Aoibhinn Ní Shúilleabháin
(2012) | |
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1983 42/43 bliana d'aois Ceathrú na Con, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - ceadúnach Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - dochtúireacht |
| Áit chónaithe | Baile Átha Cliath |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | amhránaí, pearsa raidió, láithreoir teilifíse, matamaiticeoir |
| Fostóir | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Teaghlach | |
| Páirtí | Ryan Tubridy (2009–2014) |
Is scoláire, craoltóir agus ceoltóir Éireannach í Aoibhinn Ní Shúilleabháin.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Aoibhinn sa bhliain 1983. Art agus Máire a tuismitheoirí. Bhí Art ina stiúrthóir ar Ionad Oideachas Mhaigh Eo agus bhí Máire ina leas-phríomhoide i nGaelscoil Chaisleán an Bharraigh.[1] D'fhás sí suas i gCeathrú na Con[2] i gcontae Mhaigh Eo.
Is í Aoibhinn an páiste is sine agus tá cúig deartháireacha aici.[3] Tá Aoibhinn agus deartháireacha s’aici páirteach i gComhaltas Ceoltóirí Éireann.[4]
Oideachas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Aoibhinn céim san fhisic theoiriciúil sa bhliain 2005 ó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 2009, rinne Aoibhinn staidéar le haghaidh Ard-Dioplóma san Oideachas ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a d'óstáil sí imeachtaí don Amharclann Eolaíochta. Fuair sí a hArd-Dioplóma chun múineadh ag leibhéal na meánscoile sa bhliain céanna. Fuair sí PhD sa mhata sa bhliain 2016.[5]
Rose of Tralee
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ghlac Aoibhinn páirt sa chomórtas Rós Thrá Lí sa bhliain 2005. Bhuaigh sí an chéad babhta den chomórtas ar an 15ú de Meitheamh 2005 nuair a chan sí ‘Summerfly’.[6] Bhí sí 22 ag an am. Chuir athair Aoibhinn ainm s’aici síos agus ní raibh sí róshásta ar dtús ach chuaigh sí ar aghaidh chun an comórtas a bhuachaint.[7]Bhí sí in ainm a bheith ag dul go dtí Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath I mí Deireadh Fómhair an bhliain sin chun Céim Máistir a fháil sa ríomheolaíocht ach chaith sí 2005/2006 mar ionadaí don fhéile Rós Thrá Lí.[8]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Aoibhinn mar an príomh-amhránaí le Ragús, banna ceol traidisiúnta. Chuaigh sí ar camchuairt leo sna 2010idí go dtí na Stáit Aontaithe , An tSeapáin agus ar fud na hEorpa.
Múinteoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’obair sí mar mhúinteoir faoi oiliúint sa mhatamaitic,san fhisic agus sa Ghaeilge I dTamhlacht, Baile Átha Cliath.
Meáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2007, bhí sí ar an gclár The Panel ar RTÉ a Dó. Ghlac sí páirt i séasúr 2008 de Celebrity Bainisteoir ar RTÉ One, ina raibh sí mar bhainisteoir ar fhoireann peile ó Kiltimagh. Bhí sí mar láithreoir ar chlár ceol traidisiúnta seachtainiúil darbh ainm The Reel Deal ar RTÉ ar feadh sé eipeasóid ó Meitheamh-Iúil 2009.
Bhí sí mar ambassadóir do Sheachtain na Gaeilge I mí Márta 2010.
Láithrigh sí clár taistil ar RTÉ darbh ainm Getaways le Joe Lindsay (cuireadh Angela Scalon in áit Lindsay níos déanaí).
Sa bhliain 2013 fuair sí post mar láithreoir de chlár raidió a bhí ar siúil ar feadh deich sheachtain ar RTÉ Radio 1 darbh ainm Aoibhinn and Company. Láithrigh sí an chlár RTÉ Fleadh Cheoil chomh maith le John Creedon sa bhliain 2014.
Bhí sí ina láithreoir ar chlár RTÉ The Science Squad in 2012 chomh le Jonathan Mc Crea agus Kathriona Devereux,[9] agus ar chlár 10 Things to Know About chomh maith, clár a thosaigh sa bhliain 2017.[10]

Ciapadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinneadh ciapadh ar Aoibhinn ar feadh dhá bhliain. Bhí an tOllamh Hans-Benjamin Braun ag déanamh an ciapadh seo i gCOBÁC, In airteagal a scríobh an Irish Times dúirt siad go raibh eagla uirthi a bheith léi féin ar an campas. [11]
Caidreamh agus teaghlach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Aoibhinn i gcaidreamh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy ón mbliain 2009 go dtí 2014. Bhí dhá bhliain déag ag Tubridy uirthi. In 2013, cheannaigh an bheirt acu teach i mBaile na Manach, Baile Átha Cliath.[12]
Phós Aoibhinn an grianghrafadóir Carlos Diaz in 2017.[13] Bhí mac acu sa samhradh 2019 agus thug siad an t-ainm Naoise Garcia air.[14] Bhí mac eile acu i nDeireadh Fómhair 2020.[15]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ logainm. "Ceathrú na Con / Carrownacon". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ In conversation with Hilary Fennell (2016-11-05). "This much I know: Aoibhinn Ní Shúilleabháin" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ peoplepill.com. "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life" (en-US). peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ In conversation with Hilary Fennell (2016-11-05). "This much I know: Aoibhinn Ní Shúilleabháin" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Irish singer | Biography, Facts, Information, Career, Wiki, Life". peoplepill.com. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "10 Things to Know About" (as en) (2017-11-14).
- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin: Two years of harassment at UCD" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Tubridy Breakup - Ryan and Aoibhinn Ní Shúilleabháin split". web.archive.org (2015-02-03). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-02-03. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Aoibhinn Ní Shúilleabháin ties the knot with her mystery man in low-key wedding" (en). independent. Dáta rochtana: 2023-03-07.
- ↑ "Aoibhinn Ní Shuilleabháin expecting second child".
- ↑ "Baby joy for Aoibhinn Ní Shúilleabháin" (as en) (2020-11-03).