Ann Lovett
Ann Lovett | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | 6 Aibreán 1968 |
Bás | Gránard, 31 Eanáir 1984 |
Cúis bháis | (neamhoird seoil) |
Gairm | |
Cleamhnú | |
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Ba dhéagóir Ann Lovett (1968 - 31 Eanáir 1984), cúig bliain déag d’aois, a bhí ina cónaí i nGránard, contae an Longfoirt. Fuair sí bás in ospidéal Mhuillinn Cearr tar éis páiste a saoladh i ngrató na Maighdine Muire - ina haonar - ag an am[1]. Cuireadh cóir leighis uirthi ag an bhfoireann cnáimhseoireachta ansin, ach theip orthu. Bhí an cailín ag filleadh ón scoil ina haonar ar lá fuar, fliuch i lár an gheimhridh[2]. Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig. Cailleadh an mac a saolaíodh fosta.[3]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Glacadh leis an Acht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 le reifreann ar an 7 Meán Fómhair 1983.
Cur agus cúiteamh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cailleadh Ann Lovett Dé Céadaoin, 31 Eanáir 1984 ach níor bhris an scéal go dtí oíche Sathairn. Ba ea an láithreoir teilifíse Gay Byrne ar an The Late Late Show a d’aimsigh an nuacht ar dtús. "Nothing terribly exciting there", a dúirt sé, agus é ag athbhreithniú na nuachtán.[4] Ach bhain bás an déagóra croitheadh as pobal na hÉireann na laethanta ina dhiaidh.
Fiosrúchán ar bith[cuir in eagar | athraigh foinse]
D’éiligh páirtithe an fhreasúra ar an Rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil ar an ábhar. Ach ba bheag fonn a bhí ar an rialtas fiosrúchán poiblí a reáchtáil. Ag a gcruinniú ar an 7 Feabhra 1984, chinn an Rialtas gan a leithéid d’fhiosrúchán a bhunú i bhfianaise tuairiscí a chuir Bord Sláinte Lár Tíre agus an Roinn Oideachais ina láthair.[5]
Níor foilsíodh riamh fiosrúchán na Roinne Oideachais ná an Bhord Sláinte.[3] Ní fios go fóill na cúinsí ba chúis le bás an chailín óig a bhí ag filleadh ón scoil i lár an gheimhridh.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- An tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann
- Scannal Savita Halappanavar, 2012
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Tuairisc.ie, 30 Nollaig 2016
- ↑ Scannal, 2004, TG4
- ↑ 3.0 3.1 Breandán Delap (30 Nollaig 2016). "CÁIPÉISÍ 1986: Aighneas faoi eitiltí i gcás McArthur, tragóid Ann Lovett agus sáinn mar gheall ar na Terracotta Warriors" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-31.
- ↑ AvondhuPress.ie agus politics.ie, “Anne Lovett 1968 – 1984”[nasc briste go buan]
- ↑ Sa bhreith a thug an chomh-aireacht dúradh: “Expressed sympathy with the parents and family; insofar as an inquiry is concerned, there will be an inquest. Great personal tragedy which should not be compounded by particular kinds of attention.”