Sábháilteacht ar bhóithre
Tá sé mar chuspóir ag Sábháilteacht ar Bhóithre iompar na n-úsáideoirí bóthair a fheabhsú agus imbhuailtí bóthair a laghdú. Díreoidh Sábháilteacht ar Bhóithre ar imbhuailtí agus taismí bóthair a laghdú a thuilleadh trí oideachas, forfheidhmiú, innealtóireacht agus measúnú sábháilteachta.[1]
Costas na n-imbhuailtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an méid de chostas sonraíoch daonna na n-imbhuailtí an-ard. Is eachtraí trámacha iad imbhuailtí agus fulaingíonn daoine go mór ar go leor bealaí dá mbarr. D’fhéadfadh daoine áirithe a rá nach cuí iarracht a dhéanamh costas airgid a leagan ar imbhualadh marfach[2]. Mar sin féin i dtráth seo an ghanntanais airgid phoiblí is gá modh a bheith ann chun measúnú eacnamaíoch a dhéanamh, fiú mura mbeadh ann ach caiteachas ar bhearta laghdaithe imbhuailtí a chur in ord tosaíochta.
Bunaítear costas imbhuailte go hiondúil ar an modheolaíocht bheith ‘toilteanach íoc as’ atá bunaithe ar an méid a bheadh an tsochaí toilteanach a íoc chun baol an imbhuailte a laghdú. Tabhaíonn an pobal ina iomláine na costais a bhaineann le taismí agus áirítear leo caillteanas aschuir de bharr báis nó gortaithe, costas daonna i dtéarmaí na péine, na buartha agus na fulaingthe, costas acmhainne i dtéarmaí costais ospidéil agus costais eile míochaine, chomh maith le caillteanas gach a mbíodh á dhéanamh ag an duine don tsochaí. Is iad na costais ar dhamáiste do mhaoin, costais phóilíneachta agus costas riaracháin árachais na costais a bhaineann le himbhualadh.
Bearta coisctheacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn taighde idirnáisiúnta go dtarlaíonn formhór na n-imbhuailtí bóthair go díreach nó go hindíreach mar gheall ar iompraíocht / feidhmíocht mhíchuí an úsáideora bóthair (tiomáint ró-thapa, tiomáint faoi thionchar an óil agus caitheamh an chreasa shábhála, srl). Gur minic a bhíonn earráid daonna i gceist ann. Bíonn tionchar ag comhshaol an bhóthair leis i roinnt bheag cásanna.
Mar shampla, in Éirinn, in Road Collision Facts 2007,[3] aithníodh earráid tiománaí mar ghné ba chúis le 82% de na him-bhuailtí go léir, agus earráid choisí (13%), gnéithe bóthair (3%), agus gnéithe comhshaoil (2%) mar ghnéithe ba chúis leis an gcuid eile.
Is iad seo a leanas na gnéithe ba mhinice a luadh le him-bhuailtí marfacha ina raibh dhá charr:
• Chuaigh go dtí taobh mícheart an bhóthair: 33%
• Thiomáin tríd an gcomhartha Stop / Géill Slí: 17%
• Thaistil os cionn luas sábháilte: 7%
• Scoith go míchuí: 5%
• Thiomáin trí sholas tráchta: 5%
• Níor thug comhartha nuair a bhíothas ag casadh: 2%
• Gníomh eile: 31%
Is iad na bearta atá dírithe ar thiomáint ró-thapa agus tiomáint faoi thionchar an óil na bearta is fearr chun im-bhuailtí a laghdú sa ghearr go meántéarma trí dul i ngleic go díreach le fadhbanna i gcomhshaol an bhóthair agus trí iarracht a dhéanamh cur i gcoinne iompraíocht/feidhmíocht mhíchuí na n-úsáideoirí bóthair agus í a mhaolú.
Feasacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]• Is gá do choisithe a bheith freagrach agus an bóthar a thrasnú in áiteanna sábháilte cuí.
• Is gá do rothaithe bheith lán-fheasach maidir le guaiseacha sa chomhshaol tráchta agus iad ag rothaíocht ar bhealach ina bhfuil trácht throm, go háirithe bealaí a úsáideann feithiclí earraí troma.
• Is gá do choisithe agus rothaithe bheith feasach maidir le bheith feiceálach i gcónaí, go háirithe go bhfeicfeadh tiománaithe feithiclí iad.
