Guernica (pictiúr)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Guernica, de chuid Picasso, 1937

Spreag buamáil bhaile Guernica i dTír na mBascach ar 26 Aibreán 1937 an t-ealaíontóir Spáinneach Pablo Picasso leis an phictiúr cáiliúil Guernica a phéinteáil.[1]

Léiríonn Gernika, mar a thugtar air sa Bhascais, buamáil an bhaile bhig seo sa Spáinn le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.[2] Scrios trí cheathrú den baile agus a mharaigh na céadta ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.[1]

le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid

I dtús na bliana 1937, choimisiúnaigh rialtas Phoblacht na Spainne (na Poblachtánaigh -i- ar chlé) pictiúr ó Phicasso, saothar don Phailliún Spáinneach a bhí le bheith mar chuid den Taispeántas Domhanda i bPáras níos moille sa bhliain.

le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid

Ní raibh a fhios dá laghad ag Picasso ar dtús céard a dhéanfadh sé; bhí sé ina chónaí i bPáras féin. Bhí ráflaí ann fiú go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh,

Ba é an t-ionsaí ar Guernica a spreag chun na polaitíochta é. Rinne Picasso an múrmhaisiú Guernica mar fhreagairt ar eachtraí an 26 Aibreán. Chuir Picasso amach ráiteas i ndiaidh uafás Guernica ina ndúirt sé:

'Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne. Sa saothar atá idir lámha agam faoi láthair, agus a dtabharfaidh mé anois Guernica mar theideal air, agus sa saothar ealaíne uilig atá déanta agam le blianta beaga anuas, níl ach rud amháin á rá agam: go bhfuil gráin shíoraí agam ar an aicme mhíleata sin a bhfuil an Spáinn báite acu i lear dobróin agus báis.'[1]

macasamhail i dTír na mBascach
macasamhailː bóthar Allendesalazar, Guernica

Cuireadh Guernica ar taispeáint sa Phailliún Spáinneach é, le linn Exposition Internationale des Arts et Techniques dans la Vie Moderne i bPáras . Nuair a nochtadh don phobal ar dtús é, spreag sé tuairimí láidre. Mar shampla, B’fhuath leis an ealaíontóir múrmhaisithe Bascach, José Maria Ucelay, an saothar seo agus dúirt sé amach go neamhbhalbh go raibh sé ar “cheann de na píosaí ealaíne is boichte a ndearnadh riamh” agus nach raibh ann ach “pornagrafaíocht ag déanamh múin ar Gernika” agus sa spiorad céanna dhiúltaigh Uachtarán Thír na mBascach do thairiscint Picasso an pictiúr a ghlacadh ar son na mBascach.[1]

Shocraigh Picasso nach bhfanfadh an saothar sa Spáinn fad is a bheadh an rialtas faisisteach i réim agus bhí an pictiúr ar camchuairt ar feadh na mblianta chuig dánlanna ar fud an domhain, go dtí Meán Fómhair 1981, beagnach sé bliana i ndiaidh bhás Franco.[1]

Guernica le feiceáil anois sa Museo Reina Sofia i Maidrid.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saothar mór Ciúbachais suntasach atá ann, 3.5 méadar ar airde agus 7.8 méadar ar leithead. D’úsáid sé siombailí teibí chun cur síos pearsanta a dhéanamh ar an lá uafáis. Bhain Pablo Picasso úsáid as na dathanna dubh, bán agus liath a mhéadaíonn an dráma ina mhúrphictiúr Guernica.[2]

Phéinteáil Picasso Guernica mar fhreagra ar an ollscrios a rinneadh ar an bhaile Bhascach ag na Naitsithe. Léiríonn an saothar íomhánna céasta, iad casta agus ag lúbarnaíl.[3] Rinne sé tagairt ómósach do shaothar Munch ('Scread') i gcloigeann an chapaill atá ag screadaíl ina phictiúr agus a chuireann uafás an radhairc in iúl dúinn.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá taipéis a léiríonn macasamhail "Guernica" in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Cuireadh i bhfolach é nuair a bhí toscairí an Tí Bháin, Colin Powell agus John Negroponte, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic i 2003.[4]

Spreag an eachtra seo míshásamh agus fearg i measc an phobail a bhí ag cur i gcoinne an chogaidh. Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur rinneadh é sin mar gheall ar iarrachtaí ó lucht na meán cumarsáide, agus nach raibh cinsireacht i gceist. Ach dúirt taidhleoirí áfach gur chuir rialtas SAM brú ar na Náisiúin Aontaithe an taipéis a chlúdach le linn óráidí na Meiriceánach.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 73 · BEALTAINE 2007). "Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  2. 2.0 2.1 CEA (2019). "Ealaín agus Dearadh". Dáta rochtana: 2022.
  3. spokenvision.com (2018-08-07). "Hidden Symbols in Guernica" (en-US). Dáta rochtana: 2021-10-18.
  4. Ciara Nic Gabhann (Aib 2003). "Lucht ealaíne ag seasamh in aghaidh an chogaidh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  5. Alejandro Escalona (2012-05-23). "75 years of Picasso's Guernica: An Inconvenient Masterpiece" (en). HuffPost. Dáta rochtana: 2021-10-18.