Savita Halappanavar
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 9 Meán Fómhair 1981 Bagalkot, An India |
| Bás | 28 Deireadh Fómhair 2012 31 bliana d'aois Gaillimh, Éire |
| Siocair bháis | Toircheas éigeantais (Seipticéime) |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fiaclóir |
| Croineolaíocht | |
| 28 Deireadh Fómhair 2012 | bás Savita Halappanavar |
Fiaclóir de shliocht Indiach, a bhí ina cónaí i nGaillimh, ab ea Savita Halappanavar (née Savita Andanappa Yalagi; 9 Meán Fómhair 1981 – 28 Deireadh Fómhair 2012).
Bhásaigh sí tar éis di páiste a bhí sí a iompar a chailleadh. Fuair sí bás mar gheall ar sheipsis ina broinn nuair a bhí sí cúig mhí torrach. Diúltaíodh ginmhilleadh di cé gur iarr sí sin cúpla uair.
Chuir bás Savita Halappanavar tús le gluaiseacht shóisialta a ndearnadh leasú ar dhlíthe ginmhillte na tíre mar thoradh air.[1]


Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí fiche bliain caite ó chás míchlúiteach, tragóideach an chailín X ach níor thug aon rialtas aghaidh ar an anachain. Bhí sé ina néal os cionn lucht leighis go bhféadfaí an dlí a chur orthu, agus téarma príosúnachta 14 bliain a ghearradh orthu, dá dtabharfaí ginmhilleadh i gcúinsí míchuí.[2]
Bás 'de bharr míthapa'
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Aon bhliain déag is fiche a bhí Halappanavar sa bhliain 2012 agus bhí páiste á iompar aici. Níor éirigh leis an ospidéal breith ar an ionfhabhtú a bhí ag cur as di agus déileáil leis. Go deimhin thug fiosrúchán le fios ina dhiaidh sin go raibh trí dheis déag ann nár tapaíodh. Ag an am céanna ní raibh foirceannadh toirchis mar rogha mar go raibh buille croí féatais le brath agus measadh nach raibh beatha na máthar i mbaol.[2]
Fuair Halappanavar "bás de bharr míthapa leighis”, an breithiúnas a thug an coiste cróinéara.[4] Mhair Coiste Cróinéara Halipanavar ocht lá. Bhí faillí á cur i leith an ospidéil.[5]
Ag tráth a báis, glacadh go forleathan leis gur éag sí mar nach raibh fáil aici ar ghinmhilleadh (nó foirceannadh toirchis).[6]

Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a fuair Savita bás in 2012, "cionn is gur diúltaíodh tobscor di", mhaígh an pobal in Éirinn nach ligfeadh dá leithéid tarlú arís.[7] Bhí an scéal sna ceannlínte ar fud an domhain agus an mhéar á síneadh i dtreo na ndlíthe ginmhillte. Cuireadh fiosrúcháin éagsúla ar siúl agus gríosaíodh lucht feachtais leis an dlí a athrú.
