Cogadh Vítneam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cogadh Vítneam
Cuid den Chogadh Fuar
Cogadh Vítneam

Héileacaptair de chuid na Stát Aontaithe (UH-1D), 1966

Dáta: 1957 (nó 1959) – 30 Aibreán, 1975
Áit: Vítneam, an Chambóid, Laos
Toradh: bua cinntitheach ag Vítneam Thuaidh
Céilí comhraic
Fórsaí frith-chumannacha:
Flag of South Vietnam.svg Vítneam Theas
Flag of the United States.svg SAM
Flag of South Korea.svg An Chóiré Theas
Flag of Australia.svg An Astráil
Flag of the Philippines.svg Na Filipínigh
Flag of New Zealand.svg An Nua-Shéalainn
Flag of the Khmer Republic.svg Poblacht an Khmer
Flag of Thailand.svg An Téalainn
Flag of Laos (1952-1975).svg Ríocht na Laos
Fórsaí cumannacha:
Flag of North Vietnam.svg Vítneam Thuaidh
FNL Flag.svg Viêt-cong
Le tacaíocht ó:
Flag of Democratic Kampuchea.svg Khmer Rouge
Flag of Laos.svg Pathet Lao
Flag of the People's Republic of China.svg Daon-Phoblacht na Síne
Flag of the Soviet Union.svg APSS
Flag of North Korea.svg An Chóiré Thuaidh
Ceannasaithe
Flag of South Vietnam.svg Nguyễn Văn Thiệu
Flag of South Vietnam.svg Lam Quang Thi
Flag of South Vietnam.svg Nguyen Cao Ky
Flag of South Vietnam.svg Ngô Đình Diệm
Flag of South Vietnam.svg Ngo Quang Truong
Flag of the United States.svg Dwight D Eisenhower
Flag of the United States.svg John F. Kennedy
Flag of the United States.svg Lyndon B. Johnson
Flag of the United States.svg Robert McNamara
Flag of the United States.svg William Westmoreland
Flag of the United States.svg Richard Nixon
Flag of the United States.svg Gerald Ford
Flag of the United States.svg Creighton Abrams
Flag of the United States.svg Frederick Weyand
Flag of the United States.svg Elmo Zumwalt
Flag of the United States.svg John Paul Vann
Flag of the United States.svg Robin Olds
Flag of South Korea.svg Park Chung Hee
Flag of Thailand.svg Thanom Kittikachorn
Flag of Australia.svg Harold Holt
Flag of New Zealand.svg Keith Holyoake
Flag of the Philippines.svg Ferdinand Marcos
Flag of North Vietnam.svg Hồ Chí Minh
Flag of North Vietnam.svg Lê Duẩn
Flag of North Vietnam.svg Trường Chinh
Flag of North Vietnam.svg Nguyễn Chí Thanh
Flag of North Vietnam.svg Võ Nguyên Giáp
Flag of North Vietnam.svg Phạm Hùng
Flag of North Vietnam.svg Văn Tiến Dũng
Flag of North Vietnam.svg Trần Văn Trà
Flag of North Vietnam.svg Lê Ðức Thọ
Flag of North Vietnam.svg Đồng Sỹ Nguyên
Flag of North Vietnam.svg Lê Đức Anh
Flag of North Vietnam.svg Tran Do
Flag of North Vietnam.svg Nguyen Van Toan
Flag of North Vietnam.svg Hoang Minh Thao
Flag of North Vietnam.svg Nguyen Minh Chau
Flag of North Vietnam.svg Tran The Mon
Flag of North Vietnam.svg Chu Phong Doi
Flag of North Vietnam.svg Truong Muc
Flag of North Vietnam.svg Vo Minh Triet
Flag of the People's Republic of China.svg Zhou En Lai
Flag of the Soviet Union.svg Nikita Khrushchev
Flag of the Soviet Union.svg Leonid Brezhnev
Slua
~1,200,000 (1968) ~520,000 (1968)
Taismigh
285,831 básanna. ~1,490,000 gortaithe. ~1,177,446 básanna. ~604,000 gortaithe.

Cogadh a mhair ó 1957 go dtí 1975 ab ea Cogadh Vítneam (nó An Dara Cogadh Ind-Síneach) ina raibh fórsaí Vítneamacha cumannacha éagsúla ag dul in éadan fórsaí a bhí in ainm is a bheith ag déanamh ionadaíocht do thíortha an Domhain Thiar. Ar thaobh an Vítneam, do bhí fórsaí rialtas na Poblachta Daonlathaigh Viêt Nam, chomh maith leis an bhFronta Náisiúnta ar son Saoirse Vítneam Theas (an FNL, nó an Viêt-cong, mar a chuirtear air go minic) ag troid le cuidiú ó Aontas na Sóivéide agus on tSín. Ar an taobh eile, do bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag stiúir na bhfórsaí in éadan Vítneam Thuaidh. Bhí cuidiú ag Vítneam Theas freisin ón Astráil agus ón Chóiré Theas.

Cúlra an Chogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Síneann fréamhacha an chogaidh seo fada siar sa stair. Deirtear go minic gur tír í an Vítneam a bhí ag síortroid ar son a saoirse in aghaidh fórsaí stróinsearacha: an tSín, an Fhrainc, an tSeapáin srl. Is fíor é sin gan dabht, ach sa 20ú haois 'sé an Fhrainc a d'imir an rolla is mó i stair an Vítneam go dtí go gairid héis deireadh an Dara Chogadh Domhanda. B'é thart fán am sin gur éirigh leis na fórsaí réabhlóideacha Vítneamacha a saoirse a bhaint amach - (féach ar Chéad Chogadh na hInde-Síne). Coiscéim an-mhór é sin don phobal bheag choilíneach sin. Ach bhuaigh siad a saoirse in aghaidh praghas daor go leor, óir mar is minice i gcásanna mar sin, bhí coinníoll leis an mbua: deighilt na tíre i dhá chuid. Nuair a síníodh an chonradh Ghinéivach, conradh a chuir deireadh leis an réabhlóid, sa bhliain 1954, chuir sé sin dhá stát ar bun: ceann amháin cumannach, Maoistach - an Vítneam Thuaidh; agus an ceann eile daonlathach, múnlaithe ar eiseimléar an Domhain Thiar (i bprionsabal, ar aon nós) - an Vítneam Theas. Ach nuair a dhiúltaigh uachtarán Vítneam Theas, Ngô Đình Diệm, a bheith ag plé leis an rialtas tuaisceartach, chun oibriú i dtreo athaontais an dá stáit, rud a raibh an rialtas tuaisceartach ag díriú ar óna shínigh sé an conradh, d'éirigh sé soiléir go mbeadh an bealach crua go leor don dá stát.

Tús an Chogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an strus a bhí ann idir an dá stát óna bunaíodh siad ag fás an t-am go léir. Síníodh an conradh Ginéivach i mí Iúil 1954. De réir an chonraidh féin, bheadh olltoghchán a reáchtáil ar an 20ú lá Iúil, 1956 chun an dá stát a athaontú. Ach, i rith na laethanta agus míonna héis síniú an chonraidh, d'éirigh sé soiléir nach raibh toghcháin de shórt ar bith a gcoinneáil in áit ar bith. Bhí ró-shuim ag Diem a smacht a choinneáil ar an Vítneam Theas agus i a thógáil amach chun stát stábla frith-chummanachais a chruthú agus a dhaingniú sa deisceart. Níor chreid sé go mbeadh aon toghcháin ina mbeadh an rialtas tuaiscirt páirteach ann saor nó faireálta agus bhí fhios aige go mbeadh ar an stát deisceartacha a réiteach roimh ionsaí dosheachanta de chuid an tuaiscirt luaith ná mall. I ndiaidh gach taobh a bheith a ndaingniú agus ag fáil cabhair i bhfoirmeanna éagsúla óna gcuid comhghuaillithe, thosaigh an cogadh i ndáiríre i 1957 nuair a d'ionsaigh na fórsaí tuaisceartacha Vítneam Theas. Suas go dtí an bpointe sin, bhí cúrsaí idir an dá pháirt den tír atá inniu ann ag éirí níos teannta de réir mar a bhí an dá thaobh a bpolaraigh.

Rud a chuir leis an staid sin no go raibh na Stáit Aontaithe ag cuir an-shuim sa mhéid a bhí ag tarlú sna cheantracha sin, mar bhí an Cogadh Fuar faoi lán siúl faoin tréimhse sin. Bhí na SA ag coinneáil súil gearr ar ar tharla sa Vítneam ar go leor ábhair. Uimhir a haon acu, ná go raibh siad in aghaidh scaipeadh an chummanachais-domhanda. Tá Vítneam suite in áit eicínte criticeach san Ais agus le titim an réisím Francach do bhí an tír sin ar tí a titim i láimhe na gCummanach.

Chun stop a chur leis an eachtra sin, thosaigh na SA níos mó tacaíocht a tabhairt don réisím deisceartach. Sa chéad dul síos, do thainig an tacaíocht sin i bhfoirm comharleoiri neo-mílite - b'ea mar sin an scéal oifigiúil - ach de réir mar a chuaigh an cogadh ar aghaidh d'éirigh sé níos soiléire fós go mbeadh rudaí eile de dhíth ar na bhfórsaí deisceartacha dá mba mhaith leo bhagairt an tuaiscirt a chloí. D'thoradh conraithe a bhí déanta idir Vítneam Theas agus SA, bhí cead ag na SA cuidiú a thabhairt don Vítneam Theas chun cosaint a thabhairt lei in éadan naimhdeas Vítneam Thuaidh gan páirt foirmeálta a ghlacadh sa chogadh. Agus, ar an mbealach sin, d'éirigh leis an rialtas Meiriceanach tuille acmhainní a fháil ar son sin gan cead a iarraidh ar an gComhdháil (Congress) mar go hoifigiúil ní raibh siad páirteach i gcogadh dáiríre. Mar sin, chuaigh an áireamh trupaí Meiriceanacha a bhí ar fónamh i Vítneam in airde agus anois i bhfoirm trúpaí agus gunnaí cé nar chuireadh ar rolla na SA i Vítneam ach "gníomh póilíneacht".

Ceann do na pictiúirí is cáiliúla ón gcogadh: An Ginearál Nguyen Ngoc Loan (Vítneam Theas) ag cur an Captaen Nguyen Van Lem (NLF) chun báis

Dhá Eachtra Tábhachtacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is ag an am sin a tharla dhá rud a raibh éifeacht iontach mhór acu ar chúrsaí chogaidh: feallmharú Ngô Đình Diệm, uachtarán an Vítneam Theas agus feallmharú John F. Kennedy, uachtarán SAM. Tharla an dá rud sa bhliain 1963 agus cá bhfios nach raibh baint ar a laghad ag an aon rud leis an rud eile. Bhí páirt Mheiriceá sa Vítneam rud éicinte a bhí ann mar gheall ar an gCinnéadach. B'é páirt dá pholaitíocht ná an cumannachas a choinneáil amach ón doras agus go háirithe amach ó thíortha an domhain thiar. Ní nach ionadh é sin, mar b'shin rud éicinte a bhí dlúth do chroíthe go leor rialtas san Iarthar. B'shin an fáth gur thacaigh na SAM Diem sa chéad dul síos. Ach, ní raibh Diem ábalta an troid sin a chuir i gcrích. Bhí na SA réidh ullamh chun tacaíocht a thabhairt leis go dtí pointe airithe, fad's a raibh sé ábalta é sin a dhéanamh ar bhealach éifeachtach. Ach de réir mar a chuaigh an t-am thart, bhí sé soiléir nach raibh réimeas Diem ag déanamh a leithéid. Thart fá 1963 tar éis buanna de chuid an tuaiscirt agus cloíte de chuid an deiscirt, bhí reisim Diem ar tí a thitim. Bhí Diem ag rith amach as smacht, ag déanamh ionsaithe ar gach a raibh boladh amhrasach air: manaigh Buddhisteacha san áireamh. Ní raibh rialtas an Cinnéadaigh sásta tacú le réim Diem muna raibh seisean ábalta a chion a dhéanamh freisin. Mar thoradh, thosaigh siad pleananna a chur le chéile le haghaidh Diem a bhaint de smacht agus duine éicinte nua a chur ina áit. Bhí an focal coup san aer.

Mar a tharla sé, ní raibh sé sin chomh deacair a reáchtáil is a breathnaíodh ar dtús, mar bhí an plean céanna ag cuid de na Ginearáil ón arm deisceartach. Deirtear nach raibh sé d'aidhm ag rialtas na SA Diem a mharú. Bhí siad go simplí ag iarraidh réim nua, réim níos éifeachtaí a chur isteach ina áit. Ach bhí níos mó ná sin ar intinn na nGinearáil a bhí taobh thiar den phlean i Vítneam. Thiocfadh sin chun tosaigh nuair a mharaigh fear acu é agus a dheartháir ar an 2 Samhain, 1963.

Tháinig bás an Chinnéadaigh go gairid ina dhiaidh sin. Tá go leor athmhachnamh déanta ar an eachtra sin, níos mó ná is féidir a chur síos ar an leathanach seo. Ach, is mar gheall ar sin gur tháinig Lyndon B. Johnson chun smacht. Agus is seisean a thóg an cinneadh rolla na SAM i Vítneam a leathnú amach agus, ar an mbealach sin, stair SAM a athrú ar shlí go hiomlán gan choinne.

Murascaill Tonkin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí drogall ar rialtas Mheiriceá páirt níos gníomhaí a ghlacadh sa chogadh. Is cinnte, bhí suim mhór ag na pleanaitheoirí míleata díreach sin a dhéanamh ach d'thóradh cúrsaí inmheánacha agus eachtracha ní raibh siad in ann lán a gcumhacht míleata a chuir isteach sa scéal sin. Níor mhaith leo, mar shampla, fearg na Síne a mhúscailt tríd throid ró-mhór a dhéanamh in éadan Vítneam Thuaidh, stát a bhí ag fáil cuidithe ón tSín féin. Sin ceann de na frithchosúlachtaí den chogadh sin. Ach bheadh cogadh dáiríre idir na SA agus an tSín in ionad an chogaidh "proxy" sin ró-chostasach agus ró-chontúirteach do na SA agus don domhan ar fad. Mar sin, tháinig cuidiú na Meiriceánach chuig Vítneam Theas i gceana go réasúnta beaga ach seasta. B'é sin chuid den phlean an Chinnéadaigh ón tús: méadú céimseach de thrúpaí agus d'acmhainní i Vítneam ionas nach mbeadh cuma "chogaireachta" ar an scéal ar chor ar bith don phobal Meiriceánach nó don phobal idirnáisiúnta ach oiread. Ach do lucht airm na SA an rud a bhí de dhíth orthu ná ábhar chun tacaíocht níos soiléire, níos míleata b'fhéidir, a chuir isteach sa gcluiche.

Agus b'shin a bhfuair siad ar 2 Lúnasa 1964, nuair a d'ionsaíodh soitheach-troda de chuid cabhlaigh na SA ag Vítneam Thuadh ar sheoladh isteach don soitheach i mBá Tonkin amach as an gcósta Vítneam Thuaidh. Bhí an soitheach-troda Meiriceánach MADDOX ag seoladh i bhfarraigí idirnáisiúnta ag an am ag déanamh taiscéil chun eolas a bhailiú faoin gcóras cosanta cósta ag na bhfórsaí Tuaisceartacha. Thart fán am céanna bhí na SA ag iompar amach rádaí rúnda ar ionaid cosanta i Vítneam Thuaigh. Ansin, nuair a chonacthas go raibh soitheach-troda ag druidiú leis a gcósta d'fhreagair na fórsaí Vítneamacha Thuadh ar an toirt. Ag deireadh an lae, d'éalaigh an soitheach gan mórán damáiste déanta.

Ansin tá cúpla lá i ndiaidh sin, ar an 4ú Lúnasa, bhí an soitheach céanna in eindí le soitheach-troda eile ag seoladh o dheas sa bhá. Ag druidiú le meán oíche agus thugadar faoi deara go raibh siad faoi ionsaí aríst. Ach an uair sin, d'freagair siad agus d'oscail siad tine.

Ní léir anois arbh ionsaí dáiríre de chuid fórsaí an tuaiscirt a bhí ann mar ní raibh aon fianaise ann an lá dár gcionn go raibh rud eicínte go fírinneach tar éis bheith tarlaithe. Agus bhí amhras fiú amháin ar chuid dhé na mairnéalaigh ar tharla ionsaí ar chor ar bith. Ach, bhí sé sin go leor do na Washington hawks. Thug an eachtra sin deis do Lyndon Johnson, Uachtarán na SA ag an am tar éis bás an Chinnedaigh, adhmaid a bhaint as an staid. agus thapaigh sé an deis. Bhain sé úsáid as chun cead a fháil ón gComhdháil níos mó acmhainní a fháil don bhfeachtas i Vítneam. Chuaigh na SA ar an ionsaí anois, ag fhreagairt le aer-ionsaithe ó iompaithe-aerárthacha ar spriocanna i Vítneam Thuaidh. Cuireadh 5,000 míle "comhairleoir míleata" breise chuig an Vítneam go dtí go raibh an áireamh iomlán de gníomhaithe (operatives) Meiriceánacha i Vítneam thart faoi 21,000.

An Cogadh ar an Talamh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Buamaí napalm á n-úsáid taobh ó dheas ó Saigon i 1965.

Chuaigh na gnímh naimhdeacha sin ar aghaidh agus chuaigh an oiread saighdiúirí Meiriceánacha a bhí páirteach ann in airde agus san am céanna chuaigh an méid gortaithe agus marbha a bhí ag teacht ar ais go Meiriceá in airde freisin. Bhí páirt an SA agus a gcomhghuaillithe sa chogadh ag éirí an-mhór ar fad. Agus de réir sin d'iompaigh a rolla sa chogadh freisin go céimseach ó rolla cosainteach ag cuidiú leis a "gcomhghuaillithe" i ndeisceart na tíre go dtí rolla ionsaitheach.

Sa bhliain 1965 thosaigh an "Operation Rolling Thunder" feachtas pléascanna faoi rún a bhí dírithe ar spriocanna i dtuaisceart na tíre. D'aidhm ag an bplean sin, nó stop a chur leis an gcóras soláthair tuaisceartach, an raon "Ho Chi Minh" mar a thugtar uirthi. Ach níor oibrigh sé amach mar a bhíodar ag dúil. Bhí na fórsaí tuaisceartacha lán ábalta trúpaí nua agus raon-soláthair eile a fháil le cuidiú ó foinsí eile, an tSín mar shampla.

I 1965 tháinig na chéad trúpaí oifigiúla de chuid na SA go dtí an Vítneam. Tháinig 3,500 saighdiúir de chuid an Chabhlaigh SA chun troda. B'shin tosach an chogaidh ar an talamh. I ndiaidh sin, d'fhás an uimhir de thrúpaí go tréan agus choinnigh leis ag fás go leanúnach ar bun bliantúil go dtí go raibh thart le 400,000 trúpaí ar an talamh i Vítneam. Agus, ar dtús bhí rath de shórt eicínte orthu. Lena bhfórsaí níos mó agus a n-arm ollmhór, bhí siad in ann troid go héirimiúil in éadan na fórsaí cumannacha. Ach rud a bhí ag síor coinneáil siar an fheachtais ná nach raibh an cogadh i gcomhnaí go oifigiúil ach gníomh póilíneacht. Cinnte go raibh níos mó spás anála ag arm na SA chun acmhainní a chur isteach sa bhfeachtas ach níor fhág sé sin gur chogadh oifigiúil sin ar chor ar bith... do na SA ar aon nós.

Ach do mhuintir Vítneam Thuaidh agus Theas, b'é chogadh é sin cogadh ar son idé-eolaíochta, ar son saoirse, ar son neamhspleáchas agus ar son féiniúlacht. Agus sin fhíric a dhéanfadh diofear mór ar son bealach an chogaígh. Agus dá bharr, d'éirigh sé go tapa soiléir go raibh an troid i bhfad ó bheith buaite ag na SA.

An Ionsaí "Tet" agus Athrú Meóin an Phobail[athraigh | athraigh vicithéacs]

Giorrúchán don fhrása "Tet Nguyen Dan" nó Féile na Bliaina Uire de réir an fhéilire ghealaigh é sin. Féile a bhí tábhacht mhór ag baint leis do na daoine vítneamacha. Agus b'shin an fhéile a bhí faoi lán siúl ar an 30 Eanáir, 1968. Ar an lá sin, deirtear gur tháinig an ionsaí is eochrach dhen chogadh sin de chuid na bhfórsaí tuaiscearteacha: an Ionsaí Tet. Bhí sé de bheart ag na fórsaí tuaisceartacha airde na Meiriceánach a tharraingt chuig an teorann idir an tuaisceart agus an deisceart agus in a dhiaidh ionsaithe eile a iompar amach ar feadh an deiscirt ar fad. Chun e sin a dhéanamh rinne siad ionsaithe a bhreith amach in aiteachaí suite ar an taobh theas den teorann idir Vítneam Thuadh agus Theas. I ndiaidh sin, thug siad ionsaithe ar spriocanna níos uaillmhianaí sa deisceart, in a measc áiteachaí mar Khe Sanh, ait mar a bhfaigheadh na mílte saighdiúirí ar chaon taobh an bás. Cé nach ró-rathúil an ionsaí féin do na fórsaí Vítneamacha, rud atá le feiceáil on uimhir marbha ar an taobh Vítneamach, bhí éifeacht iontach mhór i Meiriceá dá thairbhe mar is thart fá am an chath sin gur thosaigh athrú meoin na meáin cumarsáide in aghaidh an chogaidh. Agus rinne an athrú sin go leor chun meon an phobail a athrú freisin.

Tá difear mhínitha ann ar son an athrú meoin sin, athrú céimseach gan dabht ach athrú dáiríre mar sin féin. Déirtear go minic go raibh an phobal Méiriceánach in aghaidh, ni go hairithe an chogaidh féin, ach in aghaidh an modh ar a raibh an chogadh a chur i gcrích ag an rialtas agus ag an arm. Mar bhí pobal na SA don chuid is mó go radaiceach in aghaidh an chummannachais ach ní raibh an straitéis Mericeánach i Vítneam ag tabhairt go leor torthaí sa chogadh le haghaidh sású an tuairim poiblí. Agus chomh maith le sin, de réir mar a tháinig níos mó chorp abhaile i málaí-choirp, nochtadh an míshástacht sin i bhfoirm an meoin frithchogaidh a bhí ag éirí ní ba choitcheanna i rith an chogaidh (go mór, mór i measc an aois óig ach sin scéal eile).

Ag an am céanna, bhí an ghluaiseacht síochána ag dul i dtreise freisin. Bhí an-tuiscint ann ar son na gluaiseachta sin i measc an aois óig, agus cuireadh an tuiscint isteach sa cheol agus sa chultúr poiblí.

Athrú Rialtais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ho Chi Minh, ceannaire an Tuaiscirt i rith na coimhlinte (stampa poist ón APSS)

D'athraíodh rialtas na SA i 1968, agus ceapadh Richard M. Nixon ina uachtarán ar na Stát Aontaithe. I rith a fheachtais, dúirt Nixon go gcríochnódh sé an cogadh i Vítneam, agus go bheireadh sé síocháin san Aigéan Ciúin. Ach níor tharla gach rud díreach mar a dúirt sé.

Bhí fhios ag an rialtas go dtógeadh sé tréimhse fada sula bhfaigheadh siad amach as an Vítneam. Chun an próiseas sin a chur ar aghaidh níos tapúla bhí sé tábhachtach go mbeadh laghdú ar rolla airm na SA agus rolla níos mó ag na fórsaí Vítneam Theas. Eilimint cáinteach den bplean sin ná úsáid ionsaithe aeracha in ionad trúpaí talúna. Mar sin, thosaigh na fórsaí Meiriceánacha ar fheachtas buamála, sa Vítneam ach chomh maith sa Chambóid, áit ina raibh na fórsaí Vítneam Thuadh ag fáil cabhrach agus díon.

Go mall réidh, tháinig na trúpaí Meiriceánacha abhaile, agus cuireadh níos mo freagracht i láimh na dtrúpaí Vítneam Theas, agus a n-uachtarán Thieu.

Deireadh an Chogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhi Henry Kissinger, Rúnaí Stáit de chuid na SA, ag obair go crua in éindí le hurlabhraithe de chuid Vítneam Thuaidh i dtreo conradh síochána a bhualadh amach chun deireadh a chur leis an gcogadh. Theip ar an chead iarracht i 1972 nuair a dhiúltaigh rialtas an Deiscirt a mbeannacht a thabhairt don chonradh. Bhí ceannaire an deiscirt faoin taca sin, Thieu, in éadan an chonartha agus ba leisc leisean agus leis an rialtas aigesean an chonradh a síniú oir ba fo-chlasal den chonradh go mbeadh trúpaí de chuid Vítneam a Thuaidh lonnaithe i Vítneam Theas. Ach, n'uair a chuir Nixon faoi bhráid Thieu go mbeadh an chonradh a síniú fiú múna raibh an Deisceart sásta páirt a ghlacadh ann, d'athraigh sé an port aige agus chuaigh sé i mbun an díospóireachta. Bhí Nixon faoi bhrú ag an am oir bhí pobal na SA díreach i ndiaidh fail amach faoin scannal Watergate, scannal a gcuirfeadh deireadh leis an réim aige. Mar sin, ní raibh sé in ait mar arbh fhéidir leis polasaithe cogaíochta a bhrú chun tosaigh in éadain tola a phobail Meiriceánaigh. Ba léir do Thieu nach raibh rogha ar bith aigesean ar chúrsaí. Ghlac sé leis an gconradh, sa deireadh, conradh a bhfágfadh go mbeadh an deisceart beagnach gan chosaint.

I 1975 tharraing na SA gach cabhrach militearaigh amach as an tír agus fágadh rialtas an deiscirt chun a chinnuna i neadan an Airm tuaisceartaigh. Gabhadh priomh chathair an deiscirt, Saigon, ar 30u a Aibreán 1975.

Mar thoradh den chogadh, d'éirigh le Vítneam Thuaidh an tír an athaontú arís mar thír amháin le foirm rialtais chumannach. Ó thús an chogaidh go dtí a deireadh i 1975, cailleadh thart ar 3,000,000 Vítneamach agus thart ar 50,000 Meiriceánach.