Manuel Azaña

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Manuel Azaña
Azaña 3.jpg
Coat of Arms of Spain (1931-1939).svg
Aire Cogaidh

Aibreán 14, 1931 - Meán Fómhair 12, 1933
Dámaso Berenguer, 1st Count of Xauen (en) Aistrigh - Juan José Rocha García
Ball den Cortes republicanas

Iúil 10, 1931 - Lúnasa 5, 1931
District: Baleares (en) Aistrigh
Ball den Cortes republicanas

Iúil 20, 1931 - Deireadh Fómhair 9, 1933
District: Valencia (capital) (en) Aistrigh
Coat of Arms of Spain (1931-1939).svg
Uachtarán Chomhairle na nAirí

Deireadh Fómhair 14, 1931 - Meán Fómhair 6, 1933
Juan Bautista Aznar-Cabañas - Alejandro Lerroux
Ball den Cortes republicanas

Nollaig 19, 1933 - Eanáir 7, 1936
District: Vizcaya (capital) (en) Aistrigh
Coat of Arms of Spain (1931-1939).svg
Uachtarán Chomhairle na nAirí

Feabhra 19, 1936 - Bealtaine 10, 1936
Manuel Portela Valladares - Santiago Casares Quiroga
Ball den Cortes republicanas

Márta 3, 1936 - Feabhra 2, 1939
District: Madrid (capital) (en) Aistrigh
uachtarán Dara Poblacht na Spáinne

Bealtaine 10, 1936 - Márta 3, 1939
Niceto Alcalá-Zamora - Francisco Franco
Saol
Eolas breithe Alcalá de Henares, Eanáir 10, 1880
Náisiúntacht An Spáinn
Bás Montauban agus An Fhrainc, Samhain 3, 1940
Áit adhlactha Montauban
Muintir
Athair Esteban Azaña
Céile/Céilí Dolores Rivas Cherif  (Feabhra 27, 1929 -  Samhain 3, 1940)
Teaghlach
Oideachas
Alma mater University of Zaragoza (en) Aistrigh Licentiate degree in Law (en) Aistrigh
Universidad Central (en) Aistrigh Doctorado en Derecho
Leibhéal oideachais céim dochtúireachta
Teangacha An Spáinnis
Gairm
Gairm polaiteoir, dlíodóir agus scríbhneoir
Áit oibre Maidrid
Gluaiseacht Generation of 1914 (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Republican Left (en) Aistrigh
IMDb nm0044140
Manuel Azaña (1880-1940) firma.png
Manuel Azaña, 1933

Ba pholaiteoir Spáinneach é Manuel Azaña Díaz (as Alcalá de Henares, in aice le Maidrid, 10 Eanáir 18803 Deireadh Fómhair 1940, Montauban, An Fhrainc). Toghadh é mar an dara uachtarán (agus an uachtarán deireanach) ar Dara Poblacht na Spáinne (10 Bealtaine 1936 - Aibreáin 1939).

"El problema español". óráid sa Casa del Pueblo de Alcalá de Henares, 1911

Bhí sé ina aire cogaidh sa chéad rialtas den Phoblacht (Aibreáin-Meitheamh 1931), agus ina phríomhaire idir Deireadh Fómhair 1931 agus Meán Fómhair 1933 agus fós sa bhliain 1936.[1]

13 Iúil 1937

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Azaña staidéar sa Universidad Complutense, Institiúid Cisneros agus Agustinos in El Escorial. Fuair sé céim sa dlí ó ollscoil Zaragoza sa bhliain 1897. Thug an Universidad Complutense dochtúireacht dó sa bhliain 1900. Sna blianta ina dhiaidh sin, bhí Azana ag obair mar aturnae.

Thaisteal Azaña go Páras sa bhliain 1911.

Chuaigh Azaña isteach sa Pháirtí Poblachtach, páirtí de chuid na heite clé, sa bhliain 1914 agus Melquíades Álvarez ina cheannaire. Chabhraigh sé le nuachtán a chuir ar fáil, an El Imparcial agus níos déanaí El Sol.

I rith An Chéad Chogaidh Dhomhanda, bhí Azaña mar iriseoir ar an bhFronta Thiar. Deirtear gur thug faisnéis mhíleata na Fraince airgead dó.

Níos déanaí bhunaigh sé an Pluma (iris) le deartháir a bhean chéile, Cipriano Rivas Cherif) agus bhí sé i mbun España idir 1920 agus 1924.

Bhí Azaña mar rúnaí ar Ateneo de Madrid (1913-1920), agus mar uachtarán air sa bhliain 1930. Bhí sé mar iarrthóir sna toghcháin don cúige Toledo sa bhliain 1918 agus 1923, ach theip air. Sa bhliain 1926 bhunaigh sé Acción Republicana le José Giral.

An rialtas, M.F. 1936ː i lár, Julio Just Gimeno agus Manuel Azaña


Bhí Azaña i gcoinne an deachtóra Miguel Primo de Rivera; d'fhoilsigh sé forógra i gcoinne an deachtóra agus Rí Alfonso XIII sa bhliain 1924. Níos déanaí ghlac sé páirt i gcomhaontú San Sebastián sa bhliain 1930.

Ttofa ar bhonn daonlathach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbh inniu in Alcalá de Henares,- Maidrid

Eagraíodh toghcháin ar an 12 Aibreán 1931 agus ceapadh Azaña mar aire cogaidh sa chéad rialtas den Phoblacht (Aibreáin-Meitheamh 1931), agus ina phríomhaire idir Deireadh Fómhair 1931 agus Meán Fómhair 1933 agus fós sa bhliain 1936.

Ar 2 Feabhra 1939, cothrom 3 bliana a mbua toghchánaíochta beagnach, ag an bhFronta Pobail, bhí Azaña ar deireadh ag tabhairt suas na hUachtaránachta ar an Dara Poblacht.[2] In oifig, 1931-1939, bhí sé deacair dó an teoiric a chur ag obair go praiticiúil.

Montauban inniu

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theith na Poblachtánaigh en masse sa bhliain 1939 (níos mó ná 500k!), Azaña ina áireamh. Fuair na mílte bás i gcampaí géibhinn sa Fhrainc [3] Croíbhriste, d'éag Azaña ar an 3 Deireadh Fómhair 1940 i Montauban.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Séamas de Barra (Feabhra 2017). "'An Spáinn i gcoinne na Spáinne'. Caibidil 6 de leabhar le Pio Moa, Feasta]". web.archive.org. Dáta rochtana: 2021-10-03.
  2. Séamas de Barra (Samhain 2016). "An Coirnéal Segismundo Casado López, agus bua Francisco Franco i gCogadh Cathartha na Spáinne (1936–1939). Feasta 69 (11), lch 14-17.". Dáta rochtana: 2021.
  3. "Internment camps in France" (in en) (2021-07-04). Wikipedia.