Ann Lovett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ann Lovett's resting place in Granard, Co. Longford.JPG

Ba dhéagóir Ann Lovett (1968 - 31 Eanáir, 1984), cúig bliain déag d’aois, a bhí ina cónaí i nGránard, contae an Longfoirt. Cailleadh í i ngrató na Maighdine Muire agus í ag tabhairt páiste ar an saol - ina aonar - ag an am[1]. Bhí an cailín ag filleadh ón scoil ina aonar ar fuar, fliuch i lár an gheimhridh[2]. Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig. Cailleadh an mac a saolaíodh fosta.

Cur agus cúiteamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba ea an láithreoir teilifíse Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é [3] ag athbhreithniú na nuachtáin. Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.

D’éiligh páirtithe an fhreasúra ar an Rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil ar an ábhar. Ag a gcruinniú ar an 7 Feabhra 1984, áfach, chinn an Rialtas gan a leithéid d’fhiosrúchán a bhunú i bhfianaise tuairiscí a chuir Bord Sláinte Lár Tíre agus an Roinn Oideachais ina láthair. Níor foilsíodh riamh fiosrúchán na Roinne Oideachais ná an Bhord Sláinte.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]