Donald Rumsfeld

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Donald Rumsfeld
Rumsfeld1.jpg
Ionadaí na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1963 - Márta 20, 1969
Marguerite S. Church - Phil Crane
District: Illinois's 13th congressional district (en) Aistrigh
United States Permanent Representative to NATO (en) Aistrigh

Feabhra 2, 1973 - Meán Fómhair 21, 1974
David M. Kennedy - David K. E. Bruce
White House Chief of Staff (en) Aistrigh

Meán Fómhair 21, 1974 - Samhain 20, 1975
Alexander Haig - Dick Cheney
United States Secretary of Defense (en) Aistrigh

Samhain 20, 1975 - Eanáir 20, 1977
James R. Schlesinger - Harold Brown
United States Secretary of Defense (en) Aistrigh

Eanáir 20, 2001 - Nollaig 18, 2006
William Cohen - Robert Gates
Saol
Eolas breithe Chicago, Iúil 9, 1932
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Taos (en) Aistrigh, Meitheamh 29, 2021
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (Mialóma iolrach)
Muintir
Máthair Jeannette Husted
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Ollscoil Princeton
Georgetown University Law Center (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, oifigeach míleata, taidhleoir, údar agus duine den lucht gnó
Áit oibre Washington, D.C.
Duais
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Cabhlach na Stát Aontaithe
Céim captain (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Preispitéireachas
Páirtithe polaitíochta Páirtí Poblachtach
IMDb nm1288432
rumsfeld.com
Donald Rumsfeld Signature.svg
Rumsfeld sa Phentagon i mí Aibreáin 2005 ag tabhairt faoi fheachtas, "America Supports You" in éineacht le Spiderman agus Captain America

Polaiteoir Meiriceánach, thar a bheith conspóideach, ba ea Donald Henry Rumsfeld (a rugadh in Evanston, Illinois ar 9 Iúil 1932 - 29 Meitheamh 2021).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é Rumsfeld an 13ú Rúnaí Cosanta i rialtas Gerald R. Ford, idir 1975 agus 1977.

Gríosóir cogaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1990idí, bhi ceannas gafa ar Freedom House[1], meitheal mhachnaimh, ag nua-choimeádaigh, Donald Rumsfeld san áireamh, a bhí mar iontaobhaithe ar an eagraíocht, agus a bhí ag pleanáil an ionraidh mhídhleathaigh ar an Iaráic, ó 1998 ar aghaidh ar a laghad, chun "saoirse" agus "daonlathas" a thabhairt chun na tíre sin.[2]

I 1998, scríobh baill den 'Project for the New American Century',[3] Donald Rumsfeld ina measc, chuig an Uachtarán Clinton ag moladh dó deireadh a chur le réimeas an Uachtaráin Saddam Hussein san Iaráic.[4] Ba leor an neamhaird a thug an tUasal Saddam ar chigirí airm na Náisiún Aontaithe a úsáid mar leithscéal don oibríocht; dar leo, agus iad ag lua ailt a scríobh William Kristol sa *Weekly Standard *roinnt míonna roimhe sin, ba riachtanas é fórsaí Mheiriceá a chur ar an talamh sa Meánoirthear, fiú in éagmais Saddam, chun srian a chur ar an Iaráin sa réigiún.

Ar 20 Eanáir 2001, ghlac Rumsfeld post i rialtas George W. Bush mar 21ú Rúnaí Cosanta Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fealsúnacht Rumsfeld

D'éirigh Rumsfeld as an post (ar iarratas ón uachtarán is cosúil)[5] ar 8 Samhain 2006. Ruaigeadh as oifig é, is cosúil agus na Ginearáil san airm thar a bheith mí-shásta le Rumsfeld ('the Generals' Revolt').[6][7] Tháinig Robert Gates isteach ina áit.

