Kevin Bakhurst

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKevin Bakhurst

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1965
58/59 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Naomh Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbainisteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Is iriseoir agus feidhmeannach meán Briotanach é Kevin Bakhurst (a rugadh i mí na Nollag 1965). D'éirigh sé ina ardstiúrthóir ar RTÉ ar 9 Iúil 2023.[1]

Bhí Bakhurst ina stiúrthóir grúpa ar bheartas ábhair agus meán ag rialtóir na RA Ofcom ó Dheireadh Fómhair 2016. Roimhe seo, bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta nuachta agus cúrsaí reatha agus ina leas-ardstiúrthóir ag an gcraoltóir náisiúnta Éireannach RTÉ .

Kevin Bakhurst sa bhliain 2017

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Bakhurst ar an scoil " Haberdashers Aske's School, in Elstree agus ansin ar Choláiste Naomh Eoin, Cambridge, áit ar léigh sé Fraincis agus Gearmáinis. Tar éis seal gairid ag obair ag Price Waterhouse chuaigh sé isteach sa BBC i 1989, ar dtús mar thaighdeoir agus ansin mar léiritheoir cúnta ag Aonad Gnó agus Eacnamaíochta.

Sa bhliain 1990 tugadh ardú céime dó ina léiritheoir ar an BBC Nine O'Clock News, áit ar fhan sé go dtí gur bhog sé go dtí an Bhruiséil i 1994 chun tuilleadh taithí a fháil do BBC News. I 1996, tar éis dhá bhliain sa Bhruiséil, d’fhill sé ar an Ríocht Aontaithe le bheith ina eagarthóir cúnta ar an BBC Nine O’Clock News, d’fhan sé leis an gclár nuair a rinneadh an BBC Ten O’Clock News de. Ó 2001 go 2003 bhí sé ina eagarthóir ar an gcainéal BBC News, agus ina dhiaidh sin ainmníodh é mar eagarthóir gníomhach ar an BBC Ten O'Clock News.

Deimhníodh ansin é mar bhuaneagarthóir an chláir i Márta 2004. Le linn a dhá bhliain mar eagarthóir ar an BBC Ten O'Clock News bhuaigh sé dhá Baftas as a gclúdach ar Bhuamáil Maidrid agus ar bhuamáil London Tube i 2005, agus gradam ón "Royal Television Society" do Chlár Nuachta na Bliana. Bhí sé ina rialtóir ar chainéil BBC News roimhe seo, post a bhí aige ó mhí na Nollag 2005 go dtí Meán Fómhair 2012,[2] agus bhí sé ina rialtóir ar an bhfeasachán BBC News at One freisin. I mí na Bealtaine 2010 rinneadh leas-cheannaire ar Seomra Nuachta an BBC de.

Ó Mheán Fómhair 2012 go Deireadh Fómhair 2016, bhí Bakhurst ina stiúrthóir bainistíochta nuachta agus cúrsaí reatha ag craoltóir náisiúnta seirbhíse poiblí RTÉ. D’fhreastal sé freisin mar Ard-Stiúrthóir gníomhach ar feadh tréimhse sé mhí. "D’fhág Bakhurst a phost mar cheannasaí nuachta agus cúrsaí reatha in RTÉ in 2016 chun dul ag obair le Ofcom, rialtóir cumarsáide na Ríochta Aontaithe.

Le linn a thréimhse ceithre bliana le RTÉ sna 2010idí, bhí caidreamh maith ag Bakhurst le roinnt mhaith d’iriseoirí agus de lucht bainistíochta Nuacht TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ba mhinic é ar cuairt sa dá stáisiún. Chaith sé cuid mhaith ama ó dheas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go háirithe." I mí Aibreáin 2023, d'fhógair RTÉ ceapachán Bakhurst mar an chéad Ard-Stiúrthóir eile do RTÉ ó mhí Iúil tar éis próiseas earcaíochta fairsing agus iomaíoch..[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Failtíonn an tAire Martin roimh cheapachán Kevin Bakhurst mar Ardstiúrthóir RTÉ" (ga). www.gov.ie (2023-04-18). Dáta rochtana: 2023-07-10.
  2. Peters (2006). "Who's who in the media". The Guardian. ISBN 978-0-85265-055-4. 
  3. Seán Tadhg Ó Gairbhí (18 Aibreán 2023). "Kevin Bakhurst ceaptha ina cheannasaí ar RTÉ, súil ann go mbeidh sé ina ‘cara sa chúirt’ ag an nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.