Oibríocht Linebacker II
| ||||
Cineál | cath strategic bombing (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Cogadh Vítneam | |||
Tréimhse | 18 - 29 Nollaig 1972 | |||
Dáta na bliana | 29 Nollaig 1972 | |||
Suíomh | Vítneam Thuaidh | |||
Tharla Oibríocht Linebacker II, feachtas bratbhuamála ar Hanoi, idir 18 to 29 Nollaig 1972, le linn Chogadh Vítneam.[1][2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí idirbheartaíocht idir na Stáit Aontaithe agus Hanoi ar siúl i bPáras ó 1968. Ceithre bliana níos déanaí, rinne an dá thír comhaontú eatarthu féin. Bhí dáta leagtha síos, an 30 Deireadh Fómhair, chun conradh a shíniú.
Ach theip ar na hiarrachtaí teacht ar chomhaontú. nuair a dhiúltaigh rialtas an Deiscirt a mbeannacht a thabhairt don chonradh. Bhí ceannaire an deiscirt, Nguyễn Văn Thiệu, glan in éadan an chonartha.
Oibríocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an an mhoill ag cur cantail ar an tUachtarán Nixon. Rinneadh é a atoghadh sa phost agus bhí sé an-lán dó féin. Chun brú a chur ar na Vítneamaigh, d'ordaigh sé feachtas bratbhuamála ar Hanoi, cleas soiniciúil. Ach sheas na Cumannaigh an fód.
Ar 30 Nollaig 1972, d'fhógair na S-A go gcuirfeadh siad stop leis an Obráid.
Iarmhairt
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an feachtas buamála ina scamall ar na cainteanna síochána. Níor éirigh le SAM géilleadh a fháil ar rud ar bith. Síníodh an socrú síochána ar 27 Eanáir 1973 san Óstán Majestic i bPáras, an leagan céanna, a bheag nó a mhór, ná an cháipéis bhí le fáil ar 30 Deireadh Fómhair 1972.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 VietNamNet News. "Untold stories about wreckage of a B52 bomber in Hanoi’s lake" (en). VietNamNet. Dáta rochtana: 2021-12-30.
- ↑ 2.0 2.1 "North Vietnam, 1972: The Christmas bombing of Hanoi" (en-GB). BBC News (2012-12-24). Dáta rochtana: 2021-12-30.