Jump to content

Collateral Murder

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCollateral Murder
Map
 33° 18′ 49″ N, 44° 30′ 43″ E / 33.3137°N,44.512°E / 33.3137; 44.512
Cineálaerionsaí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana12 Iúil 2007 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBagdad, An Iaráic Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Iaráic Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán[1] d'eachtra amach a tharla ar 12 Iúil 2007, inar mharaigh fórsaí SAM sibhialtaigh na hIaráice agus iriseoirí, ar a dtugtar Collateral Murder, nó Dúnmharú comhthaobhach.[2][3] Tharraing WikiLeaks aird na cruinne nuair a foilsíodh físeán sceite a léirigh ionsaí ingearáin cogaidh de chuid na Stát Aontaithe inar maraíodh dáréag sibhialtach i mBaghdad.[4]

Físeán: ar tí Namir Noor-Eldeen a mharú... Íomhá ón bhfíseán "Slad de Leataobh" le collateralmurder.com,/ WikiLeaks
Físeán: Triail Chelsea Manning: Slad ag 1n20s

Is i 2010 a tharraing Wikileaks aird na cruinne orthu féin, le foilsiú “Collateral Murder”, físeáin a thaispeánann sibhialtaigh san Iaráic á marú ag arm na Stát Aontaithe. Bhí na hionsaithe aeir dírithe ar shibhialtaigh neamhchiontacha. Thaitin an babhta mór lámhaigh i mBagdad leis na fir gunna sna héileacaptair is cosúil, mar fhíschluiche, ag marú daoine gan trua gan taise.

Íomhá ón bhfíseán "Slad de Leataobh" le collateralmurder.com, WikiLeaks

Bhain na híomhánna láidre, an spraoi lámhaigh agus na focail neamhbhalbha ráite ag na saighdiúirí, preab as a lán daoine – a mhalairt ar fad den eolas glan srianta sin a thagann amach ó na foinsí oifigiúla.[5]

Ag an am i 2007, bhí chogadh cathartha ar siúl san Iaráic.[6]


Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ Wikileaks (12 Iúil 2007). "Collateral Murder - Iraq". Dáta rochtana: 2020.
  2. ↑ Wikileaks. "Collateral Murder". collateralmurder.wikileaks.org. Dáta rochtana: 2020-07-13.
  3. ↑ Tugadh "Slad de Leataobh" air chomh maith
  4. ↑ Nuacht RTÉ (2024-05-20). "Cúirt chinniúnach faoi Assange a eiseachadadh as Sasana" (as ga-IE).
  5. ↑ Tomás Ó hAodha. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.
  6. ↑ Brian Ó Broin. "Julian Assange, Laoch nó Bithiúnach?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-13.