WikiLeaks
| WikiLeaks | |
| Saghas Comhlachta | Sceithire |
| Bunaithe | Nollaig 2006 |
| Suíomh | An tSualainn |
| Tír(Tíortha) | An tSualainn |
| Daoine Lárnacha | Julian Assange (eagarthóir) |
| Méid fostaithe | 5 (lánaimseartha)[1] |
| Tionscail | Foilsiú leictreonach |
| Láithreán Gréasáin | www.wikileaks.ch |
Is éard is atá i gceist le WikiLeaks ná eagraíocht idirnáisiúnta,a bunaíodh sa tSualainn, a fhoilsíonn aighneachtaí gan ainm agus doiciméid sceite de cháipéisí íogaire ó rialtais agus eagraíochtaí eile, agus ag an am céanna a chaomhnaíonn anaithnideacht a bhfoinsí. Stiúrann The Sunshine Press láithreán gréasáin na heagraíochta, a seoladh sa bhliain 2006. Deir an eagraíocht gur easaontaigh Shíneacha a bhunaigh í, chomh maith le hiriseoirí, matamaiticeoirí, agus gnólachtaí nua-thionscanta ó na Stáit Aontaithe, ón Téaváin, ón Eoraip, ón Astráil , agus ón Afraic Theas.
I mí Aibreáin 2010, chuir WikiLeaks físeán d'eachtra a tharla sa bhliain 2007 inar mharaidh fórsaí SAM sibhialtaigh hIaráice agus iriseoirí, os comhair an domhain, ar a dtugtar Collateral Murder. I mí Iúil na bliana céanna, d'eisigh WikiLeaks Dialann Chogadh na hAfganastáine , díolaim de níos mó ná 76,900 doiciméad mar gheall ar an gCogadh san Afganastáin nach bhfuil ar fáil don phobal roimhe sin. I mí Dheireadh Fómhair, d'eisigh an grúpa pacáiste de bheagnach 400,000 doiciméad ar a dtugtar Logchomhaid Chogadh na hIaráice i gcomhar le heagraíochtaí móra tráchtála na meán, an New York Times agus an Guardian ina measc. I mí na Samhna 2010, thosaigh WikiLeaks ag scaoileadh cáblaí taidhleoireachta ón Roinn Stáit na Stáit Aontaithe.