Mao Zedong
| Mao Zedong 毛澤東 | |
| [[Íomhá:|220px]] | |
1ú Cathaoirleach Pháirtí Cumannach na Síne
| |
| Dáta breithe | 26 Nollaig, 1893 |
| Áit bhreithe | Shaoshan, Hunan, An tSín |
| Páirtí | Páirtí Cumannach na Síne |
| Gairm | Múinteoir |
| Síniú | |
Bhí Mao Zedong (fuaimniú(cabhair, comhaid)) (de réir an chórais pinyin, 'Máo Zédōng; Shaoshan, Hunan, 26 Nollaig 1893 - Péicing, 9 Meán Fómhair 1976) ar an gcéad cheannaire Cumannach den tSín.
Ba iad na fórsaí Cumannacha a rug an chraobh leo i gcogadh cathartha na tíre úd sa bhliain 1949 agus chuir Mao deachtóireacht Chumannach ar bun.
Thosaigh an Réabhlóid Chultúrtha sa tSín ar an 16 Bealtaine 1966.
Cuirtear ina leith go raibh a réimeas ciontach as breis is seachtó milliún duine a mharú trí bheartais chrua eacnamaíocha agus shóisialta.
Idé-eolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is minic a thugtar Maochas ar leagan Mao den idé-eolaíocht Mharcsach, cé gur thug na húdaráis Shíneacha Smaointeachas Marcsach-Leiníneach Mao Zedong air nó frith-athbhreithniú; déanann an dara téarma tagairt don athbhreithniú idé-eolaíoch a rinne ceannairí an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh bhás Stailín, dar le Mao.
Le cabhair Stailín a tháinig sé i réim, ach d'éirigh idir é agus na Sóivéadaigh, rud a ghríosaigh é chun tabhairt faoi cheannas a fháil ar an Chumannnachas idirnáisiúnta.
Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an Páirtí Cumannach fós i gceannas ar an tSín, cé gurb é an caipitleachas stáit atá faoi réim anois ann.
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |