper. Dáta rochtana: 2023-12-04.