Pat Kenny

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPat Kenny

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Eanáir 1948
76 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Institiúid Teicneolaíochta Georgia Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLáithreoir
Gairmpearsa raidió, iriseoir, láithreoir teilifíse, láithreoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirNewstalk
Raidió Teilifís Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0448609 Twitter: todaypkRTE Cuir in eagar ar Wikidata

Is craoltóir Éireannach é Pat Kenny. Ba é Kenny láithreoir an chláir teilifíse The Late Late Show ó 1999 go 2009 ar Radio Telefís Éireann.

Gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cáilíodh Kenny mar innealtóir ceimiceach.

Thosaigh sé a shlí bheatha sna meáin ag obair mar bholscaire leanúnachais (an duine a bhíonn le cloisteáil ag tús agus deireadh cláir) ar raidió RTÉ i lár na seachtóidí. Sa bhliain 1975, rinne sé botún ollmhór dodhearmadta go luath ina shlí bheatha. Bhí RTÉ ag craoladh ceol sollúnta tar éis bhás an iar-uachtaráin agus ceannaire an Éirí Amach, Eamon de Valera, agus léigh Kenny amach teideal píosa ceoil thraidisiúnta darbh ainm 'The ol' divil is dead’.

I lár na n-ochtóidí, bhí Kenny ag obair sa teilifís le RTÉ mar dhuine de na láithreoirí ar an chlár cúrsaí reatha Today Tonight a chraoltaí trí huaire sa tseachtain.

Tugadh clár cainte dó nár mhair ach séasúr amháin, agus ansin bhí sé mar aoi-láithreoir ar an chlár cainte Saturday Live. Rinneadh cinneadh ina dhiaidh sin an jab a thabhairt do Kenny amháin, agus athraíodh ainm an chláir go Kenny Live. Leis an athrú sin, thosaigh iomaíocht ghéar idir an seó Kenny Live, a chraoltaí ar an Satharn, agus an Late Late Show, a chraoltaí ar an Aoine. Cé go ndúirt Gay Byrne, duine de na láithreoirí cláir cainte is mó taithí, agus Kenny go poiblí go raibh an-mheas acu ar a chéile, agus go raibh an dá chlár dírithe ar lucht éisteachta a bhí go hiomlán difriúil, bhí foirne an dá chlár i gcónaí i gcomórtas lena chéile.

Nuair a d'éirigh Byrne as a phost mar láithreoir an Late Late Show i 1999, tugadh an post do Kenny, cé gur chuir criticeoirí in iúl gur mheas siad nach mbeadh pearsantacht Kenny oiriúnach don Late Late.

Idir 2009–2013, bhí Frontline agus Primetime á gcúr il láthair aige.

Sa bhliain 2013, thosaigh Kenny ag obair le Newstalk agus níos déanaí, UTV Ireland, agus TV3.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]