• Is gá do thiománaithe, go háirithe tiománaithe feithiclí earraí, bheith feasach ar úsáideoirí leochaileacha bóthair cosúil le coisithe agus daoine ar ghléas le dhá roth agus iad ag tiomáint i gcomhshaol uirbeach.[4]
An óige agus oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé tábhachtach oideachas a chur ar úsáideoirí óga bóthair mar bhonn dá ndearcadh agus dá n-iompraíocht i leith na sábháilteachta ar bhóithre. D’fhéadfadh taithí ar oideachas agus scileanna oiliúna tráchta in aois óg feasacht a ardú maidir le húsáid sábháilte an bhóthair. Tá ról lárnach ag tuismitheoirí agus ag múinteoirí maidir lena chinntiú go mbíonn na daoine óga a bhíonn faoina gcúram sábháilte agus iad ag taisteal chuig agus ón scoil.
Roghanna eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cuid de straitéis níos leithne iad siúlóid agus rothaíocht a spreagadh chun tabhairt faoi shiúlóid agus rothaíocht mar mhodh iompair shláintiúil agus inbhuanaithe mar mhalairt ar úsáid an chairr phríobháidigh (agus saor ó astaíochtaí).
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé mar fheidhm ag an Aire Iompair beartas um shábháilteacht ar bhóithre a leagan amach, agus tá ról ag an RSA comhairle a thabhairt dó. Eagraíocht reachtúil is ea an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) a cruthaíodh faoin Acht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, agus a bunaíodh ar an 1 Meán Fómhair 2006.[4][5][1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá feabhas tagtha ar shábháilteacht ar bhóithre ó na 1970idí anuas. Mar shampla, i mBaile Átha Cliath, ar an iomlán, idir 1998 agus 2007, bhí laghdú 51% in imbhuailtí marfacha agus in imbhuailtí a thugann gortuithe tromchúiseacha agus laghdú 64% in imbhuailtí mionchúiseacha.
Tharla feabhsúcháin mhóra i líon na mbásanna tar éis
- córas na bpointí pionóis a chur i bhfeidhm sa bhliain 2002,
- agus arís nuair a cuireadh tástáil alcóil éigeantach i bhfeidhm sa bhliain 2006
- agus an athrú in iompraíocht úsáideoirí bóithre riachtanach ar mhaithe le himbhuailtí a laghdú agus a chosc.
Dlíthe agus rialacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bíonn sé éigeantach tástáil drugaí a dhéanamh in Éirinn ar thiománaithe atá bainteach le tubaistí tromchúiseacha bóthair. Thart ar ocht nóiméad ó thús go deireadh a thógann sé an tástáil a dhéanamh. Ach níl cead daoine a choinneáil ag fanacht níos faide ná leathuair an chloig de réir an dlí.[6]
Comparáid leis an Aontas Eorpach
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Road Collision Facts 2007,[7] bhí Éire sa 8ú háit de na tíortha go léir san Aontas Eorpach ag a bhfuil ráta imbhuailte mharfaigh de 78 bás in aghaidh an mhilliúin daonra (sonraí 2007). San Ísiltír a bhí an ráta imbhuailte mharfaigh is ísle (sé sin ráta 43 bás in aghaidh an mhilliúin daonra), agus ina dhiaidh sin, an tSualainn (sé sin 52 bás in aghaidh an mhilliúin daonra).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mótarbhealach, Bóthar
- Luasteorainn
- An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Cathal Mac Coille (16 Nollaig 2023). "Bás ar na bóithre – faoistin, fianaise agus fáthanna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-16.
- ↑ An Plean um Shábháilteacht ar Bhóithre - 2009-2012 https://www.dublincity.ie/sites/default/files/content//RoadsandTraffic/RoadSafety/Documents/Road%20Safety%20Irish%20Web%20V5%200210.pdf
- ↑ fíorais maidir le himbhuailtí bóthair, de chuid an RSA
- ↑ 4.0 4.1 RSA (2023). "Seoladh Feachtas um Shábháilteacht ar Bhóithre na Nollag". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ ag an am sin, aistríodh na feidhmeanna a dhéanann sí ón Roinn Iompair (DoT), ón Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) agus ón gComhairle Sábháilteachta Náisiúnta NSC)
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-29). "Tástáil drugaí le déanamh ar thiománaithe tar éis timpistí" (as ga-IE).
- ↑ fíorais maidir le himbhuailtí bóthair de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre