Robert Capa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Robert Capa
RobertCapabyGerdaTaro.jpg
Saol
Ainm iomlánEndre Ernö Friedmann
Eolas breitheBúdaipeist, 22 Deireadh Fómhair 1913
NáisiúntachtFrainc
Ríocht na hUngáire
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchaisAn Araibis
BásThái Bình (en) Aistrigh, 25 Bealtaine 1954
Cúis bháistimpiste (gléas pléascach)
Muintir
AthairDezsö Friedmann
MáthairJúlia
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Páirtí/PáirtitheGerda Taro (en) Aistrigh
Oideachas
Teangachaan Béarla
An Ungáiris
Gairm
Gairmcomhfhreagraí cogaidh, grianghrafadóir, grianghrafadóir cogaidh, fóta-iriseoir, iriseoir, scríbhneoir agus professional photographer (en) Aistrigh
Áit oibreSperlinga, Castle of Sperlinga (en) Aistrigh, Vín, Páras, Beirlín, Búdaipeist, Iosrael, Iodáil, Daon-Phoblacht na Síne, Barcelona agus Thái Bình (en) Aistrigh
Saothar iomráiteachThe Falling Soldier (en) Aistrigh
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiErnest Hemingway
GluaiseachtRéalachas
SloinnteRobert Capa
Gluaiseacht ealaíneealaín fíortha
Seirbhís mhíleata
Brainse míleataFirst Carrier Division (en) Aistrigh
Throid sé/sí agAn Dara Cogadh Domhanda
Battle of Troina (en) Aistrigh
Cogadh Cathartha na Spáinne
IMDbnm0134906

Grianghrafadóir agus fóta-iriseoir ab ea Robert Capa, nó Endre Ernő Friedmann. (22 Meán Fómhair 191325 Bealtaine 1954).

Grianghraf a thóg Capa, Le Barcarès, An Fhrainc. Márta 1939.

Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.[1] Chreid sé gurb é an bealach is fearr chun a fháil amach cad é a bhí ag tarlú ná é féin a chur gualainn ar ghualainn le saighdiúirí créachtaithe agus le daoine misniúla a chonaic sé trí shúil a cheamara.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Capa and John Steinbeck, Feabhra 1948

Rugadh Endre Erno Friedmann i mBúdapeist sa bhliain 1913 de bhunadh Giúdach. Níos déanaí ghlac Friedmann an t-ainm Robert Capa chuige féin le bheith níos cosúla le hainm Meiriceánach.

Bhí suim aige i bpolaitíocht na tíre agus bhí sé gnóthach i bhfeachtas in éadan an rialtais ag an am – gníomh a spreag é chun an Ungáir a fhágáil le dul go Berlin agus ansin chuig an Fhrainc. Thosaigh sé amach ag iarraidh a bheith ina scríbneoir ach fuair sé obair i mBerlin mar grianghrafadóir agus thaitin an obair go mór leis.

Bhuail sé i bPáras leis an Ghiúdach mhná as an Pholainn, Gerda Taro, a bhí ar a coimeád ó na Naitsithe. Thosaigh caidreamh grámhar agus gairmiúil eatarthu. Thaisteal an bheirt acu le chéile ag tógáíl grianghraf i dtíortha a bhí i gcoimhlint lena chéile.

Bhí Capa ar láthair chogaidh cúpla uair:

Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’

Ba chara Capa leis an scríbhneoir John Steinbeck agus thaisteal sé go dtí an Rúis ina chuideachta sa bhliain 1947. Tá pictiúir a ghlac sé le feiceáil sa chur síos greannmhar a scríobh Steinbeck faoin turas – A Russian Journal.

Sa bhliain 1947, bhunaigh Capa Magnum Photos le Henri Cartier- Bresson, William Vandivert, David Seymour agus George Rodger.

Bhí caidreamh ag Capa leis an aisteoir Hollywood Ingrid Bergman. Bhí sise ag iarraidh go bpósfadh siad, ach ní raibh Capa ag iarraidh bogadh go Hollywood. Bhunaigh Alfred Hitchcock, a scannán Rear Window ar chaidreamh míshocair na beirte.

Bayeux

D'éag Capa i mbun a gcuid oibre sa bhliain i1950 in iardheisceart na hÁise le linn an chogaidh san Ind-Sín.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá conspóid ar bun anois faoi iontaofacht pictiúr clúiteach amháin a ghlac Capa a thaispeáineann mílísteoir Spáinneach ag rith síos le fána á scaoileadh le hurchar agus é ag titim sa ghleo.

Is pictiúr íocónach é an ‘Saighdiúir ag Titim’ ach deir an léachtóir José Manuel Susperregui nár glacadh é ar an mhachaire chatha i Cerro Murianao, mar a chreidtear, ach in áit tuaithe eile darb ainm Llano de Banda, cúig míle fichead ar shiúl. Rinne Susperregui, a mhúineann Cumarsáid in Ollscoil Thír na mBascach agus an ghrianghrafadóireacht mar shaincheird aige, mionscrúdú ar an phictiúr agus maíonn sé nach bhfuil tírdhreach an phictiúir ag teacht le tírdhreach Cero Muriano.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Ceamara a d’inis bréag?" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-08-03.