Dara Poblacht na Spáinne
Dara Poblacht na Spáinne | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Aintiún | Himno de Riego | ||||
Mana | «Plus ultra» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Maidrid agus Barcelona | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | an Spáinnis | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An Spáinn | ||||
Cruthú | 14 Aibreán 1931 | ||||
Díscaoileadh | 1 Aibreán 1939 | ||||
Á leanúint ag | Junta de Defensa Nacional (en) | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil Deputies | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | peseta |
Ba í Dara Poblacht na Spáinne an rialtas a bhí ann sa Spáinn idir 14 Aibreán, 1931, nuair a theith Rí Alfonso XIII as an dtír, agus 1 Aibreán, 1939, nuair a ghéill fórsaí deireanacha na bPoblachtánach go fórsaí Franco (na Náisiúnaigh) nuair a tháinig Cogadh Cathartha na Spáinne chun críche.[1]
Bunreacht 1931
[cuir in eagar | athraigh foinse]Glacadh le Bunreacht nua ar an 9 Nollaig, 1931. Don chéad uair, tugadh féinrialú do réigiúin na Spáinne. D'athraíodh siombail na tíre (an t-amhrán Himno de Riego mar amhrán náisiúnta).
An Rialtas go dtí 1936
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair an PSOE[2] an vóta is mó sa toghchán, chomh maith le páirtithe eile ón taobh clé. Bhí Manuel Azaña, ceannaire an pháirtí Acción Republicana,[3] mar cheannaire ar an rialtas go dtí 1933, i gcomhrialtas leis an PSOE agus na páirtithe eile ar an taobh clé.
Ar an 19 Samhain 1933, d'fhógair an rialtas olltoghchán. Bhuaigh páirtithe na heite deise an toghchan.
Bhí Éirí Amach mór sa bhliain 1934,[4] agus cuireadh na mianadóirí in Asturias faoi chois tar éis tamaill.
Olltoghchán 1936
[cuir in eagar | athraigh foinse]Reáchtáladh olltoghchán sa bhliain 1936, agus bhuaigh an Fronta Pobail[5] (na Sóisialaigh srl) 4,654,116 vóta (263 suíochán) i gcoinne 4,503,524 (156) do na Náisiúnaigh (ar an taobh dheis). Toghadh Manuel Azaña mar uachtarán.
Ar an 17 Iúil d'éirigh an t-arm amach in aghaidh an rialtais. Thosaigh an t-éirí amach i Maracó na Spáinne, ach go luath scaip sé ar fud na tíre.
Deireadh na Poblachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 2 Feabhra 1939, cothrom 3 bliana a mbua toghchánaíochta beagnach, ag an bhFronta Pobail, d'éirigh Azaña as Uachtaránacht ar an Dara Poblacht.[6] In oifig, 1931-1939, bhí sé deacair dó an teoiric a chur ag obair go praiticiúil.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Manuel Azaña
- an Fronta Pobail (an Spáinn, 1936-1939)
- Cogadh Cathartha na Spáinne
- Céad Phoblacht na Spáinne
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Séamas de Barra (Feabhra 2017). "'An Spáinn i gcoinne na Spáinne'. Caibidil 6 de leabhar le Pio Moa, Feasta]". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-03-08. Dáta rochtana: 2021-10-03.
- ↑ "Spanish Socialist Workers' Party" (as en) (2021-10-02). Wikipedia.
- ↑ "Republican Action (Spain)" (as en) (2021-03-23). Wikipedia.
- ↑ "Revolution of 1934" (as en) (2021-09-30). Wikipedia.
- ↑ "Popular Front (Spain)" (as en) (2021-08-16). Wikipedia.
- ↑ Séamas de Barra (Samhain 2016). "An Coirnéal Segismundo Casado López, agus bua Francisco Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne (1936–1939). Feasta 69 (11), lch 14-17.". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-16. Dáta rochtana: 2021.
Is síol faoin Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |