Scannal Watergate

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oifig Watergate, Washington, District of Columbia

Thosaigh scannal Watergate sna Stáit Aontaithe ar an 17 Meitheamh 1972 nuair a gabhadh cúigear fear a raibh baint acu leis an Teach Bán agus iad i ndiaidh briseadh isteach in oifigí an Pháirtí Dhaonlathaigh. B’oifigigh shinsearacha i rialtas Richard Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán[1].

Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann. Bhí na buirgléirí ag lorg eolais mar gheall ar Chathaoirleach an Pháirtí Dhaonlathaigh, Lawrence F. O’Brien, ar chúntóir de chuid John F. Kennedy, Lyndon Johnson agus an pháirtí náisiúnta Dhaonlathaigh é ar feadh na mblianta.

Raidió trasraitheora

Chas feidhmeannach FBI, “Deep Throat” nó Mark Felt, a raibh blianta fada caite aige leis an FBI, le beirt iriseoirí ón Washington Post, Bob Woodward agus Carl Bernstein. Thug sé eolas dóibh.

Ag an am céanna, bhí ar Spiro Agnew, an leasuachtarán i dtrioblóid. I 1973, aimsíodh eolas faoi himghabháil cánach, agus scoir sé.

I 1974, milleadh gairm Nixon nuair a bhí an scannal Watergate i mbéal an phobail. D'éirigh Nixon as oifig ar an 9 Lúnasa 1974.

Ba é Nixon an t-aon uachtarán amháin a d'éirigh as oifig.

Oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ceapadh Gerald Ford mar leasuachtarán. B'é Ford an chéad uachtarán a fuair an post gan bhua i dtoghchán, nuair a d'éirigh Richard Nixon as oifig tar éis scannal Watergate.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Tom Deignan, Beo.ie, Iúil 2005