Rumsfeld ag tabhairt cuairt ar Abu Ghraib sa bhliain 2004

Cogadh na hIaráice[cuir in eagar | athraigh foinse]

agóid in aghaidh Rumsfeld (ar scor ag an am) agus rialtas Bush sa bhliain 2008 i SAM

Ba iad George W. Bush (leasainm Dubya), Dick Cheney agus Donnie Rumsfeld a fuair ‘faisnéis’ go raibh airm ollscriosta (AOS) san Iaráic, rud a shaothraigh leithscéal dóibh ionradh a dhéanamh ar an tír sin, Saddam Hussein a cheapadh agus a mharú agus na mílte mílte eile de bhunadh na tíre sin a shíobadh chun na síoraíochta.[8]

Bhí an ‘fhaisnéis’ a bhí ag Rumsfeld chomh lochtach le Emmental,[9] agus fuarthas amach nach raibh aon AOS san Iaráic. An ceacht a d’fhoghlaim Rumsfeld ná nárbh fhéidir cogadh a fhearadh go saor, mar a bhí ar intinn aige, is cosúil.

Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. Ach ní raibh Rumsfeld ag súil le cogadh cathartha, gan go leor trúpaí aige chun smacht a choinneáil ar an tír.[5]

Céasadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meamram de chuid Rumsfeld

Chreid Rumsefeld go raibh sé inghlactha daoine a chéasadh, rud a tharla sa Phríosún Abu Ghraib san Iaráic, Guantanamo[10] agus áiteanna eile.

Iarradh ar Rumsfeld éirí as oifig sa bhliain 2004 is cosúil, tar éis fhoilsiú phictiúir Phríosún Abu Ghraib.[11]

Fealsúnacht Rumsfeld[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúirt Rumsfeld féin go raibh iomarca rudaí ag baint leis nach eol dúinn ag an am, faoi mar a deirtear, na 'unknown unknowns'; níl ár ndóthain ar eolas againn faoi, nó

'go leor rudaí i gceist i gcásanna mar seo, rudaí is eol dúinn iad agus gur eol dúinn gur eol dúinn iad, rudaí is eol dúinn nach eol dúinn iad agus rudaí nach eol dúinn agus nach eol dúinn nach eol dúinn iad'.[12][13]

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós Rumsfeld Joyce Pierson i 1954.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Expanding freedom and democracy." (en). Freedom House. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  2. Maidhc Ó Cathail (2008). "Cad chuige a bhfuiltear ag cur i gcoinne Mugabe anois?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  3. "Project for the New American Century" (in en) (2021-05-03). Wikipedia. 
  4. Brian Ó Broin (2006). "An bhfuil ag teip ar pholasaithe ionsaitheacha na Stát Aontaithe?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  5. 5.0 5.1 Brian Ó Broin (2006). "An gcuimhneofar ar 2007 mar bhliain an choinscríofa?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  6. Washington Post (Cartlann) (Aibreán 2006). "Bush Speaks Out for Rumsfeld". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  7. David S. Cloud, Eric Schmitt (2006-04-14). "More Retired Generals Call for Rumsfeld's Resignation" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  8. Pól Ó Muirí (21 Eanáir 2021). "Dubya, Dick, Donnie agus an fhaisnéis nach faisnéis" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  9. "Why does the Emmental have holes? - Halal-cheese" (en-US). halal-cheese.ch (2018-10-01). Dáta rochtana: 2021-07-01.
  10. "Guantanamo Bay detention camp" (in en) (2021-06-26). Wikipedia. 
  11. Brian Ó Broin (Aibreán 2006). "Cúrsaí ag dul chun donais do na Poblachtánaigh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  12. Bridget Bhreathnach (2019). "An ‘lá breá éicint amach anseo’ tagtha agus saoire campála ar na bacáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  13. "Cé a líonfaidh an dá chathaoir le Nua-Ghaeilge, in Má Nuad agus Gaillimh?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-01.
  14. "Abu Ghraib prison" (in en) (2021-06-17). Wikipedia. 
  15. "Abu Ghraib torture and prisoner abuse" (in en) (2021-06-30). Wikipedia. 
  16. "Rumsfeld Doctrine" (in en) (2021-01-09). Wikipedia.