Tommy Tiernan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTommy Tiernan
Beathaisnéis
Breith16 Meitheamh 1969
54 bliana d'aois
An Uaimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Chlasaiceach Naomh Pádraig Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir, fuirseoir, aisteoir scannáin, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0862916 Facebook: tommedian Twitter: tommedian Instagram: officialtommedian Youtube: UCrM7QrHlq_1M_HORpUFre4Q Musicbrainz: 33e99842-243d-4e82-9876-82f715dd5371 Cuir in eagar ar Wikidata

Fuirseoir, aisteoir is scríbhneoir Éireannach é Tommy Tiernan (Gaeilge: Tomás Mac Tiarnáin), a rugadh san Uaimh, Contae na Mí sa bhliain 1970. Fuair sé a chuid oideachais i Clongowes Woods College, sa ranga céanna leis an láithreoir Éireannach Hector Ó hEochagáin. Chaith sé tamaill ag freastal ar St. Patrick's Classical School san Uaimh, coláiste ina raibh beirt duaiseoirí an Perrier Comedy Award sna 1990í, Dylan Moran an ceann eile.

Ina chuid fuirseoireacht, tá a lán ag Tiernan le rá faoin Eaglais Chaitliceach in Éirinn, agus an tionchar atá aige ar chultúr na tíre. Ba mhaith a bheith ag breathnú ar an tsaol go ginearálta, agus ag magadh faoin nádúr daonna. Insíonn sé scéalta beaga atá lán le coiméide, i bhfocail agus in aicsean.

Tá seónna déanta ag Tiernan ar fud na tíre, agus ar fud an domhain freisin, mar shampla an Edinburgh Fringe Festival, Just for Laughs Montreal Comedy Festival, New York Comedy Festival agus an Féile "Cat Laughs" ar ais in Éirinn. Bhain sé amach an gradam "So You Think you're Funny", a bhí ag Channel 4 sa Sasana sa bhliain 1996. Sa bhliain 1998, bhuaigh sé an Perrier Comedy Award ag an Edinburgh Festival sa bhliain seo. Maidir le hobair teilifíse, chuir sé i láthair an tsagart Father Kevin in eipeasóid amháin den sraith rathúil Father Ted. Cuireann sé The Tommy Tiernan Show ar RTÉ a hAon i láthair.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

DVD[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2006: Late Show with David Letterman (17 Meitheamh, 2006)
  • 2006: Jokerman (clár faisnéise ar RTÉ)
  • 2002: Supertramp (clár faisnéise ar RTÉ)
  • 2002: Tommy Tiernan Live
  • 2001: Small Potatoes (dráma grinn suímh ar Channel 4, Sasana)
  • 1999: The Stand Up Show (ina óstach ar dhá eipeasóid)
  • 1999: About Adam (Simon)
  • 1998: Father Ted, eipeasóid deireanach
  • 2018: Derry Girls

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]