An Éigipt
| |||||
Mana: Níl aon cheann ann. | |||||
Amhrán náisiúnta: Araibis: Bilady, Bilady, Bilady | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Caireo 30°2′ Thuaidh 31°13′ Thiar | ||||
An chathair is mó | Caireo | ||||
Teangacha oifigiúla | Araibis | ||||
Rialtas | Poblacht Abdel Fattah el-Sisi Mostafa Madbouly | ||||
Bunaíocht • Céad ríshliocht • Neamhspleáchas glactha • Poblacht fógraithe |
Timp. 3200 RC 28 Feabhra 1922 18 Meitheamh 1953 | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
1,001,450 km² (30ú) 0.6 | ||||
Daonra • Meas. ó 2011 • Daonáireamh 2006 • Dlús |
76,699,427 (15ú) 59,312,914 76.3/km² (126ú) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2011 USD 533.7 billiún (42ú) USD 6,594 (123ú) | ||||
Airgeadra | Punt Éigipteach (EGP )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
+2 (UTC) +3 (UTC) | ||||
Fearann Idirlín | .eg | ||||
Glaochód | +20
| ||||
Is tír í an Éigipt, nó Poblacht Arabach na hÉigipte (Araibis:مصر) atá suite in oirthuaisceart na hAfraice agus giota beag den Áise. Tagann an ainm Gaeilge An Éigipt ón ainm Gréigis Aígyptos (Αἴγυπτος), agus Egypte asFraincís agus Egypt as Béarla.
Tá teorainn ag an an Éigipt leis an Libia, an tSúdáin, agus le hIosrael. Tá 80.6 milliún daoine ina gcónaí ann. Is í Caireo an phríomhchathair.
Clár ábhair
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sean-Éigipt[cuir in eagar | athraigh foinse]
Léigh an t-alt, an Sean-Éigipt agus Catagóir:Stair na hÉigipte.
Suais[cuir in eagar | athraigh foinse]
Osclaíodh Canáil Suaise (Suez) ar an 7 Márta 1869, agus de bharr sin, d'éirigh Caireo tábhachtach ó thaobh cúrsaí geopholaitíochta.
Deachtóireacht mhíleata, 1952[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 23 Iúil 1952, nó "Lá na Réabhlóide" san Éigipt, tharla coup d'état; cuireadh deachtóireacht mhíleata in ionad monarcachta bhunreachtúil.
Géarchéim Shuais, 1956[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tharla an ghéarchéim Shuais (Suez) sa bhliain 1956, idirghabháil mhíleata mhí-ámharach. Mar leithscéal, dúirt rialtas na Fraince go raibh an tUachtarán Nasser ag tabhairt cabhrach don FLN. Ach eachtra mhíleata mhí-ámharach a bhí ann; rinne an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe praiseach dá dheis. Lagaigh an géarchéim seo an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe ar thaobh idirnáisiúnta.
Cogadh na Sé Lá[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 5 Meitheamh 1967, rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Cuireadh tús le “Cogadh na Sé Lá”. Cuireadh tús le “Cogadh na Sé Lá” ar an 5 Meitheamh 1967 nuair a rinne an Iosrael ionsaí ar an Éigipt. Tháinig deireadh le Cogadh na Sé Lá, ar an 10 Meitheamh 1967 nuair a ghlac Fórsaí cosanta Iosraeil (IDF / Israel Defense Forces) seilbh ar Oirthear Iarúsailéim.
Deachtóireacht ar aghaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Muhammad Anwar el-Sadat ina uachtarán na hÉigipte ó 1970 go dtí an 6 Deireadh Fómhair 1981. Feallmharaíodh Sadat ar an 6 Deireadh Fómhair 1981.
Ar an 17 Meán Fómhair 1978, shínigh Sadat, agus Príomh-Aire Iosrael, Menachem Begin, conradh síocháin sa Teach Bán.
Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Sadat i nDeireadh Fómhair 1978.
Cúpla lá níos déanaí, ceapadh Hosni Mubarak ina uachtarán ar 14 Deireadh Fómhair 1981, an ceathrú ceann sa tír, tar éis feallmharú a réamhtheachtaithe Sadat.
Réabhlóid 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa chéad leath den bhliain 2011 bhí réabhlóid san Éigipt agus cuireadh Hosni Mubarak as a phost i ndiaidh 30 bliain i gcumhacht. I ndeireadh na dála, theip ar an réabhlóid, agus tháinig deachtóir eile chun chinn, Mohamed Hussein Tantawi Soliman.
Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá geilleagar ilghnéitheach san Éigipt. Tá táirgiúlacht na turasóireachta, an tionscail, na talmhaíochta agus seirbhísí go léir inchurtha lena chéile a bheagán nó a mhórán.
Príomhchathracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Asyut, Aswan
- Beni Suef, Banha
- Fayyum
- Hurghada
- Ismailia, Idfu
- Lucsar
- Mansoura, El-Mahalla El-Kubra, al-Minya, Marsa Matruh
- Port Said
- Qena
- Suais, Sohag
- Tanta
- Zagazig
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Abu Simbel
- Carnac
- Eaglais Ortadocsach Choptach
- Gleann na Ríthe
- Músaem na hÉigipte
- Pirimidí na hÉigipte
- An Sfioncs Mór
- An Téibh
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |