Cogadh na hIaráice

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh na hIaráice
Cogadh na hIaráice
Dáta: 20 Márta 2003 – 18 Nollaig 2011
Áit: An Iaráic
Toradh: Neamhchonclúideach
Céilí comhraic
Flag of the United States.svg Stáit Aontaithe Mheiriceá
Flag of the United Kingdom (3-5).svg Ríocht Aontaithe
Flag of Australia.svg An Astráil
Flag of Poland.svg An Pholainn
Flag of Kurdistan.svg Peismearga
Flag of Italy.svg An Iodáil
Flag of the Netherlands.svg An Ísiltír
Flag of Iraq.svg An Iaráic
Ceannasaithe
Flag of Iraq.svg Ayad Allawi
Flag of Iraq.svg Ibrahim al-Jaafari
Flag of Iraq.svg Qusay Hussein
Flag of the United States.svg George W. Bush
Flag of the United States.svg Ricardo Sanchez
Flag of the United States.svg George W. Casey, Jr
Flag of the United States.svg David Petraeus
Flag of the United States.svg Raymond T. Odierno
Flag of the United States.svg Lloyd Austin
Flag of the United States.svg Barack Obama
Flag of the United States.svg Tommy Franks
Flag of the United States.svg Donald Rumsfeld
Flag of the United States.svg Robert Gates
Flag of the United Kingdom (3-5).svg Tony Blair
Flag of the United Kingdom (3-5).svg Gordon Brown
Flag of the United Kingdom (3-5).svg David Cameron
Flag of Australia.svg John Howard
Flag of Australia.svg Kevin Rudd
Flag of Romania.svg Traian Băsescu
Flag of Romania.svg Ion Iliescu
Flag of Iraq.svg Saddam Hussein
Flag of Iraq.svg Izzat Ibrahim ad-Douri
Flag of Iraq.svg Qusay Hussein
Flag of Iraq.svg Uday Hussein
Flag of Iraq.svg Abid Hamid Mahmud
Flag of Iraq.svg Ali Hassan al-Majid
Flag of Iraq.svg Barzan Ibrahim al-Tikriti
Flag of Iraq.svg Taha Yasin Ramadan
Flag of Iraq.svg Tariq Aziz
Flag of Iraq.svg Mohammed Younis al-Ahmed
Slua
309,000 375,000
Taismigh
Básanna: 17,690
Gortaithe: 40,000+
Básanna: 10,800

Coinbhleacht armtha ba ea Cogadh na hIaráice a thosaigh ar 20 Márta 2003 nuair a rinne na Stáit Aontaithe agus a chomhghuaillithe ionradh ar an Iaráic. Cuireadh deireadh le réimeas Saddam Hussein go díreach ach lean an cogadh ar aghaidh le blianta fada. Maraíodh 100,000 sibhialtach, ar a laghad, idir 2003 agus 2007 (is dócha i bhfad níos mó).[1]

Deir daoine áirithe go tháinig deireadh leis an cogadh sa bhliain 2007, nó 2011. Ach tharla coimhlintí eile dá bharr (go háirithe 'War in Iraq' 2013–2017)[2] agus bhí na Stáit Aontaithe sáite sa chogaíocht sa bhliain 2021 fós.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaidh dó cogadh a throid sna 1980idí i gcoinne na hIaráine, rinne Uachtarán na hIaráice Saddam Hussein, ionradh ar an Chuáit in 1990. Spreag sé seo Cogadh na Murascaille in 1990-1991, cogadh a chaill an Iaráic.[3]

Bhí an t-ionsaí sa bhliain 2003 mar chuid den 'chogadh 'in éadan na sceimhlitheoireachta' de chuid an Uachtaráin George W. Bush mar dhea, agus 'freagairt' ar ionsaithe 11ú Meán Fómhair. Bhí sé dearbhaithe ag Bush agus a chomhghuaillí sa bhliain 2003 go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic (tháinig sé chun solais níos déánaí gur bréag a bhí ann) agus nach mbeadh aon leisce ar Saddam iad a dhíriú ar na gcomhghuaillí nó lucht an Mheánoirthir.

Chuir Rúnaí Cosanta SAM, Donald Rumsfeld, amach go raibh airm ollscriosta san Iaráic sa bhliain 2002-2003, rud nach raibh fíor, ach scaip na ráflaí ina loscadh sléibhe. Ba leor an neamhaird a thug Saddam Hussein ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe, a úsáid mar leithscéal don ionradh sa bhliain 2003..

Mhaígh Tony Blair fiú sa bhliain 2003 go bhféadfadh Saddam Husseim an Ríocht Aontaithe a ionsaí.[4] Cúpla bliain íos déanaí, tharraing na meáin áird ar leith ar ráiteas amháin ó Blair, a dúirt i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, is gur chuma.[5]

Dúirt Amy Goodman,[6] “Ar feadh sé seachtaine roimh an ionradh ar an Iaráic, bhí an leathchuid de Mheiriceánaigh i bhfách leis agus an leathchuid eile ina éadan: as an 393 agallamh a cuireadh ar dhaoine ar na cainéil mhóra teilifíse, cuireadh agallamh ar thriúr a bhí in éadan dul isteach. Triúr as beagnach 400." Bhí na meáin, mar sin, ag gríosú daoine chun na cogaíochta,[6]

Rumsfeld sa Phentagon i mí Aibreáin 2005 ag tabhairt faoi fheachtas, "America Supports You" in éineacht le Spiderman agus Captain America

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é plean na Stát Aontaithe seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus 'síol an daonlathais' a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. Ach ní raibh sé ag súil le cogadh cathartha, ar feadh roinnt mhaith blianta, gan go leor trúpaí aige chun smacht a choinneáil ar an tír.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Casualties of the Iraq War" (as en) (2021-07-10). Wikipedia. 
  2. "War in Iraq (2013–2017)" (as en) (2021-07-07). Wikipedia. 
  3. ccea.org.uk. "Stair GCSE". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-06. Dáta rochtana: 2021.
  4. Póilín Ní Chiaráin (2016). "Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  5. Mícheál Ó hUanacháin (2016). "Brexit, Blair, Bush agus meon an díoltais…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  6. 6.0 6.1 Robert McMillen (16 Lúnasa 2017). "‘Tá damba ollmhór an fhuatha briste ag Donald Trump’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-11.
  7. Brian Ó Broin (2006). "An gcuimhneofar ar 2007 mar bhliain an choinscríofa?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.