Seán Mac Réamoinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Mac Réamoinn
Beathaisnéis
Breith27 Samhain 1921
Birmingham, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Eanáir 2007
85 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, ceoleolaí, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

IMDB: nm3159455 Musicbrainz: 44cde557-bebd-4d84-aa77-b518bffcf173 Discogs: 1788310 Cuir in eagar ar Wikidata
Montrose BÁC

Ba iriseoir agus craoltóir raidió Éireannach é Seán Mac Réamoinn (1921 - 17 Eanáir 2007).[1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i mBirmingham Shasana é i 1921, mac le Wilhelmena Bruen as Sligeach agus James Redmond as Buaile Mhaodhóg i Loch Garman[2]. Saolaíodh agus básaíodh beirt chlainne eile i rith na heipidéime fliú na bliana 1918-1920, i ndiaidh an Chogaidh Mhóir.

Bhog an teaghlach ar ais go hÉirinn agus Seán dhá bhliain d'aois, go Baile Átha Cliath, Cluain Meala, agus ansin cathair na Gaillimhe ar deireadh. D'fhreastail Seán ar scoil i gColáiste Iognáid, scoil lán Ghaelach na nÍosánach.

Rinne sé staidéar ar Ghaeilge is ar Fhraincis i gColáiste na hOllscoile Gaillimh, áit ar bhain sé céim mháistreachta amach sa Ghaeilge. Bhí sé gníomhach i gcumann drámaíochta na hollscoile agus i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

Chaith Mac Réamoinn seal i Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBaile Átha Cliath i lár na 1940í

Craoltóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1947 fuair Mac Réamoinn post mar Oifigeach Craolta sheachtraigh i Raidió Éireann, ag taistil na tíre lena chomhghleacaí Séamus Ennis ag taifeadadh ceoil traidisiúnta.[3]

Raidió Éireann

Ba thuairisceoir ón Róimh é ar Dhara Comhairle na Vatacáine sna 1960í.

Ceapadh Mac Réamoinn ina Cheannasaí Clár Raidió i 1974 agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar Ghnóthaí Eachtracha RTÉ. Bhí ailt á scríobh aige san Irish Times (Tuarascáil), i Scéala Éireann (An Mhuintir s'Againne) agus in irisí éagsúla.

Bhí Mac Réamoinn páirteach i mbunú Chumann Merriman agus ghlac sé páirt sna scoileanna Samhraidh is Geimhridh ar feadh na mblianta.

Bhí Gàidhlig agus Breatnais aige agus fuair sé ard ghradam ag an Eisteddfod.

Bhásaigh Mac Réamoinn in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath ar an 17ú Eanáir 2007.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "MAC RÉAMOINN, Seán (1921–2007)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-17.
  2. Liam Mhic Con Iomaire i gComhar, Feabhra 2007
  3. ucd.ie. "Scripteanna Chaint Raidió i nGaeilge". www.ucd.ie. Dáta rochtana: 2019-01-16.