An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Sonraí | |
---|---|
Cineál | gníomhaireacht rialtais ![]() |
Gníomhaíocht | |
Ball de | European Transport Safety Council ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Líon fostaithe | 309 ![]() |
Suíomh gréasáin | rsa.ie… ![]() |

Eagraíocht reachtúil in Éirinn is ea an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (USB nó an tUSB).[1][2] Reáchtálann an tUSB tionscnaimh chun feasacht ar úsáid níos sábháilte ar bhóithre a ardú agus a chur chun cinn. Soláthraíonn an tUSB faisnéis agus comhairle do scoileanna, do ghrúpaí agus don phobal chun oideachas agus feasacht ar shábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cruthaíodh an foras faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, agus bunaíodh é ar an 1 Meán Fómhair 2006.[3][4]
Tar éis dó dul ar scor, chaith Gay Byrne ocht mbliain mar chathaoirleach ar an USB.
Beartais
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023, bhí rialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliú chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Dúirt príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag an am go raibh "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.[5]
Tugtar taighde le fios go laghdaítear an líon timpistí, go háirithe timpistí marfacha, nuair a laghdaítear luasteorainn. Ar an 8 Feabhra 2025, bhí an luasteorainn ar go leor bóithre tuaithe áitiúla[6] laghdaithe ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, an Road Safety Authority nó an RSA
- ↑ "RSA.ie - Baile". www.rsa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-26.
- ↑ RSA (2023). "Seoladh Feachtas um Shábháilteacht ar Bhóithre na Nollag". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ ag an am sin, aistríodh na feidhmeanna a dhéanann sí ón Roinn Iompair (DoT), ón Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus ón gComhairle Sábháilteachta Náisiúnta NSC)
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (9 Meán Fómhair 2023). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-09-13.
- ↑ Bóithre dar tús L ar mhapaí atá i gceist, cuir i gcás, bóthar an L1320 idir an Spidéal agus Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe. Idir 2020 agus 2024, ba ar na bóithre sin a tharla 73% de thimpistí marfacha.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-02-05). "Luasteorainn ar bhóithre tuaithe le laghdú go 60km/u ón Aoine" (as ga-IE).