Jump to content

Kathleen Watkins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKathleen Watkins
Beathaisnéis
Breith17 Deireadh Fómhair 1934
Teach Sagard, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Samhain 2024
90 bliana d'aois
Áit chónaitheDumhach Thrá
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileGay Byrne Cuir in eagar ar Wikidata


Musicbrainz: 245a5f4d-f628-4880-895b-247989faa531 Cuir in eagar ar Wikidata

Craoltóir, scríbhneoir agus ceoltóir ba ea Kathleen Watkins (17 Deireadh Fómhair 1934 - 7 Samhain 2024).[1] Ba as Teach Sagard in iardheisceart Chontae Átha Cliath Kathleen Watkins ó dhúchas.

Bhain Watkins cáil amach ina hóige mar chláirseoir agus mar amhránaí tíre sula bhfuair sí post in RTÉ mar láithreoir leanúnachais. Ba í féin an chéad láithreoir leanúnachais a chonacthas ar an scáileán nuair a seoladh Telefís Éireann Oíche Chinn Bhliana 1961.

Bhí baint ag Kathleen Watkins le cláir éagsúla ar RTÉ i gcaitheamh na mblianta. Bhíodh iomaitheoirí Rós Thrá Lí os a comhair ar feadh na mblianta. Bhí an-tóir go háirithe ar an tsraith Faces & Places a chuir sí i láthair sna 1980idí.

Blianta i ndiaidh di éirí as an gcraoltóireacht, scríobh Kathleen Watkins sraith scéalta do pháistí faoi mhuicín gleoite darb ainm Pigín agus ar bronnadh gradam scríbhneoireachta uirthi as.[1]

Bhí Watkins pósta leis an gcraoltóir le RTÉ Gay Byrne a fuair bás sa bhliain 2019. Bhí aithne aici ar Gay Byrne roimh 1961 agus phós siad i 1964. Sheas sí leis i gcónaí go dílis.[2]

Fuair Watkins bás ar an 7 Samhain 2024. Bhí sí 90 bliain d'aois. Maireann a beirt iníonacha, Crona agus Suzy, agus a cúigear garpháistí.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2024-11-07). "An craoltóir aitheanta Kathleen Watkins tar éis bháis" (as ga-IE). 
  2. Nuacht RTÉ (2019-11-04). "Pearsa mhór RTÉ agus na hÉireann Gay Byrne tar éis bháis" (as ga-IE).