Madeleine Albright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Madeleine Albright
Albrightmadeleine.jpg
20. Ambasadóir na Stát Aontaithe chun na Náisiúin Aontaithe

Eanáir 27, 1993 - Eanáir 21, 1997
Edward J. Perkins - Bill Richardson
64. Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe

Eanáir 23, 1997 - Eanáir 20, 2001
Warren Christopher - Colin Powell
Saol
Ainm iomlán Marie Jana Körbelová
Eolas breithe Prág, 15 Bealtaine 1937, 1937
Náisiúntacht An tSeicslóvaic
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneach na Giúdaigh
Seiceach Meirceánach
Bás Washington, D.C., 23 Márta 2022
Cúis bháis bás nádúrtha (ailse)
Muintir
Athair Josef Korbel
Máthair Anna Spiegelová
Céile/Céilí Joseph Albright (en) Aistrigh  (Meitheamh 11, 1959 -  Eanáir 31, 1983)
Páistí
Oideachas
Alma mater Wellesley College (en) Aistrigh Baitsiléir Ealaíon
Paul H. Nitze School of Advanced International Studies (en) Aistrigh
Kent Denver School (en) Aistrigh
Ollscoil Johns Hopkins
Ollscoil Columbia Máistir Ealaíon, céim dochtúireachta
School of International and Public Affairs, Columbia University (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
An tSeicis
Gairm
Gairm taidhleoir, polaiteoir agus scríbhneoir
Áit oibre Washington, D.C.
Fostóirí Ollscoil Georgetown
Duaiseanna
Ballraíocht Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Cleamhnú
Reiligiúin Eaglais Easpagóideach
Páirtithe polaitíochta Páirtí Daonlathach
IMDb nm1267543
Discogs ID 5622194
Twitter madeleine
Madeleine Albright Signature.svg

Taidhleoir Meiriceánach ab ea Madeleine Korbel Albright, a rugadh mar Marie Jana Korbelová ar 15 Bealtaine 1937 i bPrág, sa tSeicslóvaic, agus a fuair bás ar 23 Márta 2022 sna Stáit Aontaithe. Ó 1997 go 2001 bhí sí ina rúnaí stáit sna Stáit Aontaithe, an chéad bhean sa phost sin. Ba bhall den Pháirtí Daonlathach í.

1988

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Jerusalem, 1995.

Muintir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taidhleoir Seicslóvach ab ea athair Madeleine, Josef Korbel; ní ba dhéanaí bhí sé ina ollamh le polaitíocht in Ollscoil Denver i Meiriceá. Nuair a thit an tSeicslóvaic as a chéile roimh ionsaí Ghearmáin na Naitsíoch bhí ar an teaghlach teitheadh. Chuir siad fúthu i Londain. Is cuimhin léi bord trom miotail sa teach mar chosaint ar an mbuamáil a bhí trom sa chomharsanacht in raibh cónaí orthu ar dtús agus tá Madeleine le feiceáil sa ghrianghraf ar phóstaer bolscaireachta ar son páistí sa Bhreatain Mhór.

1998

I 1945 agus an cogadh thart, d'fhill Josef Korbel, mar bhall de rialtas ar deoraíocht na Seicslóvaice, go Prág lena chlann. In fhómhar na bliana 1945 ceapadh Josef ina ambasadóir Seiceach in Belgrade, san Iúgslaiv. Sa bhliain 1948 ghabh na cumannaigh an chumhacht sa tSeicslóvaic agus fuair an teaghlach tearmann in ambasáid na Stát Aontaithe. Thug siad a n-aghaidh ar an tír sin agus sa bhliain 1957 ghlac ise agus a hathair araon saoránacht Mheiriceánach.

2011

Tógadh Madeleine mar Chaitliceach Rómhánach ach chuaigh sí leis an Eaglais Anglacánach nuair a phós sí sa bhliain 1959. Ní raibh a fhios aici go raibh sí ina duine fásta gur Giúdaigh iad a tuismitheoirí ar dtús agus gur iompaigh siad ina gCaitlicigh. Cailleadh triúr dá seantuismitheoirí san Uileloscadh.

Bhí Béarla, Fraincis, Seicis agus Rúisis líofa aici; bhí labhairt agus léamh na Polainnise agus Seirbea-Chróitise aici chomh maith.[1]

Taidhleoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhór léi leathnú na heagraíochta ECAT sna 1990idí.[2] Bhí baint aici le bunú Bhínse Fiosraithe na gCoireanna Cogaidh atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe. Thacaigh sí leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann chomh maith.[2]

Cuimhneachán, Sarajevo

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Madam Secretary (2003)
  • The Mighty and the Almighty: Reflections on America, God, and World Affairs (2006)
  • Memo to the President Elect: How We Can Restore America's Reputation and Leadership (2008).
  • Read My Pins (2009).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]