Gernika
![]() | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Gernika-Lumo (eu) ![]() | |||||||||||||
|
|||||||||||||
![]() ![]() | |||||||||||||
| |||||||||||||
Suíomh | |||||||||||||
| |||||||||||||
| |||||||||||||
Príomhchathair |
Gernika-Lumo ![]() | ||||||||||||
Daonra | |||||||||||||
Iomlán |
17,093 (2021) ![]() | ||||||||||||
Teanga, nó leagan teanga |
An Bhascais (teanga cheannasach) ![]() | ||||||||||||
Tíreolaíocht | |||||||||||||
Cuid de |
Q107556238 ![]() ![]() | ||||||||||||
Achar dromchla |
8.6 km² ![]() | ||||||||||||
Airde |
10 m ![]() | ||||||||||||
Ar theorainn le | |||||||||||||
Sonraí stairiúla | |||||||||||||
Cruthú | 1366 | ||||||||||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||||||||||
• Mayor of Guernica y Lumo (en) ![]() ![]() |
José María Gorroño Echebarrieta ![]() | ||||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||||
Cód poist |
48300 ![]() | ||||||||||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||||||||||
Glaochód |
94 ![]() | ||||||||||||
Eile | |||||||||||||
| |||||||||||||
Suíomh gréasáin |
gernika-lumo.net… ![]() |
Is cathair bheag í Gernika (Bascais) nó Guernica as Spáinnis i dTír na mBascach i dtuaisceart na Spáinne. Tugtar Gernika-Lumo go hoifigiúil ar an gcathair mar gheall ar aontas le baile Lumo.
Tá an chathair lonnaithe i gcúige Bizkaia (Bascais) nó Vizcaya (Spáinnis). Suíonn Junta nó parlaimint Bizkaia ann. Tá dlúth-bhaint idir an chathair, príomhchathair ársa Thír na mBascach, agus náisiúnachas na mBascach mar bhailíodh Comhthionóil traidisiúnta Bizkaia ann faoi dhair, an Gernikako Arbola.[1]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Taobh amuigh den Spáinn tá cáil ar an gcathair mar gheall ar an bpictiúr a pheinteáil Pablo Picasso i 1937 den aerbhuamáil an Léigiúin Condor den Luftwaffe ar an gcathair le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.
Scriosadh trí cheathrú den baile agus maraíodh na céadta (ar a laghad) ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.[2] Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini.
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Liz Curtis (Sam 2005). "Tionscadal a thugann daoine ón dá thraidisiún le chéile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
- ↑ Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 73 · BEALTAINE 2007). "Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Suíomh Oifigiúil i mBéarla, Bascais agus Spáinnis
- Íomhá Guernica, pictiúr Phicasso