Colin Powell
Polaiteoir Meiriceánach ab ea an Ginearál Colin Luther Powell (5 Aibreán 1937 sa Bhronx - 18 Deireadh Fómhair 2021).
Cheap George H. W. Bush Powell mar ghinearál, i mbun FORSCOM, in Arm na Stát Aontaithe sa bhliain 1989.
Ó 20 Eanáir 2001, go dtí 23 Eanáir 2005, b'é Powell 65ú Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe, i rialtas George W. Bush. B'é Powell an chéad pholaiteoir Afrai-Mheiriceánach sa phost seo.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Powell a thug an óráid maidir le 'hairm ollscriosúla' na hIaráice do na Náisiúin Aontaithe ar an 5 Feabhra 2003. Maidir le hábhar núicléach, ní bhfuarthas Ó thaobh airm a scaipfeadh galair mharfacha de, mhaígh Colin Powell os comhair cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go raibh 18 saotharlann ar rothaí ag Saddam Hussein chun na hairm seo a fhorbairt. Ní bhfuarthas oiread is ceann amháin díobh riamh.[1] Ní bhfuarthas ach an oiread aon diúracán fadraonach ar nós Scud. Bréaga ollmhóra agus tubaisteacha a bhí ann. B'shin óráid a mbeadh "aithreachas" air faoi ar ball.
Conspóid sna Náisiún Aontaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá taipéis a léiríonn macasamhail "Guernica" in oifigí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Cuireadh i bhfolach é nuair a bhí toscairí an Tí Bháin, le Colin Powell i mbun, ag déanamh cur síos ar na cúiseanna a bhí ag na Stáit Aontaithe dul chun cogaidh leis an Iaráic.
Spreag an eachtra seo míshásamh agus fearg i measc an phobail a bhí ag cur i gcoinne an chogaidh.[2] Dúirt taidhleoirí gur chuir rialtas SAM brú ar na Náisiúin Aontaithe an taipéis a chlúdach le linn óráidí na Meiriceánach.[3]
Níos déanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thóg Condoleezza Rice an post nuair a d'éirigh Powell as. Fuair Powell bás den Covid ar 18 Deireadh Fómhair 2021.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Bua, bagairte agus buamai" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-18.
- ↑ Ciara Nic Gabhann (2003). "Lucht ealaíne ag seasamh in aghaidh an chogaidh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-10-18.
- ↑ Alejandro Escalona (2012-05-23). "75 years of Picasso's Guernica: An Inconvenient Masterpiece" (en). HuffPost. Dáta rochtana: 2021-10-18.
Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Pages with image sizes containing extra px
- Básanna in 2021
- Síolta scríbhneoirí
- Síolta SAM
- Daoine a rugadh i 1937
- Básanna de bharr ailse
- Críostaithe
- Daoine as Cathair Nua-Eabhrac
- Daoine Meiriceánacha de bhunadh na hEorpa
- Fir
- Ginearáil
- Meiriceánaigh Afracacha
- Pearsanra míleata Meiriceánach
- Scríbhneoirí Meiriceánacha
- Taidhleoirí Meiriceánacha
- Airí Rialtais na Stát Aontaithe