Cuireadh brú ollmhór, ó lucht tacaíochta an ghinmhillte is a gcairde, i gcuid de na meáin reachtaíocht a thabhairt isteach bunaithe ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i dtaobh "Chás X". Tháinig an reachtaíocht sin isteach in 2013.[6]
2013
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cáineadh roinnt cleachtas maidir le seirbhísí máithreachais in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh i dtuarascáil a d'fhoisigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte sa bhliain 2013.[8]
De bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar sa bhliain 2012, chuir reachtaíocht nua le chéile, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (2013). D'éirigh sé dleathach ginmhilleadh a cheadú suas go nóiméad na breithe, má chruthaítear go bhfuil beatha na máthar i mbaol, ag áireamh baol go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin.[6]
Ach ina ainneoin sin, dúirt daoine áirithe ag an am, ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita".[9]
2014
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 11 Meán Fómhair 2014, dúirt an FSS gur smachtaíodh naonúr oibrithe in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh mar gheall ar bhás Halappanavar.[10]
2015
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Grúpa Ospidéal an Iarthair agus an Iarthuaiscirt athbhreithniú ar an mbaint a bhí ag deich nduine is fiche le cúram na mná. Cinneadh nach raibh aon chás le cur in aghaidh duine is fiche acu (cé go raibh gníomh smachta ag dul don naonúr eile -féach 2014).[8]
2016
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugadh cás cúirte i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Bhí Praveen Halappanavar, fear céile Savita, ina chónaí i Meiriceá ag an am sin. admhaigh an Fheidhmeannacht go raibh bás Savita Halapannavar éagórach. Bhí cás tugtha ag Praveen Halappanavar i gcoinne na Feidhmeannachta as faillí a dhéanamh i mbás a mhná céile. Admhaigh an Fheidhmeannacht ar 10 Márta 2016 go raibh bás Savita Halapannavar éagórach.[11]
Le linn 2016-2017, cuireadh Comhthionól na Saoránach ar bun leis an gceist chigilteach a phlé.[12]
2018ː leasú ar an mbunreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chinn an Rialtas ar 29 Eanáir 2018 go gcuirfí clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh in Éirinn.[13]
I reifreann ar an 25 Bealtaine 2018, vótáil muintir na hÉireann (66% i bhfabhar agus 34% i gcoinne) chun an tOchtú Leasú a aisghairm.[14] Glacadh leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018. D'fhonn na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 40.3.3 den bhunreacht a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina háit:
"Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil."
Tá cearta ban ó thaobh toirchis mar oidhreacht ag Savita. Cuid den oidhreacht sin gurbh éigean di bás a fháil le hathruithe a chur sa tsiúl. Lena bás rinne sí rud ná féadfadh sí, ná aon bhean eile, a bhaint amach lena mbeo.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-22). "Leacht i gcuimhne Savita Halappanavar á éileamh" (as ga).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Breandán M Mac Gearailt (15 Nollaig 2024). "Oidhreacht thruacánta thábhachtach Savita Halappanavar cíortha go tomhaiste tuisceanach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-04.
- ↑ "Guantanamó an HSE – Dialann ocht n-uaire déag ó Rannóg Éigeandála agus Timpistí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
- ↑ Mise Áine (2018-05-17). "Mise Áine ag Rámhaille: Ginmhilleadh agus /nó Banmhilleadh?". Mise Áine ag Rámhaille. Dáta rochtana: 2021-10-28.
- ↑ Aonghus Ó Lochlainn (16 Aibreán 2018). "AN REIFREANN: ‘Bímis trócaireach tuisceanach agus déanaimis an tOchtú Leasú a aisghairm’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
- ↑ 6.0 6.1 6.2 Pól Ó Meadhra (2016). "‘Seasaimis suas do chearta daonna agus fágaimis dlí an ghinmhillte mar atá’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-10-28.
- ↑ Fionnghuala Nic Roibeaird (Meitheamh 2016). "Tabhair dúinn an rogha! Léirsiú mór i mBéal Feirste Dé Sathairn" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-10-28.
- ↑ 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2014-09-11). "Foireann ospidéil smachtaithe i gcás Savita Halappanavar" (as ga).
- ↑ beo.ie (EAGRÁN 148 · LÚNASA 2013). "Ginmhilleadh faoi Dheireadh ach an Leor é mar Réiteach". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ "Eibhlín de Bhailís." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2021-10-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-03-10). "Cás Praveen Halappanavar socraithe" (as ga).
- ↑ citizensassembly.ie (2017). "4-5 March 2017" (en-IE). Citizens' Assembly. Dáta rochtana: 2025-01-04.
- ↑ tuairisc.ie (2018). "cinneadh-deanta-ag-an-rialtas-reifreann-a-ghairm-faoin-ochtu-leas". Dáta rochtana: 2018.
- ↑ oireachtas.ie (2018). "An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018". Dáta rochtana: 2020.