Henri Cartier-Bresson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba ghrianghrafadóir Francach Henri Cartier-Bresson (* 22 Lúnasa 1908; † 3 Lúnasa 2004). Meastaí gurb é fíor-mháistir ghrianghrafadóireachta sa mbeo ag úsáid an cheamara fhoirméid bhig ceamara rangefinder.

Síleann go leor gur é athair na grianghraifiriseoireachta. Ní bhaineadh Cartier-Bresson feidhm ach as ceamara rangefinderLeica 35 mm, ag úsáid gnáthlionsa 50 mm, nó corr-uair lionsa teileafóto le haghaidh léargais. Maraon le Robert Capa agus grianghrafadóirí eile, chuir Cartier-Bresson Magnum, an chéad comhoibreas grianghrafadóireachta ar bun i 1947.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Rugadh i 1908 i Chanteloup-en-Brie na Fraince Henri Cartier-Bresson de thuismitheoirí compórdacha meán-aicmeach. Chuir sé suim sa ghrianghrafadóireacht luath sa saol. Agus é ina bhuachaill, bhí Box Brownie ag Cartier-Bresson, ar bhain sé feidhm as le pictiúir laethanta saoire a thógáil. Níos déanaí, dheineadh sé trialacha le ceamara feiceála 3 1/4" x 4 1/4" . Chuidigh traenáil Cartier-Bresson san ealaíon go luath sa saol leis (rinne sé staidéar ar phéintéireacht ar feadh dhá bhlian i stiúideó i bPáras) bheith an-ghéar i gcur le chéile pictiúir, féith a bhí go láidir ina chuid oibre.

I 1931, agus é 22 bliain d'aois, chuaigh Cartier-Bresson go dtí fásach san Afraic Thiar mar shealgaire. I ndiaidh bliana, d'fhill sé ar bhFrainc tar éis bheith tinn le blackwater fever, sórt malaria trom. Agus é ag dul i bhfeabhas is ea a tháinig an ghrianghrafadóireacht chuige i gceart. D'insíodh sé níos déanaí faoin gcaoi a dhéanadh sé faire sna sráideanna i gcaitheamh an lae, agus é ag aireachtáil mar a bheadh ainmhí fiáin ullamh chun fola, agus beart aige greim a bhreith ar an saol, chun an saol a choimeád beo tré shealbh a thógáil air.

Nuair a bhris an Dara Chogadh Domhanda amach, rinne Cartier-Bresson seirbhís ghearr in Airm na Fraince. Le linn Chogaidh na Fraince, ghabh na Gearmánaigh é. Tar éis dhá iarracht gan ráth, d'éalaigh sé ó champa príosúnaí cogaidh, agus d'oibrigh sé leis an Résistance go deireadh cogaidh. Nuair a ceapadh marbh i 1946 é, chuir an Músaem Um Ealaíon Nuaaimseartha (MOMA) i Nua Eabhrac taispeántas iar-mbáis ar bun dó.

I 1947, chuidigh Cartier-Bresson an ghníomhaireacht grianghrafadóireachta Magnum a chur ar bun. Thóg tionscnaimh a rinne sé do mhór-irisí trasna na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh] é, go dtí an India, an Rúis agus an tSín. Foilsíodh a lán leabhar dá chuid grianghrafanna sna 50í agus sna 60í; ba é The Decisive Moment (1952) an ceann ba mhó clú. Sa leabhar sin, dúirt Cartier-Bresson faoin nóiméad cinniúna sin: "an taitheantas comhuaineach, i gcodán soicinde, de thábhacht tarlúna, chomh maith le hordú beacht na bhfoirmeacha a thugann don tarlúint sin a urlabhraíocht cheart... sa grianghrafadóireacht, féadann an rud is lú a bheith ina shárchuspóir. Féadann an sonra beag daonna a bheith ina leitmotif.

Céim mór dá chuid oibre a bhí san iar-thaispeántas ollmhór, le 400-íomhá, a chuaigh ar fud SAM i 1960. Thóg sé Craobh Hasselblad i 1982.

Cailleadh Cartier-Bresson ag Céreste (Alpes-de-Haute-Provence, an Fhrainc) ar 3 Lúnasa 2004 agus 95 bliain air.

Naisc seachtacha[athraigh | edit source]