Michael Lyster
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 11 Aibreán 1954 Dún Garbhán, Éire |
| Bás | 21 Márta 2026 71 bliana d'aois |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Iarlatha |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | láithreoir (1980–2018) |
| Tréimhse oibre | 1980 – 2018 |
Ba láithreoir raidió agus teilifíse as Contae na Gaillimhe é Michael Lyster (11 Aibreán 1954 - 21 Márta 2026).[1] Bhain sé cáil amach mar chraoltóir spóirt le RTÉ, go háirithe ar an gclár The Sunday Game Live a raibh sé mar láithreoir air ar feadh breis is 30 bliain, ó 1984 go 2018.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba in 2018 a d’éirigh an Gaillmheach as an Sunday Game. Cailleadh é ar an 22ú Márta 2026.[2]
Ba i nDún Garbhán i gcontae Phort Láirge a rugadh Lyster ach is i mBearna Dhearg i dtuaisceart na Gaillimhe a tógadh é. Chaith sé seal ag obair mar iriseoir leis an nuachtán áitiúil The Tuam Herald sula bhfuair sé post ar Radio 2 ar RTÉ i 1979.
Is mar láithreoir teilifíse is mó a chuir daoine aithne air, bhíodh sé ag obair ar Chluichí Oilimpeacha agus ar ócáidí móra spóirt eile. Thosaigh sé ag cur The Sunday Game i láthair i 1984 agus lean sé air sa ról sin go dtí 2018.
Ba mhinic dó díospóireacht a spreagadh idir Colm O’Rourke, Pat Spillane agus Joe Brolly nuair a bhíodh an triúr acu i mbun anailíse ar na cluichí peile is mó agus bhí caidreamh maith freisin aige le leithéidí Cyril Farrell, Tomás Mulcahy agus Ger Loughnane i gcás na hiomána.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Death Notice of Michael Lyster (Cabinteely, Dublin) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-03-24.
- 1 2 "Former RTÉ Sport broadcaster Michael Lyster dies" (en-ie) (22 Márta 2026).
- ↑ "‘Ba chuid mhór de shaol beagnach chuile dhuine sa tír é’ – ómós léirithe do Michael Lyster" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-23). Dáta rochtana: 2026-03-24.